Tuesday, December 12, 2006

Pidgin

Bím ag iarraidh béarlachas a sheachaint ach tagann sé isteach i ngan fhios dom, bím ag faire áfach… Ní thuigim an té a ligean go bhfuil ard chaighdeán na teanga aige/aici agus botúin agus béarlachas breactha inti, idir a t(h)eanga labhartha agus a t(h)eanga scríofa.

Bíonn ceann idir dhá fíor.
1) Níl ard chaighdeán na Gaeilge aige/aici, nó
2) Is cuma leis/léi………(B’fhéidir nach bhfuil ard chaighdeán aige/ aici in aon teanga?)


Tuigim an fáth go bhfuil mo dhuine a scríobh an litir thíos anseo bréan de………ag an am céanna deirtear go bhfuil an teanga ag na daoine óga mar sin? Saghas Pidgin! Nó Patois mar a dúirt sé.

Fuaireas ephoist ó cara agam, chuala sí an leagan cainte deas seo ar an raidió lá “ Ní féidir leat candle a holdáil do”

Go bhfóire Dia orainn.

7 comments:

aonghus said...

Ní hea, ach criól.

Tá an teanga dá chriólú i measc dreamanna áirithe is fíor. Ach ní thuigim an troamaíocht síoraí seo ar Ros na Rún. Cinnte, tá duine le gaeilge a chodail amuigh le clos air; ach tá scoth na gaeilge a daoine eile. Is annamh a fhéachaim air, adhmhaím - ach is toisc nach suim liom sobal é sin.

Tá amhras airithe orm faoi na daoine seo a bhíonn ag clámhsán faoi nithe i nGaeilge a bhfuil tarraingt ag an bpobal orthu.

Cuireann siad an méid a scrí Breandán Ó hEithir fadó faoi scolairí i gcuimhne dhom:

Anonymous said...

Tarlaíonn a leithéid nuair a mbíonn dhá theanga ag cuimilt a chéile agus go háirithe i measc daoine a bhfuil an dá theanga ar a dtoil acu.

agus mise i mBÁC, thug mé an rud chéanna i measc na nGeamáineach .i. go mbíonn Béarla ag ligint tríd a gcuid Gearmáinise. An bhfuil sé mar sin i gcónaí, a aonghuis?

aonghus said...

Ní gá dul go BÁC! Bíonn béarlagar an bhéarla ina orlaí tríd an Ghearmáinís sa Ghearmáin, gan trácht ar i mBÁC.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Is cosúil gurb é scaipeadh na teanga bhéarla an “bua” is mó a bhí ag na Sasanaigh as a gcuid choilínithe timpeall an domhan. Bíonn mórán teangacha breacadh leis, ach is trua go bhfuil na nathanna cainte breátha sa Ghaeilge fágtha ar leataobh agus aistriúcháin ciotógacha ón mBéarla in úsáid ina hionad………
Bíonn na teangeolaithe i gcónaí a rá nach féidir cosc a chur ar torthaí mar seo, níl iontu ach cruthú dearfa go bhfuil an teanga bheo? (Ach ní fheadar an bhfuil na torthaí céanna mar shampla i mBreatnais?)

Anonymous said...

a aonghuis,
Béarla tírúil BhÁC a bhí ag cuid acu, tríd a Hochdeutsch!

aonghus said...

Nó beailge?

Scéal i Lá a bhaineann le hábhar

Anonymous said...

Jackeenishes Deutsch!