Wednesday, March 01, 2006

PC

Bhí ionadh orm nuair a chuala mé na scéalta faoi na trioblóidí i mBAC tráthnóna an tSathairn seo chaite. Tá ráflaí ag dul timpill faoi agus ní fheadar an dtiocfaidh an fhírinne amach riamh. Ní thuigim, i ndáiríre, an fáth go raibh mórshiúil Love Ulster i mBAC áfach? Tuige nach mbeadh a mórshiúil sa Tuaisceart? B’fhéidir nach dtuigim an scéal iomlán….Táim bréan ó Political Correctness.

2 comments:

Tim said...

Is amhlaidh go raibh an rialtas faoi chúram Bhertie Aherne ag iarraidh na dílseoirí a mhealladh isteach sa phróiséas sin - rannphartaíocht i roinnt chothrom na cumhachta. Dar liomsa go raibh na dílseoirí féin ag iarraidh a thaispeáint gur tír sheicteach í Poblacht na hÉireann. Ceapaim go raibh áthas an domhain orthu leis an trioblóid a tharla, agus gur thaca ceart í an trioblóid cheanann chéanna dá n-argóintí i gcoinnt roinnt na cumhachta. Pé rud é i ndáiríre píre, b'iad na bligeáird sráide nó na "hooligans" a rug an chraobh leo ar an lá!

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Bhíos ag ceapadh go mbeadh na dílseoirí uile sásta lena heachtraí seo. An í an cheist anois ná gur chuireadar tús leis an trioblóid an pointe sin a nochtaigh? Go raibh an léas neamhshocracht síolta óna dtaobhse………… Le súil go dtosnóidh foréigean nó míshuaimhneas ar a laghad….agus ansin ar ndóigh rith sé go léir as smacht, agus mar a luaigh tú, bhí an lá leis na hooligans.