Monday, March 06, 2006

Ó Sex and the City go Ros na Rún!

Is fuath liom iarnáil, tá sé chomh leadránach sin, ach ag an am céanna is maith liom éadaí ata iarnáilte, mar sin bíonn sé le déanamh agam go rialta. (níl éalú as ach duine a íoc as an jab ach faraor ní féidir liom é sin a dhéanamh go dtí go bhfuil an bua agam sa Lotto.)
Ba é an nós agam le fada anuas ná féachaint ar rud éigin ar an teilifís agus mise ag déanamh an jab leamh seo m’intinn a choimeád cuíosach beo. Tá córas digital television againn agus is féidir taifead a dhéanamh go huathoibritheach leis. Ansin aon uair atá orm an jab a thosnú bíonn clár oiriúnach agam… rud eile ná leis an gcóras seo ní bhíonn orm féachaint ar aon fógraíocht ar bith, léimim tharstu …is aoibhinn liom é sin.

Ba Sex and the City an chlár a roghnaigh mé tamall ó shin an t-am seo ag iarnáil a chur isteach ach anois tá na cláir sin go léir feicthe agam. Bhíodh sé oiriúnach de bharr an greann agus fad an cláir, agus bhaineas taitnimh as féachaint ar an dream sin i gcathair Nua Eabhrac agus a gcuid geáitsí. Tá an sraith seo críochnaithe le tamall anuas, bhíos ag féachaint ar na h áth chraoltaí mar ní fhaca mé iad an chéad uair ach níorbh fholáir dom éirigh as sin nuair a thosnaigh siad ag athchraoladh na h-áth craoltaí!!! Is leor sin!

Thosnaigh mé le déanaí ag féachaint ar Ros na Rún ina áit.
Nílim suas leis an scéal fós. Tá cartlann le fáil ar an líon agus cé go bhfaca mé clár anois is arís trí na blianta roghnaigh mé dáta roimh na Nollag chun túis a chur ar mo ghaol leis an gclár seo. Chuireas tús le déanaí féachaint ar chlár nó dhó aon uair a bhím greamaithe leis an iarnáil. Tá sé ana mhaith, greannmhar, carachtair láidir ina slite féine agus is minic a bhíonn snáth an scéil casta go leor. Táim fós ag iarraidh cúlra na carachtair a thuiscint, is cosúil go raibh ceangail eadraibh uile trí pósadh nó páistí nó rud éigin san am atá thart agus ní thuigim go díreach cad iad na ceangailtí sin, ach nach mbíonn sé mar sin i ngach sobal dhráma?

Is aoibhinn liom an seanfhear Séamas, duine dílis nádúrtha atá ann….(go dtí seo?) agus cuireann Tadhg chun gáire mé i gcónaí, eisean an diabhal amach is amach. Nach bhfuil cuma álainn ar na mná uilig? agus, is glé liom gur aisteoirí den scoth iad siúd chomh maith.

Ar dtús chuir na fotheidil isteach orm, ach is minic a bhíonn na scríbhneoirí sin ag pleidhcíocht linn chomh maith. Bhí mé ag féachaint ar chlár inné, tháinig Conal isteach sa bheár, agus dúirt Tadhg go searbhasach, “Oh, Fa Doo Da atá ann” agus an fotheidil ‘Here’s the Donegal man” Bhris mé amach ag gáire.

2 comments:

mark bodah said...

cá bhfuil an cartlann le fáil ar líne, a Hilary? ba mhaith liom féachaint ar chupla cláir.

mark

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

A Mhairc,
Téigh go dti www.tg4.ie
Tá nasc ann chuig WEB TV . Tá ort íoc as 8 euro in aghaidh na miosa agus ansin bíonn rogha agat.
Slán tamall.
H