Monday, November 11, 2019

Céad Slan le Gaybo



Is fíor cor cinniúna é bás Gay Byrne. Deirtear gur thosnaigh athruithe móra na tíre le linn a shaol,
ó na sean laethanta nuair a bhíodh an pobal faoi stiúir (brú!) na heaglaise, chuig an nua aois,
pobal comhaimseartha, foghlamtha agus i bhfad níos oscailte.  Nuair a bhíodh sé i mbarr a
réime ní raibh drogall ar Gaybo míghnaoi daoine áirithe a tharraingt ar féin, mar chuirfeadh
sé na ceisteanna deacra ar na polaiteoirí, ar na sagairt agus eile gan leithscéal a ghabháil
nuair nach raibh éinne eile toilteanach na ceisteanna céanna a chur. Thabharfadh sé seans
do dhaoine teacht beo ar a chlár raidió a bhfadhbanna a phlé, fiú fadhbanna pearsanta agus
bhíodh sé réasúnta ómósach i gcónaí, cé go raibh sé ceanndána go leor ar uairibh ar an teilifís dar liom.


Déarfainn go raibh tionchar nach beag ag Gaybo ar mo thuismitheoirí féinig, d'fhéachadar ar
an gclár gach seachtain, agus d'éist mo mháthair leis gach maidin. Chonaic mé oigheann
micreathonnach agus dlúthdhiosca don chéad uair ar a chlár, rudaí nua draíochta!!!
Ach an smaoineamh is soiléire atá agam faoin gclár ná go raibh cead agam agus ag mo
dheirfiúr féachaint ar Seó na mBréagán gach bliain díreach roimh na Nollaig.
Bhíodh mo pheann luaidhe agus píosa páipéar agam chun tús a chur le mo litir go
Daidí na Nollag. Faraor ní dóigh liom go bhfuair mé oiread is rud amháin a bhíodh ar an
liosta sin riamh, ach bhíos i gcónaí dóchasach.


Céad Slán.