Friday, January 20, 2012

Aige Baile As Baile!



Tugaim an focal Baile ar Éirinn go fóill - aon uair a labhraím fúithi, agus déarfainn nach mbeidh aon athrú ar sin, ach ag an am céanna má bhím ag taisteal sa tír seo ciallaíonn an focal Baile le Nua Eabhrac, seans gur rud aisteach é sin nó seans nach rud aisteach é sin ar chor ar bith; Braitheann an coincheap féin leis an áit ina bhfuilim b'fhéidir? ar leibhéal inmheánach is í Éireann mo bhaile ach bím sa bhaile i Nua Eabhrac, cé acu i lár na cathrach a bhím nó faoin tuath i dtuaisceart an stáit.
Is í an íomhá is mó a bhíonn forleathan faoi eisimircigh ná dream a mbraitheann uathu a dtír dhúchas i gcónaí agus síor-fhonn orthu dul thar n-ais chuici, drogall orthu a bpáistí a thógáil in aon áit eile - ach ní i gcónaí a bhíonn sé sin fíor. (cé go mbíonn sé fíor go minic) Oireann saol an imircigh liom cé go bhfuil tírghrá domhain agam agus ní dóigh liom go bhfuilim i m'aonar mar is treibh fhánach shiúlach sinne.......agus ní dóigh liom go mbraitheann ár bhféiniúlacht ar ár n-áit chónaithe.

Ach bhí an t-ádh dearg orm, agus sílim go mbíonn i ndáiríre, bíonn mo bhuidéal leath lán.... Nuair a bhogas anseo bhí na hacmhainní agam dul go Éirinn chomh minic agus a bhí orm, nó dúil agam, dul. Bhí cárta uaine agam taobh istigh ceithre bliana -  mar sin ní rabhas riamh buartha faoin gcinneadh fanacht anseo, níor bhraitheas riamh gafa sa tír sa dóigh in a mbíonn mórán imirceach. Sílim go bhfuil difríocht bhunúsach idir meonta na n-imirceach a thagann ar víosa agus meonta iadsan a dtagann gan pháipéir in ord agus in eagar acu.
B'fhéidir más duine gafa thú go mbíonn na cnoic i gcéin, nó sa bhaile sa chás seo, ana ghlas ar fad?

1 comment:

Anonymous said...

Is gnáth dom "mo sheanbhaile" a thabhairt ar an áit a rugadh is a tógadh mé agus "mo bhaile" a thabhairt ar an áit a bhfuil mo shop anois.

Ní héasca an t-idirdhealú sin nuair a bhím ag cur amach sa bhéarla!!


Fearn