Thursday, May 29, 2008

Cara eile ag imeacht.

D’imigh ár gcara Seán Tierney ar shlí na fírinne aréir agus fágann sé croíthe troma ina dhiaidh mar ba chara breá é dúinn uile, go háirithe mise ón gcéad lá a bhuaileas leis.
Tá na sonraí uile ar www.daltai.com forums.

Wednesday, May 28, 2008

Lá na Gaeilge i Portland Oregon.

Beidh mé ag imeacht maidin amárach chuig Portland Oregon chuig an Lá na Gaeilge curtha le cheile ag Bob Burke agus Aislinn Adams i Marlyhurst College. Bhí lá iontach againn anuraidh agus táim ag súil go mór le mo chairde a fheiscint arís. Beidh ranganna ar sé leibhéal ann déarfainn agus ceardlanna cheoil agus rince. Is maith liom cathair Portland chomh maith, níl sé ró mhór ach bíonn buntáistí na cathrach ann. Bhí an aimsir fhliuch anuraidh ach tá aimsir bhreá geallta dúinn an deireadh seachtaine seo.

Bain sult as Loretta Lynn agus Jack White anseo! agus iad ag canadh Portland Oregon..is fiú fanacht go dtí deireadh, amhrán an deas..............
Hmm............... ba mhaith liom Gin Fizz díreach anois...............

Tuesday, May 27, 2008

Is leor sin faoin aimsir mar cad faoi seo……..

Bhí plean agam an aimsir álainn a luaigh mar bhí eagla orm an tseachtain seo chaite. Gach uair a bhíos ar an bhfón le duine in Éireann bhíodar ag caint faoin aimsir Mediterranean a bhí acu agus sinn anseo fós inár stocaí agus ár scairfeanna! Áthas orm go bhfuil an ghrian ag taitneamh orainn ó Dé Sathairn.

Is leor sin faoin aimsir mar cad faoi seo……..

” Is cúis mhór áthais do Ghlór na nGael gur ghlac formhór rannpháirtithe na comhdhála 'Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh' go bhfuil gá le scátheagras a bhunú a dhéanfaidh comhordnú ar obair na ngrúpaí Gaeilge sna Stáit Aontaithe Mheiriceá agus a dhéanfaidh ionadaíocht thar a gceann i réimse leathan oibre. “

Formhór rannpháirtithe? Níor luaigh éinne é seo más buan mo chuimhne? Luaigh an cainteoir deireannach Liam Guidry, Daltaí na Gaeilge gur chuala sé rud éigin faoi seo ...ach sin an méid a chuala mise? Chuala mé gach cainteoir........ar thit mé i mo chodladh......


Scriobh mé an píosa seo ar an 20ú lá
”Níl a fhios agam an raibh cuspóir áirithe i gceist ag an gcomhdháil seo….”

ach is dócha go raibh cuspóir ann i ngan fhios domsa? Agus déarfainn i ngan fhios do ana cuid eile a bhí ann chomh maith.

Feicfimid cad a tharlóidh amach anseo!!!

Tuesday, May 20, 2008

Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh

Bhí an Ghaeilge le cloisteáil i Nua Eabhrac agus i Washington an deireadh seachtaine seo. Cuireadh tús le na himeachtaí domsa le seoladh bogearraí nua, The Rosetta Stone for Irish, san Embassy i Washington oíche Déardaoin, bhí seisear againn ó Nua Eabhrac ann, ach níos mó faoi sin lá eile.

Tá sé níos suimiúla mo smaointí a chasadh chuig an chomhdháil thábhachtach Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh a bhí ar siúil thar an deireadh seachtaine seo thart san óstlann Affinia i gcathair Nua Eabhrach. Cuireadh Glór na nGael le cheile an chomhdháil seo agus osclaíodh oíche Aoine í le fáilte oifigiúil in oifigí na consalachta, Nua Eabhrac. Thug Breandán Ó Caollaí, leas-consal, agus Máire Ní Annracháin, Cathaoirleach Ghlór na nGael, fáilte is fiche roimh cách agus bhí an-choisir againn ann (..a lean ar aghaidh in O’Neills …)
Níl a fhios agam an raibh cuspóir áirithe i gceist ag an gcomhdháil seo ach is é an rud is tábhachtaí, dar liom, ná a aithint go bhfuilimid uile ag iarraidh obair a dhéanamh an teanga a bheith in úsáid níos mó mar ghnáth teanga an lae acu siúd le suim acu inti, pé tír (nó pé mór roinn!) ina tá siad lonnaithe. Is í an tseana íomhá ná an teanga gafa sa seomra ranga, nó le lucht na h ollscoileanna mar ábhar taighde nó foilsitheoireachta, nó sa Ghaeltacht taobh thiar teorann na bochtaineachta fadó, aicmí uile a bhí scoilte óna cheile. Tá athrú tagtha ar an íomhá seo gan dabht, buíochas le Dia, ach fós féin tá an bóthar ós ár gcomhair casta. Ní maireann teanga gan pobal. Fíric shimplí. Ní foláir dúinn mar sin pobail na Gaeilge a chothú le imeachtaí a mheallann daoine le cheile, ní chun an teanga a phlé, ach an teanga a úsáid fad is atá daoine ag baint taitneamh as an imeacht nó as an gcomhluadar, sé sin an cur chuige cairdis! Is í easpa comhthéacs an fhadhb a bhain, agus a bhaineann fós, leis an teanga…agus, má cothaítear comhthéacs trí imeachtaí a eagrú tiocfaidh na gaeilgeoirí, agus ní foláir fáilte roimh foghlaimeoirí a bheith páirteach agus iad a spreagadh leanúint lena gcuid staidéar.

Ní féidir teanga a úsáid gan í a fhoghlaim agus chualamar ag an gComhdháil ana chuid faoi cúrsaí tacaíochta atá ar fáil anois d’fhoghlaimeoirí agus do mhúinteoirí ar fud na cruinne ó fhoinsí éagsúla in Éirinn. Labhair ochtar linn ó eagraíochtaí agus gluaiseachtaí in Éirínn faoina bhforbairtí difriúla; Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge, BAC. Feargal Ó Cuilinn, Comhluadar; Orla Nic Suibhne, Seachtain na Gaeilge, Tomás Mac Gearailt, Bard na Gaeilge Teo, Déaglán Ó Briain, An Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Breandán Mac Cormaic, Fondúireacht na Gaeilge Teo, Anna Ní Ghallachair, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Liam Ó Cuinneagáin, Oideas Gael agus Pádraig Ó Ceithearnach, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Bá mhór an onóir dúinne go raibh suim acu go léir teacht agus a saothair difriúla a mhíniú agus bhí sé go breá dúinn teagmháil a dhéanamh leo agus tá súil agam gur bhaineadar taitneamh as bualadh linne chomh maith.

Chualamar chomh maith scéalta ó ár gcairde féin ón taobh seo den Aigéan Atlantach, faoi stair a gcumainn agus a bpleananna amach anseo. Ken Nilson, Ollscoil St Francis Xavier, Pádraig Ó Siadhail, St Mary’s University, Mike Newell, Conradh na Gaeilge, Boston, Aralt Mac Giolla Chainnigh, Cumann na Gaeltachta Ceanada, Séamas Ó Neachtáin, Cumann Carad na Gaeilge, Elaine Ní Bhraonáin, Irish Arts Centre, agus Liam Guidrey, Daltaí na Gaeilge.

Aithnítear go soiléir anois gur coincheap idirnáisiúnta í An Ghaeltacht agus nach mbaineann an coincheap seo níos mó le píosa talún taobh istigh teorann. An é sin an fáth go gcloistear tagairt do Global Gaeilge go minic le déanaí? Maireann an teanga leo siúd a labhraíonn í, leo a cuireann fuinneamh isteach í a choimeád slán, leo a scaipeann eolas fúithi, leo atá toilteanach ranganna agus imeachtaí a bhunú agus a thugann fáilte roimh foghlaimeoirí, leo a bhíonn ag iarraidh í a úsáid mar gnáth teanga in ionad ábhair cainte an t-am ar fad. Nach bhfuil aithne againn uile ar daoine nach stopann riamh ag caint faoin teanga i mBéarla! in ionad sa teanga..…agus caithfidh mé a rá go bhfuil aithne agam ar dream maith daoine eile a ritheann chun an dí na cainteoirí sin a sheachaint!

An mbeidh aon toradh dearfach le feiscint amach anseo ó chúrsaí na deireadh seachtaine seo? Déarfainn go mbeidh, mar tagann torthaí dearfacha i gcónaí ó teagmhálacha nuair a bhíonn an cuspóir céanna ann. Ní neart go cur le cheile.

Fiú i mo chas féin tharla go raibh mé ag caint sa bheár le cúpla cairde, Briain Ó Broin agus Una McGillicuddy, ní rabhamar le cheile le fada anuas de dheasca brú oibre ach do bhíodh an nós againn teacht le cheile i Manhattan go rialta le cúpla daoine eile le Gaeilge, i gcomhair cúpla deoch agus dinnéar. Faraor mar a luaigh bhíomar uile ró gnóthach teacht le cheile le tamall anuas …. Ach bhraithimid uainn ár mbaicle chomhrá bheag. Dheineamar cinneadh agus sinn sa bheár teacht le cheile i gcomhair picnic b’fhéidir sa Pháirc Lárnach anseo i Nua Eabhrac sa Samhradh agus sraith léitheoireachtaí drámaí a chur ar bun ansin. Cuirfimid cuirí chuig ár mic léinn agus ár gcairde go léir teacht. Feicfimid! Tá bailiúchán drámaí agam ón Comhairle Náisiúnta Drámaíochta, foilsithe faoi choimirce Conradh na Gaeilge fadó fadó (costas 1/= an cóip acu!) Tá roinnt drámaí ag Una agus ag Briain chomh maith. Nach mbeadh sé go deas na focail sin a chloisteáil i mbéil daoine in ionad a bheith ina gcodladh ar an seilf?
Aon rud eile amach anseo?...Plean agam dul go Portland, Oregon ag deireadh na míosa go dtí an Lá na Gaeilge i gColáiste Marylhurst, agus tá lá breá geallta, buí le Bob Burke agus Aislinn Adams… anuraidh bhí ceithre scór daoine páirteach… agus ar ais ar an gcósta seo beidh Lá na Gaeilge i gColáiste Elms i Chicopee Mass. ar an 7ú lá de mhí Meitheamh.
Bí linn!

Wednesday, May 14, 2008

Cén maitheas atá inti?

Seo an freagra a thug Bryan McMahon, an scríbhneoir ó Lios Tuathail Contae Chiarraí, don cheist: “When Ireland leaped for freedom she did so in great measure from the springboard of our own language. What good is it? What good is the dawn? Or the wonder of a daisy? What good is the Song of Songs? The Book of Kells? Or the souvenirs of women? Can faith be weighed or measured in ounces, decibels or amps? Are not the most precious things in life and the mainspring of men’s actions beyond definition in terms of intrinsic value?”
Ní gá níos mó a rá. Fuaireas an sliocht seo ó mo chara Nóirín Ní Chatháin.

Thursday, May 08, 2008

Cé a bheidh againn? Hillary nó Barack?

Tá cinneadh uainn!!!
Seo dhaoibh an banna cheoil Hardy Drew agus na Nancy Boys. Is cosuil go bhfuil cinneadh déanta acu le tamall anois.



Monday, May 05, 2008

Global Gaeilge


Beidh deireadh seachtaine na Gaeilge ar siúil in Esopus NY an tseachtain seo. Déarfainn go mbeadh timpeall 100 daoine ann, tá sé deacair coimeád suas le gach rud!!! Braithim go bhfuilim díreach teacht ar ais chugam féin tar éis na tréimhse i gCeanada seachtain ó shin.

Ansin an tseachtain seo chugainn beidh Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh ( nó Global Gaeilge, ainm i bhfad níos fusa) ar siúl in NYC 16 -18 Mí na Bealtaine. Ba í seo an chomhdháil is mó i NYC go dtí seo, maidir leis an teanga (Sílim ar aon nós).

Tá sé ráite go mbeidh 22 cainteoir ag teacht ó Éireann faoi choimirce Glór na nGael. Bhí cur síos i mBEO le déanaí.

Beidh na boic mhóra uile ag teacht!!! Gan trácht ar roinnt ban ríthábhachtacha!!!

(Tá súil agam nach mbeidh siad uile ar an eitilt céanna mar beimid i bponc má tharlaíonn aon tubaiste, bá chóir dóibh a bheith ar eitiltí difriúla ar eagla na heagla, cosúil le rí theaghlach na Breataine :) )

Déarfainn go mbeidh an-scléip againn uile le cheile…ag obair ar ndóigh. Tá cairde liom ag teacht go Cathair Nua Eabhrac ó
New Jersey, Pennsylvania, Connecticut, Massachusetts, Ceanada agus áiteanna eile déarfainn.

Saturday, May 03, 2008

Nuala Ó Faoileain

Tá a fhios againn le tamall gearr anois go bhfuil Nuala tinn. Éist anseo léi ag caint le Marion Finucane ar an 12ú Aibreáin. Duine faoi leith atá inti, is cuimhin liom í ar an teilifís fadó ag plé leabhar agus ag argóint faoi rudaí éagsúla, sin blianta ó shin. Léigh mé a chuid leabhar (a féin bheathaisnéise ina measc) agus cheapas ag an am go raibh sí chomh oscailte sin lena saol féin, lena saol pearsanta agus a mothúcháin uile….b’fhéidir ró oscailte? agus níor thuigeas é sin. Tá ana bhrón uirthi anois agus tháinig brón orm ag éisteach léi ach fós féin tagann a féith grinn trí a caint anois is arís. Is bean spioradálta í cé nach bhfuil creidimh aici. Tuigim é sin. Beidh sí ag fágáil slán linn go luath, dár léi, agus tá saghas éadóchais uirthi agus í fós chomh macánta lena mothúcháin féin agus a bhí sí riamh. Tháinig fonn orm agus mé ag éisteacht léi mo lámh a chur ar a lámh mar tá sé chomh deacair teacht ar na focail cearta nuair a bhíonn duine i gcruacás. ”There’s nothing much wrong with me except dying.” a deir sí.