Tuesday, February 26, 2008

Oscars

Is maith liom an clip seo, ní fhaca mé an clár, bhíos as baile agus ní raibh teilifís san áit ina raibh mé an oíche sin, agus tá áthas orm gur thug Jon Stewart seans dí teacht ar ais ar an ardán agus a cúpla focal a rá. Bhí sé chomh drochbhéasach nuair a cloiseadh an ceol ag tosnú agus í ar tí labhairt… Tá an ceart aici faoi dóchas.
Cloistear blas BAC ag snámh isteach ar a blas Czech sa bhéarla. Tá sé suimiúil agus greannmhar........ Is maith liom an amhrán sin chomh maith.
Seo iad ag canadh le cheile an oíche céanna....

2 comments:

Anonymous said...

Táim ag iarraidh freagra a thabhairt le tamall anois ach theip orm.
N'fheadair cén fáth! Ag tabhairt faoi arís!!

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Cad í an fhadhb?
An maith leat an amhrán sin?