Thursday, February 03, 2011

Easpa Rogha



Is droch nós é, dar liom, cait a choimeád taobh istigh sa tigh a saolta iomlán. Bíonn a n-úinéirí cinnte go bhfuil saolta iontacha ag a bpeataí laistigh, nach bhfuil saolta compordacha sa teas acu nuair a bhíonn idir sneachta agus sioc taobh amuigh againn?....agus is aoibhinn le cait an teas tá a fhios agam, feicim Púca agus Banba, ár gcait féin, sínte amach os comhair na tine gach lá, ach ní bhíonn drogall orthu am a chaitheamh lasmuigh i rith an lae, ag siúl go cáiréiseach ar dhromchlá an bhrait bháin.

Ach ciallaíonn i bhfad níos mó leis an teideal Indoor Cats ná iad a choimeád slán sa tigh. De ghnáth baintear crúba na gcat sin díobh, deirtear nach mbíonn na crúba uathu taobh istigh.... Mar níl namhaid acu laistigh, agus ar ndóigh ní féidir leo an troscán a mhilleadh lena gcrúba géarra sin ach an oiread. …Cuirtear faoi scian in oifig an thréidlia iad. (Cén cineál tréidlia a dhéanadh é seo?) Agus nuair a bhíonn an teascadh seo déanta ní féidir leo dul lasmuigh riamh arís; bheidís i mbaol i gcónaí agus iad curtha ó chumas féinchosaint, gan in ann rith suas stoc chrainn fiú-i ngéibheann as sin amach. Ach bíonn siad sláintiúil agus sásta a deirtear liom. Cé a deir é sin? na cait féin?

Ba chóir go mbeadh áthas ar na cait seo atá i ngéibheann! agus sásta leis! Ní bhíonn orthu cur suas le saoirse agus gach rud a bhaineann léi. Ní gá a bheith ag fiach!

B'fhéidir go bhfuil cuid acu résúnta sásta agus áthasach go leor mar ní raibh saoirse riamh acu: B’fhéidir nach dtuigeann siad go bhfuil mórán ar bith cearr le heaspa cumhachta? Ach cén fáth mar sin go bhfeicim cait mo comharsan ina suí i gcónaí ar leac a bhfuinneoige fad is a bhím ag siúl thart, agus iad ag féachaint lena súile glasa orm agus ar an saol saor lasmuigh?




2 comments:

Mise Áine said...

Ní fhéadfainn é a dhéanamh, ar ór ná ar airgead!

@ 'Cén cineál tréidlia a dhéanadh é seo?'

An bhfuil sé ceadaithe, de réir dlí?

Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhne said...

Tá brón orm a rá go ndéanann alán acu an obráid seo - dochreidte ach faraor níl sé as an ngnáth.