Chonacthas comhoibriú i Nua Eabhrac an tseachtain seo chaite idir The
Irish Echo agus Ollscoil Fordham le tacaíocht ó roinnt comhlachtaí eile. Comhdháil
thar dhá lá a bhí i gceist agus í lonnaithe i bhfoirgneamh Fordham i
Lincoln Center. "New York / New Belfast" (NY/NB) an t-ainm a bhí ar an
gcomhdháil agus ba é a cuspóir ná ceangail níos láidre idir na cathracha
a chothú trí chúrsaí gnó agus cultúr. Bhí clár maith ann oíche Dé
Chéadaoin agus an lucht éisteachta faoi dhraíocht na gcainteoirí,
Christine Quinn, Pete Hamill, Terry George agus Fr Joseph McShane SJ ina
measc. Is minic a fhágtar cúrsaí teangan taobh amuigh d'imeachtaí a
mbaineann le Éirinn sa tír seo, ach ní hé mar a tharla sa chás seo de
bharr dearcadh Mhairtín Ó Muilleoir (Belfast Media Group) chuig an
teanga. Is teanga beo í an Ghaeilge i saol Uí Mhuilleoir agus tógann sé
gach seans í a labhairt agus tacaíocht a thabhairt do lucht na Gaeilge
más féidir leis, pé áit ina bhfuil sé.
Is léir dúinn nach
maireann an teanga taobh amuigh cúrsaí eacnamaíochta; ní chónaíonn sí i
stair na tíre amháin ach i saol comhaimseartha na tíre. Bhí sé sin
sofheicthe thar thréimhse an tíogair nuair a chonacthas athbheochan i
ngach gné dár gcultúr, ní hamháin in Éirinn ach anseo i Meiriceá agus
timpeall an domhain chomh maith. D'éirigh muinín agus bród i gcroithe na
nGael agus ba mhór an scannal agus an díomá é ansin do gach mac agus
iníon macánta Fhódla teacht ar drochscéalta in áiteanna ard agus ísle
faoin tsaint agus faoin gcíocras airgid a tháinig ar an bhfód thar an
tréimhse céanna.
Bhí sé suimiúil mar sin Chaoimhín Mac Giolla Mhín a chloisteáil ag an
gcomhdháil seo agus an t-eolas a fháil go bhfuil mórán tionscnamh anois
timpeall na sé chontae a bhfuair tacaíocht ón g
Ciste Infheistíochta na Gaeilge le bliain nó mar sin anuas, agus go bhfuil airgead fós sa sparán
aige cabhair a thabhairt d'fhorbairtí teanga sa cheantar. Má fheictear
go bhfuil ról ag an nGaeilge sna geilleagair bheaga áitiúil éireoidh
léi, agus má
bhíonn poist i ngnó le fáil ina mbeidh dátheangachas tábhachtach
leanfaidh
suim agus bród sa teanga ar aghaidh. Níl tuilleadh fáinní eochracha nó
mataí luiche nó bruscair mar sin ó dhuine ar bith ach fíor gnóthaí a chur ar bun agus an bhéim ar an teanga le fáilte roimh
dátheangachas.
Anois agus an deisceart ag bacadradh ar aghaidh i marbhshruth an ribe
deireanaigh ó eireaball an diabhal tíogair tá sé níos tábhachtaí ná
riamh an dearcadh dearfach chuig an teanga a chóiméad agus, gan dabht, é
a chothú - agus a n-admhaítear go coitianta go bhfuil ról nach beag aici i dtodhchaí na tíre, idir thuaisceart agus deisceart.