Thursday, June 30, 2005

PC prob

My PC, a yearling, has been giving trouble. Seems to be hardware, have to get a technician out to check it. Still under extended warranty.
omg! Rain for three days, not panicing yet, though it reminds me of that summer holiday in west cork when it rained continually for a week.

Later..........

Apparently its not so good to have one’s dog snuggled up under one’s desk with the PC, especially if she sheds, and especially during hot weather when, along with the temperature, the shedding is at a high . The inside of my machine had a nice insulating layer of dust and dog hair rendering the cooling fan useless, apart from of course sucking in the dog hair along with the dust.

Alls well for now.

Monday, June 27, 2005

Saor ón gClog

Níl mórán le rá agam faoin deireadh seachtaine seo, de dheasca an teas b’fhéidir. Tá sé an-te le déanaí, 96 (35Cel) inné agus é geallta inniu chomh maith. Cé go bhfuil AC agam san oifig níl aon fonn orm a bheith ag obair nó ag déanamh ceo ar bith. Tuigim go mór Siesta na laethanta seo. Bíonn sé ró the dul amach ag siúil le Cara fiú.

Tháinig mo mháthair ar chuairt míosa, bíonn cabhair uaithi os rud é go raibh stróc aici beagnach deich mbliana ó shin agus í lán de bhrí ag an am sin. Bhain cúrsaí an mí seo chaite, an timpiste, an feitheamh, agus ansin sochraid Mhaire, neart aisti chomh maith agus bhí sí ag caitheamh an iomarca ama léi féin aige baile i gcathair Luimní. (Tháinig mo dheirfiúr léi ar an eitilt ag tabhairt cabhrach ach d’imigh sise ar ais go Tiobraid Árann díreach.) Tá súil agam nach gcuireann an teas seo isteach uirthi, ach bíonn sí i gcónaí fuar i Luimneach!

Bhíomar ag féachaint ar an PGA Golf inné ó Westchester Country Club nach bhfuil ró fhada uainn anseo. Fuair Pádraig Harrington ó BAC an chéad duais agus bhí áthas orainn, bíonn dreach gealgháireach air i gcónaí, fiú má bhíonn sé ar tí an cluiche a chaill. Cé nach mbím ag féachaint ar Golf de gnáth anseo tá an-taithí agam ar an gcluiche. Nuair a bhíos i dteach mo thuismitheoirí bhíodh na cuirtíní dúnta i gcónaí tráthnóna Shathairn agus Gailf, Leadóg nó Rugby ar an teilifís acu agus iad ina laochra na gcathaoireacha uilleann.

Tá na buachaillí críochnaithe le scoil anois, táimid go léir saor ón gclog, buíochas le Dia.

Wednesday, June 22, 2005

Bean Seoighe


Ceathrar anois gan a máthair mín macánta móraigeanta
Beirt chailíní óga gan a seanmháthair ghealgháireach ghrámhar
Seanduine tinn gan a bhean dílis
Beirt fhear gan a deirfiúr chineálta cheanúil
Triúr ban gan a deirfiúr chéile mhórchroíoch lách
Dáréag againne gan ár n-aintín fial flaithiúil
Riamh arís a guth caoin síodúil
Comharsanacht gan a chara séimh suairceasach
SeanMhuintir Eas Geiphtine agus Barraigh Eoin fé bhrón a mbris
Bean seoighe de bunadh de Bhál thar n-ais aige baile ina leaba chaol

Ar ais atáim tar éis turais gearr go hÉirinn. Turas brónach chuig sochraid Mháire a fuair bás de dheasca sotalach mná áirithe. (Tá an scéal ag dul timpeall anois nach raibh fiú an triail thiomána cheart déanta ag an mbean, an bangharda úd.)
Anois tá Máire in a luí in aice a deartháir is sine, m’athair, nach bhfuil curtha ansin ach sé mhí, trócaire Dé orthu beirt. Tá siad i reilig bheag iargúlta in iarthar Luimní ar bhruach na Sionna, cois oileáin bhig ina rugadar, Aughinish, ag féachaint i dtreo éirí na gréine, i measc a seanamhuintir.
Tabhair dí radharc Ort i soilseacht Do ghlóire

Thursday, June 09, 2005

The Human Stain

Léigh mé The Human Stain (le Philip Roth) an tseachtain seo. Chríochnaigh mé ar maidin é, bhíos i mo shuigh go luath arís. Cheapfá ón gcéad caibidil gur leabhair a bhaineann le ciníochas atá i gceist anseo ach gan mhoill tuigtear gur bhfuil an scéal i bhfad níos doimhne ná a cheapfá ar dtús. Leabhar iontach sílim a bhaineann le hypocrisy i nádúr an cine daonna ar leibhéil éagsúla. Bunaithe i 1998, le scéal the impeachment of Bill Clinton mar chúlra, is scéal faoi saol ollaimh in ollscoil áirithe i New England atá ann. Ollamh a thit ó grásta de dheasca éad agus uaillmhian a chomhbhádóirí, cé go bhfuil sé soiléir go bhfuil na tréithe seo aige siúd chomh maith, go mór mhór an tarna ceann. (Níl dearmad é gurb é “Brutus” an tarna ainm ar an bpríomhcharachtar) Leis sin tá rún nach beag aige a chóiméad sé breis agus caoga bliain, óna chlann féin fiú. Buaileann carachtair ón uasaicme, an lucht oibre, an lucht oiliúna agus iad atá ligthe i ndearmad; na War Vets, le cheile. (Bhí carachtar an VV saghas ró-oiriúnach don pháirt, “caricature” an focal atá uaim, ach sílim gurb é sin a bhí i gceist ag an údar sa chás seo.) Tá an tuairim ann chomh maith go bhfuil an córas oideachais ag dul in olcas sa tír seo, níl an oideachas clasaicigh le fáil anois sna h-ardscoil, ach bíonn sé sin fíor ar fud an Chéad Domhan, aon domhan is dócha, dar liom. Bíonn eolais eile ag teacht isteach, eolas faoi ríomhairí, gnó agus a leithéid. Nach dtarlaíonn an rud céanna le gach glúin nó tonnta glún. Imíonn focail, eolas agus scileanna, tagann cinn eile isteach san áireamh. Cheapann an t-údar nach bhfuil na mic léinn faoi láthair in ann argóint faoi existentialism, mar a déarfá, agus, níos measa fós, nach mbíonn fiú suim acu i gceo ar bith ach amháin consumerism gan ceist, bhí aiféala air faoi na hathruithe seo.

Wednesday, June 08, 2005

Brevity!

Is riail í ag na Webby Awards nach bhfuil cead ag aon faighteoir níos mo ná cúig fhocal a rá agus é nó í ag glacadh an ghradaim. Bronnadh gradam ar Al Gore oíche Luain, duine atá lán compordach thuas ar an ardán ag tabhairt léachta gan faoiseamh. Agus a “léacht” an oíche seo i NYC? “Please don’t recount this vote”

Tá wireless network srl againn inár dtigh, mar sin is féidir le éinne againn teacht ar cheol éinne eile trí I tunes, fiú lasmuigh sa ghairdín le laptop, ach muna bhfuil tú in ann teacht ar ainm an amhráin is obair gan toradh í. Aréir bhí mé ag iarraidh éist le píosa cheoil a bhí ag dul timpeall m’intinn, ach níor éirigh liom teacht air, theip orm mar ní raibh ainm an bhanna nó ainm an amhráin agam ach amháin an fonn. Mar sin táim ag smaoineamh go mbeadh sé oiriúnach anois voice recognition a bheith againn……… an chéad rud eile atá uainn! Cad faoi na Ipods! Nach leadránach an eachtra í dul timpeall timpeall le do mhéar…...bheadh sé i bhfad níos simplí cúpla nóta a canadh isteach……………..Ochón, ochón, deacrachtaí an domhain.

Monday, June 06, 2005

Layer Cake, ansin fíor foréigean uafásach a bhaineadh geit asainn

Chuaigh Páraic agus mise chuig an scannán seo sa Jacob Burns Film Centre oíche Aoine. Is maith liom an t-ionad seo mar is minic a thagaimid ar scannán ann nach bhfuil le fáil sna hionaid scannáin móra, ní bhíonn le fáil ann ach na block busters de gnáth. Cheap mé go raibh Layer Cake ceart go leor sa genre, Drug Lord Wars agus saoithiúil leis, cé go bhfuil drogall orm a admháil go bhfuil an t-ábhar seo cúis saoithiúlachta nó pléisiúrtha. Bhí an scéal casta agus bhí ana chuid foréigean agus gnéas garbh ann ach caithfidh mé a rá ó mo shuíochán compordach, (ní amháin san amharclann sin ach sa saol chomh maith,) gur bhaineas taitneamh as……Bhíomar tar éis teacht ó bhialann dheas roimh an scannán agus chuamar abhaile lán sásta agus oíche bhreá againn le cheile…......Ansin, baineadh fior foréigean geit nach beag asainn …….. go luath maidin Dhómhnaigh agus mise i gceann des na siopaí áitiúla chuala go raibh trioblóid ar siúil agus go raibh, de réir dealraimh, páiste marbh i gcarr sa chlós páirceála in aice an Deli thíos an bhóthar. Ní tharlaíonn rudaí mar seo inár mbaile, riamh. An duine ó bhaile eile é, í ? Níos déanaí sa mhaidin inné fuaras an t-eolas gur cailín áitiúla, 17 mbliana déag d’aois a bhí i gceist agus fuair sí bás idir 7 agus 8 AM agus í tar éis dul go dtí an Deli, (siopa in a raibh post part aimsire aici,) ag 6:30. Bhí uirthi a bheith ar obair go luath inné. Is cosúil go raibh a iar buachaill (cara) ag feitheamh uirthi ann, rinne eisean an dúnmharú réamhbheartaithe le scian, sháigh sé í ocht n-uaire de dheasca an t- éad a bhí air; chuaigh sise chuig an “Prom” le buachaill eile…………éad……...….…Bhí an cailín bocht seo ar tí críochnú ar an Ard scoil i gceann trí seachtaine agus bhí aithne ag mo bheirt, Eimhin agus Cian uirthi ón scoil. Ní raibh aithne agam uirthi nó air siúd, tagann sé ó bhaile eile. Fuair na póilini i bhfolach le gaol i gConnecticut é aréir agus beidh extradition ar ais go NY chomh luath agus is féidir.

Tá an baile iomlán an bhrónach ar a son agus ar son a tuismitheoirí bochta.
Ar dheis Dé go raibh sí.
Leis sin, tá droch scéal arís ó Beaumont agus cé go raibh Mary bocht ag troid go cróga ar feadh coicíse in aghaidh a cuid ghortaithe, tá sí ag éirí níos laige anois.
Scéal níos dearfaí amárach, tá súil agam.



Friday, June 03, 2005

Escaping Flatland

Téimid go rialta go dtí The Adirondacks i dtuaisceart NY. Tá a fhios againn go dtugtar cuid acu thuas ansin “Flatlanders” ar dhaoine mar sinn. Ní féidir leat an ceantar nó muintir na háite a thuiscint múna bhfuil tú i do chónaí ann tamall fada, glúin nó dhó ar a laghad. Is cuma cén cineál na áite ina cónaíonn tú, (agus táimse anseo i gceantar cnocach, creagach, aimhréiseach fiú!) ceapann iad siúd gur “Flatlander” tú, le saol éasca is dócha agus radharc cúng, nó b’fhéidir go bhfuil an radharc cúng acu siúd? Ar aon cuma is meon na hintinne é.

Ansin inné agus mise ag ligint dom féin go raibh mé ag obair tháinig mé ar suíomh Edward Tufte, chaitheas tamall ag féachaint ar an taispeántais Escaping Flatland, Larkin's Twig srl. Osclaíonn dealbha móra mar seo rud éigin inár gcroithe ma bhíonn an meon ceart ann ar dtús, go nádúrtha nó de bharr oideachas? Ansin thugas faoi ndeara ceann des na leabhar atá le fáil ar an suíomh, Visual Explanations. Chonaic mé an clúdach sin cheanna? Fuair Páraic mar bhronntanas é agus bhí sé ar seilf anseo ó shin! Chaitheas tráthnóna suimiúil ag leamh faoi cumarsáid le léiriú grafach, communicating data by graphic representation, nó leoga, easpa cumarsáide le drochléiriú grafach. Ní ábhar nua dom é seo ach bhí an sampla ann go raibh an t eolas iomlán ag Nasa ar an 27ú Eanair 1986 oíche roimh eitilt Challenger, faoi trioblóidí a bheadh ann ar an maidin dar gcionn de dheasca na aimsire. Bhí 13 charts acu de réir dealraimh, ach ní rabhadar in ann iad a thuiscint i gceart, ní raibh an t-eolas soiléir, bhí an iomarca líníochta ann agus leis sin agus b'fhéidir níos tábhachtaí, bhí brú orthu an eitilt a chur ar siúil, ní raibh siad oscailte chuig an faisnéis ……tá a fhios againn toradh chinnidh an choiste sin.

Thursday, June 02, 2005

Hotel Rwanda

D’amhairc mise agus Eoghan ar Hotel Rwanda aréir. Tháinig sé sa phost inné agus cé nach mbíonn an teilifís ar siúil ró mhinic anseo i rith na seachtaine do bhí fonn orm féachaint ar an gceann seo díreach. Ní bhíonn drogall ar Eoghan féachaint ar an dteilifís riamh ach deacair Cian a mhealladh óna ríomhaire. Chuala mé trácht faoin scannán seo anuraidh agus ar ndóigh is cuimhin liom an tréimhse sin (1994) cé nach raibh foinse na coimhlinte soiléir dom go dtí aréir, ar aon chuma níor theip an scannán déistin chogaidh a chur ionainn.


Wednesday, June 01, 2005

Ender's Game

Bíonn mórshiúil beag sa bhaile seo gach Memorial Day. Sean traidisiún atá ann agus is maith liom é, sílim go bhfuil sé ana thábhachtach meas a cothú ar son saighdiúirí, ní thuigimid saol an tsaighdiúra agus é ag troid, is pawns amach is amach iad agus níl orthu a bhíonn an locht de gnáth, má théann cúrsaí in olcas. Is fuath liom cogadh áfach, nach féidir linn cathanna a sheachaint le níos mo cumarsáide? Tuairim saonta soineanta é sin is dócha…….Tá a fhios agam, ach níl náire orm faoi. An tuairim céanna ag Ender, an laoch óg a shábháil an domhan sa leabhar Science Fiction, Ender’s Game ach le costas ró ard dar leis…....... An cluichí móra iad na cogaí uafásacha ar fud an domhan le drochchostas, costas ró ard? is dócha go bhfuil, ach an ceart é ár gcinn a bheith sa ghaineamh? B’fhéidir go mbeadh sé níos fearr dúinn a bheith aineolach agus compordach inár saolta slána, bheadh sé níos éasca ar aon nós gan a bheith ag machnamh…………

Tagann an dream céanna chuig an mórshiúil gach bhliain. Tuismitheoirí le paistí óga agus brait acu uile ag baint taitneamh as an radharc, agus seandaoine… (dream beag mar a dúirt mé cónaíonn an chuid is mó acu ón dtimpeallacht seo i Florida.)… b’fhéidir a gcailleadh duine dár gclann acu uair éigin i gcogadh éigin. Chonaic mise mo chéad mórshiúil ar Memorial Day timpeall deich mbliana nó mar sin ó shin. Bhíodh, b’fhéidir fiche seansaighdiúirí ón dara cogadh domhanda páirteach ansin ach Dé Luain ní raibh ach cúigear le feiscint ann, bhí ar duine acu dul faoi scáth crainn mar chuir solas na gréine meadhrán ann. Bhí a mboinn orthu agus sheasadar le cheile agus bhí sé soiléir go raibh bród orthu. Ní fheadar an raibh aon seansaighdiúir ó KoreaVietnam ann ach is dócha go raibh. Níor chaill ach duine amháin ón mbaile seo i Vietnam. Ní raibh sé ach 19 agus d’éirigh sé as an ard scoil chun dul ann i 1968. D’éag sé taobh istigh bliain amháin. Tá crann i ndilchuimhne air ag an ardscoil atá ard go leor anois tar éis beagnach daichead bliain. Tá aithne ag gach páiste air a ainm agus ar a íobairt. Anois feicim ainmneacha na mairbh ar an NY Times gach seachtain agus na uimhreacha ag méadú ach ní fheicimid grianghraif nó rud ar bith ar an teilifís fúthu. Níl deireadh leis.

Léas dóchais ó Beaumont tar éis drochlá Dé Luain.