Wednesday, December 13, 2006

Is olc an ghaoth nach séideann maith do chat éigin.

Is é an aclaíocht is fearr do mo lámh le déanaí ná a bheith ag cuimilt an chait, bíonn sé bog agus goradh agus coimeádann sé mo lámh ón bhfuacht a bhíonn ag teacht isteach inti ó easpa na gluaiseachta.
Bíonn Púca lán sásta a bheith ina ghléas aclaíochta.

Nil sé pianmhar sa chaol lámh níos mo, nimhneach fós san uilleann agus lastuas di áfach.
Cuig lá fágtha ar na piollaí!

2 comments:

Anonymous said...

Ceap do shos, a Hilary.

MáirtínTJ said...

Cad a tharla duit?
Is maith liom do dhialann. Chuir mé nasc do ar mo dhialann fhéin - www.worldwalks.blogspot.com.
Caith súil ar más maith leat.