Friday, January 05, 2007

Bata agus Bóthar

Nuair a léigh mé Dé Chéadaoin go bhfuair Robert L. Nardelli bata agus bóthair ó Home Depot ní raibh mórán ionaidh orm, nochtaigh sé chomh aineolach agus atá sé nuair nach raibh sé toilteanach ceisteanna na scairshealbhóirí a fhreagairt anuraidh..........Ach cad faoin mbronntanais deas sin ina chúl phóca? $210 milliún. (An leor sin don fear bocht?……) Cén saghas stiúrthóirí atá ann? Tá dream nua ó na scairshealbhóirí sílim.

Rinne mé an cinneadh ansin díreach an siopa seo a sheachaint ach aréir bhíos ag siopadóireacht ar son gléas níocháin nua (don gréithe, thosnaigh an seana cheann ag sceitheadh) agus tharla nach raibh an ceann atá uaim le fáil i Sears….ach bhí sé le fáil in Home Depot, dúradh linn. Ceann áirithe atá i gceist má théann sé faoin doirteal, ní bhíonn na cinn seo le fáil gach áit.
Hmm….Bhíos díreach tar éis cinneadh a dhéanamh an siopa seo a sheachaint……. Bhí orainn taighde a dhéanamh teacht ar an ngléas i siopa eile agus d’éirigh linn sa deireadh i Lowes.

Níor lean an Líonra Sóisialta ró fhada?

1 comment:

Conn said...

Níor lean, buíochas le Dia!

;)

'Sí an fhírinne gur mhair An Líonra Sóisialta an tréimhse a bhí leagtha amach dó ón tús. 12 seachtain, 59 eagrán. Leagadh clár oibre amach agus cuireadh i gcrích é go h-iomlán. Jab déanta (cé go bhfuil cuid den obair riaracháin fós le críochnú agam).

Ach ar shlí eile - níl críoch leis. Tá lucht éisteachta nua á aimsiú aige i gcónaí. Tá sé suimiúil go bhfuil oiread cuairteoirí nach mór ag an suíomh i mí Eanáir agus a bhí aige i mí na Nollag!

Beir bua!
Conn