Sunday, December 23, 2007
Nollag Shona Daoibh.
Beidh fuisce te ag feitheamh orm.........
Nollag shona daoibh.
Monday, December 17, 2007
Seo Mar Atá
Idir dhá fhocal
Idir dhá ainm
Idir dhá aigne
Idir dhá áit
Idir dhá theanga
a chaithim mo shaol
Idir dhá shaol
le Colm Breathnach
Monday, December 10, 2007
An t-Amhránaí is Fearr.
Go hiontach ar fad. Bím faghta gan focal tar éis feachaint air agus éisteacht leis.
Níl na focail seo díreach mar a chanann sé é áfach..........
Caoineadh na dTrí Mhuire
A Pheadair, a Aspail, a bhfaca tú mo Ghrá geal?
Ochón agus ochón ó!
Do chonaic mé ar ball é i lár a namhad
Ochón agus ochón ó!
Gabhaigí 'leith, a dhá Mhuire, go gcaoine sibh mo Ghrá liom
Ochón agus ochón ó!
Céard tá le caoineadh 'gainn muna gcaoinimid a chnámha
Ochón agus ochón ó!
Cé hé an fear breá sin ar Chrann na Páise?
Ochón agus ochón ó!
An é nach n-aithnír do Mhac, a Mháthair?
Ochón agus ochón ó!
An é sin an Maicín a d'iompair mé trí ráithe?
Ochón agus ochón ó!
Nó 'n é sin an Maicín a rugadh sa stábla?
Ochón agus ochón ó!
Nó an é sin an Maicín a hoileadh in ucht Mháire?
Ochón agus ochón ó!
Éist a Mháthair is ná bí cráite
Ochón agus ochón ó!
'S an é sin an casúr a bhuail Tríot na tairní
Ochón agus ochón ó!
Nó 'n í sin an tsleá a chuaigh trí Do lár geal
Ochón agus ochón ó!
Sunday, December 02, 2007
Iarfhocal!
Go raibh maith agaibh as na emails agus an comhairle iontu. Nílim i mo junky ar chor ar bith. Seo a tharla agus is cosúil nach raibh sé soiléir sa post sin. Bhí an fuisce te agam timpeall 8 30 i.n agus níor ghlacas an Robitussen go dtí gur bhuail babhta casacht orm ag 1 30 r.n nó mar sin, tús na hoíche codlata.
Bhí sé greannmhar áfach mar bhuail Eimhín (21) isteach orm déanach go leor tráthnóna Aoine agus é ar an turas ón Ollscoil ar Long Island go dtí na Adirondacks i gcomhair na deireadh seachtaine. Ní raibh an cinneadh déanta agam dul go dtí an ceolchoirm i
Dála an scéil, cheap Eimhín go raibh mo scéal bocht an-ghreannmhar agus mhol sé bainne té nó cocoa. Bíonn sé i gcónaí ciallmhar. Sin a bhí agam leis agus chuir sé sin m’anam agus corp ar ais le cheile.
D’fhágas i mo dhiaidh cuma na geilte laistigh uair eile (mar bhreith an fhéileacáin!!!), agus ar aghaidh liom go dtí an ceolchoirm, agus oíche bhreá a bhí agam ann.