Thursday, February 15, 2007

Translations le Brian Friel

Tá an dráma Translations le Brian Friel, faoi stiúir Gary Hynes, ar siúl i Manhattan faoi láthair. Moladh go mór dom é ó daoine éagsúla agus plean agam dul oíche éigin, chomh luath agus is féidir. Bheadh sé go breá dul an deireadh seachtaine seo mar tar éis an dráma oíche Shathairn beidh dream ag teacht le cheile san amharclann cúrsaí a phlé, an teanga is dócha ag an am san (1833) agus araile. I measc na bhaicle saoithe seo beidh Pádraig Ó Cearuill, múinteoir na Gaeilge anseo i NY, agus Séamas de Bláca, craoltóir an chláir Míle Fáilte ar an raidió. 90.7 Fm nó aon uair ar WFUV.org .

Agus cén fáth nach mbeidh mé in ann dul oíche Shathairn? (Tá ticéid fós le fáil)….Beidh mé thuas in Esopus, NY ag deireadh seachtaine na Gaeilge ag teagasc! Beidh timpeall céad daoine ann ag baint taitneamh as an nGaeilge agus as an gcomhluadar agus ag iarraidh cúpla rud nua a fhoghlaim chomh maith.

2 comments:

Anonymous said...

An-drama go deo. Chonaic mé é roinnt blianta ó shoin. Níor éirigh liom riamh an leagan Gaeilge le Breandán Ó Doibhlin a fheiceáil riamh áfach

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Ní raibh a fhios agam go raibh leagan gaeilge ann. Grma a Fheirn.
H