Thursday, December 15, 2005

Go hobann, gan choinne, gan fáilte.



Ní imíonn brón. Téann sé áit éigin i bhfolach taobh thiar dod chroí agus ansin nuair nach bhfuil tú ag smaoineamh air, fiú agus tú ag baint súp as an saol, tagann sé ar ais ort gan choinne gan fáilte. Ansin ar ais sa chófra leis tamall eile leis go dtí go bhfaigheann sé seans eile teacht i láthair. Is gnáthstaid amach is amach í seo a n-insítear dom.

Tá grianghraif agam, muintir m’athair atá ann. Eisean i lár, mar ba cheart don té is sine! deartháir amháin ar a dhá sciatháin aige, John agus Jim, agus deartháir eile, Paddy, agus a deirfiúr, Mary, ina suí os a gcomhair amach. Saghas portráide a ghlacadh in iarthar Luimnigh dhá bhliain go leith ó shin nó mar sin, sílim an Samhradh 2003. Is léir ón bpictiúr go dream gealgháireach, dathúil (dar liom!) ab ea iad agus bhaineadar taitneamh as a bheith le cheile i gcónaí. Ba í seo an uair deireanach a bhí an clann le cheile.

Bhí an sean nós ag m’athair agus a deartháir Paddy tráthnóna a chaitheamh le cheile roimh na Nollag bronntanais a mhalartú. Rachadh m’athair go iarthar Luimnigh go dtí an sean tigh, an áit ina raibh Paddy fós ina chónaí. B’é uisce beatha “Paddy” an deoch ab ansa don bheirt acu, mar sin thug m’athair buidéal dá dheartháir agus thugadh Paddy, an buidéal den tsaghas céanna do m’athair. (saghas joke dúinne é) “When are they having the bottle exchange?” Ach rinneadar é seo gach bhliain, agus chuiridís páipéar deas na Nollag ar na mbronntanais i gcónaí, bíodh is go raibh a fhios ag cách cad a bhí taobh istigh! Ansin d’oscailóidís na bronntanais agus bhíodh bréag ionadh orthu i gcónaí agus iad a choimeád an greann beo le cheile, “Well, isn’t that great, just what I wanted this year.“ ansin ar ndóigh, cúpla dram. An uair deireanach, aimsir na Nollag 2003, bhí mo chol ceathrar Rose, ag crochadh suas maisiúcháin ar an gcrann Nollag dá h-athair agus bhí an beirt acu lán sásta in a gcathaoireacha uilleann, ag tabhairt na dtreorach dí agus iad ag choimeád a ngoba fliucha. Go hobann, fuair Paddy bás dhá lá ina dhiaidh sin.

Ag an sochraid ar an 22ú Nollag níor bhraith m’athair ró mhaith. Bhíos ar a thaobh agus mo dheirfiúr ar a thaobh eile agus soiléir dúinn nach raibh fuinneamh ar bith aige. D’éirigh sé tinn tar éis na Nollag agus cuireadh, gar dá dheartháir, ar Lá na Mairbhe, an chéad lá de mhí na Samhna 2004.

Ag sochraid m’athair rinne m’aintín Mary an cinneadh, cé gur chaith sí a saol i mBAC, go mba mhaith léi a bheith ina codladh síoraí san áit álainn seo lena muintir uile..…..amach ansin ar ndó, nuair a dtiocfadh an lá. Scríobh sí nóta beag faoi seo agus chuir sí ar sheilf ina teach i mBAC é. Seacht mí ina dhiaidh, fé mar a bheadh an nimh ar an aithne, cuireadh ar shlí na firinne í de dheasca timpiste uafásach i mBAC. (Timpiste a luaigh mé níos luaithe i mbliana sa bhlag.) Tháinig a mac ar an nóta.

An tseachtain seo chuala mé an droch scéal go bhfuil m’uncail, an duine is óige den ál seo, ag fáil bháis le teip chroí. Ní fheadar a bhfeicfidh sé Lá Nollag i mbliana. Chuir an drochscéala seo mé ag smaoineamh ar iad atá imithe uainn sa dhá bhliain seo chaite.

Ni scéal as an ngnáth é seo, tharlaíonn an stuif seo i ngach clann uair éigin. Tagann an lá go bhfuil orainn slán a fhágáil lenár muintir ionúine, ach go dtí go tosaíonn an tréimhse, ní thuigtear chomh deacair is atá sé. Ansin bíonn gach rud ag déanamh go diail agus gan choinne gan fáilte ní féidir éalú le tamall gearr ó smaointe fúthu.

Le déanaí nuair a bhím ag smaoineamh orthu tagann smaointe faoin gcraic a bhí againn agus an féith grinn a bhíodh iontu agus iad le cheile, an caint deisbhéalach (…go mór mhór agus an braon fén bhfiacail acu) agus an fhlaithiúlacht, i gcónaí an fhlaithiúlacht.

Cuirim críoch ar an bpíosa seo leis an dea-smaoineamh sin. Súil agam nach raibh an t-alt ró leadránach, (deacair do mhuintir féin a mholadh nuair nach bhfuil aithne ag éinne orthu) ar aon cuma, mothaímse níos fearr anois!
Tá an brón ar ais sa chófra.

7 comments:

Conn said...

Go raibh maith agat as an bpíosa seo a scríobh a Hilary.

Táim ag súil go mór le tréimhse na Nollag. Cinnte, beidh m'athair as láthair ach b'fhéidir go mbeidh deis againn anois tosnú ar na cuimhní a bhailiú le chéile.

Nollaig Shona Daoibh, agus 2006 fé mhaise,
Conn

mark bodah said...

tá an ceart agat a bheith ag smaoineamh fé na tréimhse a raibh sona. is ana-thabhachtach é sin, dar liomsa. Tá mo mhuintir go hiomlán liom go foill, buiochas leis an t-ádh. go raibh maith agat as do scéal...

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

A Chonn,
Bíodh Nollaig iontach agaibh agus bain taitneamh as na gcuimhní deasa sin,
Hilary

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

A Mhairc,
………..agus tagann athrú ar an saol go tapaigh uaireanta!
Bíodh craic agaibh le cheile i gcónaí. Ádh mór, Hilary

Séamas Poncán said...

Tuigim do chás, a Hilary. Cailleadh m'athairse 16 Nollaig 2003, agus mo mháthair i Feabhra 2002. Ní imíonn an brón riamh, ach éiríonn sé níos cairdiúla. Bímis buíoch as na dea-chuimhní agus as gach a rinne siad dúinn (agus a dhéann siad dúinn go fóill, b'fhéidir).
Beannachtaí na Nollag ort.

Séamas Poncán said...

(botún cló: a dhéanann)

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

A Sheamuis,
Grma. Sin é, agus níl aon éalú as an tréimhse seo. Cad a dhéanfaimis gan greann?
..agus rud eile, bímse féin cráite le botúin na gclónna! Chomh luath agus a cuirim brú ar an gcnaipe “Send” nó “Upload” feicim go bhfuil ceann ann! nó níos mó na ceann amháin.
Go raibh Nollaig Shona agus Athbhliain fé mhaise agat. H