Sunday, December 14, 2014

I ndilchuimhne ar 20 páiste idir 5 agus 6 bliana d'aois a fuair bás: 14 Nollaig, 2012


Sléacht na Soineantachta

Brionglóid:

Feicim iad faoi ghealsholas na maidine.

‘S iad dreapadóireacht anuas
Céimeanna arda óna mbus mór buí
Ar chosa beaga tanaí.

Málaí ollmhóra ar a ndromanna caola;
Bándearg cuid acu, dearg agus dúghorm cuid eile,
Maisithe le capaillíní ‘s laochra an lae.
Gan mórán iontu ach cóip leabhar,
Leabhairín léitheoireachta,
Bosca lóin agus pinn ildathacha.

Ansin iad ag rith isteach,
Nuair nach gceadaítear rith.
Gáirí agus cabaireacht le cloisint,
Aghaidheanna beaga nite.
Fiacla diúile
Miongháirí mantacha.
Gealfhiachlach
Gealgháireach.

Réidh le Síog na Fiacaile.
Réidh le Daidí na Nollag.
Réidh le gnáth lá eile.



 

Friday, September 19, 2014

Ainm Eile ar Náisiúnachas

Is mó a chloistear le déanaí faoi deireadh náisiúnachais, gur bhain an coincheap sin leis an naoú haois déag ar an gcéad dul síos, go nóisean seanfhaiseanta é, agus níos tábhachtaí fós ná go gcothaíonn sé easaontas agus achrann idir pobail. Táimid thar náisiúnachas is cosúil.
Ní bhaineann féiniúlacht le náisiúnachas níos mó ach an oiread, ach le cultúr amháin. Téann féiniúlacht agus cultúr le chéile agus ba cheart náisiúnachais a fhágáil taobh amuigh. Tá tírghrá ceart go leor áfach -  chomh fada nach bhfuil puinn náisiúnachais ann!!
Ní fheadar a dtagann náisiúnachas as neamhionannas agus leithcheala nó as a mhalairt; ach cinnte téarma atá ann a cheanglaíonn daoine le chéile in áit áirithe nó ar son áite áirithe, téarma a chothaíonn mothúcháin láidre agus doimhneacha.
Bíonn féiniúlacht agus cultúr bunaithe ar an saol a roinnt in áit áirithe nó ar ndóigh ar an saol a roinnt le daoine áirithe; meonta atá iontu a cheanglaíonn dreamanna le chéile. An é go bhfuil an focal "Náisiúnachas" in-ghlactha anois mar fhréamh ar chúrsaí agus gluaiseachtaí pholaitíochta, agus go nglactar le córas cónaidhmeachta nó feidearálachas mar chóras comhaimseartha? An leanfaidh náisiúnachas faoi thalamh mar sin - ní imíonn mothúcháin faoi thalamh fiú muna bhfuil focal ceart ann iad a chur in iúl, fíric atá le feiscint timpeall na cruinne.

Friday, May 23, 2014

Injustice for the sake of the Law

 
ciontach1, m. (gs. & npl. -aigh, gpl. ~). Offender, transgressor; guilty person. Cion an chiontaigh ar an neamhchiontach, the innocent suffers for the crimes of the wicked. Ó Dónaill, 1977


In a leabhar On Reason: Rationality in a World of Cultural Conflict and Racism luann Emmanuel Chukwudi Eze coincheap an mhaithiúnais ar son an daonlathais, go háirithe i réiteach coinbhleachta ón dara cogadh domhanda i leith, éagóir ar son an dlí. Tugann sé samplaí ó chogaidh difriúla agus na réitigh a baineadh leo le babhta idirbheartaíochta. Fadhbanna crua le réiteach i ngach cás acu, cuid acu fiú dodhéanta a réiteach. Pléann sé an córas cine dheilte san Afraic Theas mar shampla, agus coipigh cogaí ón Ghearmáin tar éis an chogaidh. Osclaíonn sé an sean cheist, an bhfuil maithiúnas ná pardún ar son caidreamh idirnáisiúnta ceart nó coir? agus cad é tionchar chóras mhaithiúnais ar an té a bhí faoi mhursantacht duine, dream nó réim?

Bhí scéal Jean McConville, a dúnmharaíodh i 1972, ar leathanach tosaigh an New York Times inné. Where‘Say Nothing’ Is Gospel, I.R.A. Victim’s Daughter Is Talkin. Fágadh a dúnmharú deichniúr idir 6 agus 16 ina ndílleachtaí agus ina mbalbháin de dheasca faitíos agus bitheagla. Deir iníon an íobartaigh, Helen, 56 anois, gur lean an polasaí maidir le bulaíocht agus ciapadh ar aghaidh orthu sa bhaile i mBéal Feirste, fad is a bhí a fhios ag cách sa cheantar beag inar mhaireadar cérbh iad na dúnmharfóirí. Anois daichead bliain dár gcionn tá sí bréan de, agus ní féidir léi a bheith  ciúin níos mó. An labhraíonn sí ar son daoine fuadaithe timpeall an domhain? 

Cén cineál duine a mharaigh an bhean seo agus cé hiad a bhí leis nó léi? Cé mhéad atá ciontach? Cúigear? Deichniúr? Níos mó? An dtuigeann siad nach rabhadar ach mar Dhúchrónaigh an droch lá sin daichead bliain ó shin? An bhfuil sé ceart nó coir go bhfuil polasaí i réim ó shin atá caoch ar an dúnmharú seo óir go mbeadh sé ródheacair, nó róchasta b’fhéidir, daoine a fháil ciontach – agus go mbeadh ciúnas ní ba fhusa go dtí go mbeadh an clár dúnta ar an té a scaoil léi?

Wednesday, April 30, 2014

Peann lándúch agam ach gob!


Is balbhán mé le déanaí!
Bhuel, ní féidir a rá go bhfuilim im fhíor-bhalbhán ach níor scríobh mé anseo le tamall anuas.
D'imigh an t-am isteach níos tapúla le déanaí ba chúis leis! - Amaideach, tá a fhios againn nach imíonn an t-am isteach níos tapúla!
Ní hé nach rabhas ag smaoineamh! Bíonn an iomarca smaointe ag rith tríom ó lá go lá ach cad é an bac seo a bhíonn sa dtreo?
Colaistéaról an scríbhneora - Conas é a ghlanadh amach as na féitheacha?
- Cosc ar an snámh an bhrachta. - Díomá, brón nó áthas, aoibhneas, gliondar, lúcháir nó, faraor níos measa, gnóthaí an tsaoil, agus.....leisce.
Ach saol iontach suimiúil gnóthach ríméadach!
Peann lándúch agam ach gob!

Wednesday, January 15, 2014

Cuaifeach Fuatha ag Éirí



Blianta ó shin bhíodh an nós agam cúpla focal a scríobh faoi na leabhair a bhíos ag léamh, ansin d'éirigh mé as an nós, ní fheadar cén fáth, anois seo liom thar n-ais ag roinnt mo thuairim faoi leabhar.  Mhol cara liom an ceann seo díreach roimh na Nollag agus tá áthas orm gur léigh mé é.

Chríochnaigh mé The Invisible Bridge (Vintage Contemporaries)  le Julie Orringer an tseachtain seo caite, leabhar a bhí i gcomhluadar liom ar feadh coicíse. Osclaíonn imeachtaí an scéil seo i Budapest i 1939, áit a bhfuil an príomh charachtar, Andras ina chónaí. Is Giúdach óg é Andras, 22 bliana d'aois ag tús an scéil, agus é ar tí an chéad chéim a ghlacadh mar fhear fásta. Ba mhaith leis a bheith ina ailtire, ach tá air bogadh go coláiste i bPáras de dheasca fríth Ghiúdachas ina thír féin. Cuireadh tús le cosc ar oideachas ar an tríú leibhéal do na Giúdaigh timpeall an ama seo, agus fad is a bhíonn Andras ag iarraidh a shaol a eagrú i bPáras feictear saolta a threibh trasna na hEorpa ag titim ina phraiseach agus cearta sibhialta bainte uatha i ngach gné dá saolta de réir a cheile. Cailleann Andras, a chlann agus a chairde smacht ar gach a bhfuil acu, go dtí go bhfuil an rud deireanach, a ndóchas féin, bainte uathu. Cheapas go raibh scil nach beag ag an údar seo carachtair réalaíocha a chruthú, bhíodar dóchasach agus iad óg, ag baint súp as an saol, ag titim i ngrá agus cinnte go mbeadh gach rud níos fearr sa todhchaí. Bhí an t-ádh dearg air cuid acu agus mí-ádh air cuid eile. Ach rud amháin a bhí acu go léir ná nár thuigeadar an fuath agus an ghráin a bhí dírithe orthu.

(Ní nach ionadh.
Sin rud nach dtuigim féin.
An tUileloscadh?)

Is é seo an chéad úrscéal foilsithe ag Julie Orringer agus anois is arís, go mór mhór sa tarna leath, cheapfá gur sobal-dhráma a bhí ann leis an méad comhtharlaithe agus an nós teacht ar tarrthálaithe ar an nóiméad práinneach, ach chomh luath agus a bheadh smaoineamh mar sin agam d'éirigh mé as de bharr imeacht éigin stairiúil fite go dlúth sa scéal. Is leabhar fada go leor é, ní fheadar cé mhéad leathanach atá ann mar léigh mé ar mo Kindle é, ach bíonn an t-am ag an léitheoir aithne mhaith a chur ar na carachtair go léir, agus as sin a gcinntí a thuiscint san atmaisféar tragóideach ina rabhadar.
Braithimid an cuaifeach fuatha ag éirí níos láidre agus sinn agus iad éagumasach roimhe. Cé go bhfuil leabhair go leor leite agam faoin dara cogadh domhanda ní cuimhin liom ceann lonnaithe san Ungáir, agus go dtí seo caithfidh mé a admháil nach raibh mórán eolais agam faoi cúrsaí pholaitíochta sa tír sin thar na blianta dorcha san 1939 - 1945 ach an oiread. Is leabhar ficsean é The Invisible Bridge ach tá sé bunaithe ar scéalta shean tuismitheoirí an údair, agus is léir gur dhein sí taighde domhain ar an ábhar mar cíorann sí gach gné den scéal san Ungáir agus sa bhFrainc ó thaobh staire agus suíomh de.
Tá scéalta brónacha bunaithe na cogaidh dhomhanda mar seo againn cheana féin ar ndóigh, ach fós féin is fiú cuairt a thabhairt ar an ábhar arís is arís eile, dar liom, ní bheadh sé rómhaith dearúd a dhéanamh ar an tréimhse sin riamh.