Friday, June 27, 2008

Gnéas agus an Chathair

Chonaic an scannán seo aréir! Nílim thar dul chuig chickflic riamh!

Tháinig an ceathrar againn (mná ar ndóigh) le cheile in Otto agus bhí cúpla deoch againn, bhíomar ag baint an-sásamh as an tréimhse seo sa phub gur imigh an t-am go tapaigh uainn agus theip orainn dul chuig an ceann luath sa tráthnóna. Is cuma a cheapamar, agus sinn ag cur isteach ord ar bhuidéal eile, beidh sé ar siúil arís i gcionn uair. Ach OMG d’imigh an uair sin chomh tapaigh go raibh orainn rith amach sa deireadh. Ar aghaidh linn chuig an amharclann atá gar do Union Square, turas 10 nóiméad ag siúil ach nuair a bhíonn brú ort glacann sé is bhfad níos faide ná sin…. ana aisteach! Ach bhíomar in am ní raibh ach na fógraí uile fós ar siúil nuair a thiteamar isteach inár suíocháin.

Bhuel, bhí an scannán ana ghreannmhar in amanna ach déarfainn go mbeadh ort a bheith mór le na carachtair cheana féin ón sraith teilifíse….. gan an cúlra sin a bheith agat bheadh sé amaideach go leor. Bhí cuma níos sine ar na haisteoirí go léir (in ainneoin an botox srl) agus an téama céanna, Cinderella ag iarraidh teacht ar a prionsa, ach ní raibh díomá orainn faoi sin, bíonn an téama sin sna chickflix de gnáth…is maith liom na príomh carachtair ach amháin Miranda, agus ní maith liom an t-aisteoir seo (Cynthia Nixon) ach oiread, fiú aon uair a fheicim mé í sa sraith ní maith liom í ná a geáitsí …nó an tslí ina labhraínn sí nuair a bhíonn sí ag ithe? Forc nó scian san aer agus a béal lán… Ugh. …Cuireann stuif mar sin déistin orm.
Agus sinn ag siúil i dtreo Union Square ar shráid 11 tar éis an scannáin chonaiceamar go raibh ruaille buaile os comhair Webster Hall…”Cad atá ar siúil anso anocht? “ a d’iarr duine againn ar cheann des na bouncers, “Are we missing something?” “Ah… teir abhaile a mhná uaisle, ní oirfeadh sé seo libhse” a dúirt sé go deas cairdiúil cé go rabhamar taobh istigh an bharacáid in ionad taobh amuigh ….. “Tá an iomarca éadaí oraibh” a scread duine óg éigin sa dream a bhí bailithe ansin (cheapas féin go raibh cuma breá gnéasúil orainn go léir….) Rith sé liom ar an bpointe go raibh dj Tiesto ann an deireadh seachtaine seo. Beidh Eoghan ag dul ann anocht lena chairde. Tá sé ag súil go mór leis an eachtra le cúpla mí anuas. Ceol techno amach is amach.

Ní raibh seans againn Post Mortem ceart a bheith againn go fóill mar bhí orm rith chun traein a fháil beagnach díreach ansin. Níl rud ar bith le déanamh ach teacht le cheile arís ……..b’fhéidir in Otto arís?

Is aoibhinn liom an samhradh.

”This is the life” mar a deireadh m’athair blianta ó shin agus é ina suí i gcathaoir ina chúl gairdín na cathrach, faoi solas na gréine, deoch fhionnuar ina lámh aige agus sinn uile ina mhórthimpeall; mo dheirfiúracha, mo dhearthár, mise, agus ár bpáistí uile ar chuairt air sa samhradh. Ba mhaith leis comhluadar a chlainne ach ag an am céanna bheadh sé sásta go leor tráthnóna breá samhraigh a chaitheamh ina shuí sa conservatory le mo mháthair, eisean ag léamh páipéar nó irisleabhar ghailf nó ag gearán faoi polaiteoirí an lae agus í ag léamh a h-úrscéal….
Inniu bhraitheas an rud céanna. Ghlacas lá saor, ní raibh mórán le déanamh agam…. seachas rith go dtí an banc (airgead a chur isteach! hurray), go dtí oifig an phoist, go dtí an clothing drop (torthaí glanadh amach na deireadh seachtaine seo chaite a chur ar aghaidh.) Ansin thar n-ais liom go dtí mo shuíochán sa chúl gairdín, teas na gréine ag spalpadh anuas orm, na h-éin ag canadh, gloine fíona deas agus …na páipéir. An NY Times agus an Irish Times (Dé Sathairn seo chaite)
Ar Neamh!....Agus chomh simplí sin teacht uirthi!

Monday, June 23, 2008

Trén bhFearann Breac

Chuireas píosa den dán seo thuas cheana.

Trén bhFearann Breac le Colm Breathnach
I

Ní labhraíonn sí a thuilleadh liom, an áit seo,
Is níl aon bhuanaíocht ag mo theanga níos mó inti.

Níor chuaigh mo phréamhacha síos ach fad áirithe
is táid ag dreo anois cheal taca uaithi.

Caitheadh salann ar an scraith uachtair
is treabhadh síos é go dtí an t-íochtar.

Ní féidir léi tál a thuilleadh ar a muirín
ar mo thalamh féin is fás coimhthíoch mé.


II

Ar an mbóthar idir dhá chathair
go bhfuil dhá ainm ar gach ceann acu
léim na focail ar na comharthaí.

Táim ag taisteal trén bhfearann breac
is tá dhá ainm ar gach baile ann

Claonadh – Clane
Cill Dara – Kildare
Baile Dháith – Littleton
Cúil an tSúdaire – Portarlington

an t-ainm dúchais
sa chló iodálach
claoninsint ar stair na háite,
an t-ainm dúchais
sa chló is lú
faoninsint ag dul ó chlos . . .


III

Ag taisteal dom trén bhfearann breac
téim ón dubh go dtí an geal
ag gluaiseacht ar m’aistear claon
is fiar é an bealach a théim.
Is mé an ridire a ghabhann an timpeall
d’fhonn teacht de ruathar aniar aduaidh
ach tá caisleáin ann nach n-ionsód
is cléirigh romham gur mór a mbród
mo ríon féin is baolach nach gcosnód,
táim teanntaithe ag ceithearnaigh sa ród.


IV

Idir dhá dhath
idir dhá fhocal
idir dhá ainm
idir dhá aigne
idir dhá áit
idir dhá theanga
a chaithim mo shaol
idir dhá shaol.

Comórtas

Tháinig an nóta seo isteach tamall ó shin ó Oifig na Gaeilge:

Comórtas Blagadoireachta!
Tá gach eolas le fáil ar www.antoireachtas.ie

Duais: €1000 Maoinithe ag Oifig na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Táille Iomaíochta: €15

Bígí ag scriobh!

Friday, June 20, 2008

Tús na Cumarsáide

Thugas faoi deara gur inniu an lá deireanach don Blag a cuireadh thuas tar éis na comhdhála. Rith na seachtainí ón deireadh seachtaine bhreá sin uaim.

Rud iontach a tháinig amach ón gComhdháil seo, dar liom, ná gur n-admhaítear go coitianta anois an méad a tá ar siúl timpeall na tíre seo le tamall fada anuas maidir leis an teanga.
Is í an difríocht is mó idir ár gcuid oibre anseo agus an ghluaiseacht in Éireann déarfainn ná gur obair deonach ar an iomlán atá i gceist anseo. Tagann na “himreoirí” ó na cumainn difriúla le cheile go minic cabhair a thabhairt le imeachtaí agus ranganna srl; déanann gach duine a dhícheall agus bíonn craic nach beag againn le cheile chomh maith. Ní bhíonn comórtas ann agus is neart faoi leith é sin. Is cúis alltachta domsa i gcónaí torthaí na hoibre seo a fheiscint.
Is féidir a bheith ag caint go deo ach d’éirigh leis an comhdháil seo cúpla ceist (simplí go leor dar liom!)a chur os ár gcomhair agus is léir go bhfuil dea-mhéin thaobh thiar na ceisteanna seo.

1) An bhfuil cabhair uainn uathu?
2) Má tá, cén saghas?
Conas gur féidir leo siúd cabhair a thabhairt dúinne spiorad an chomhoibrithe a cothú agus as sin suim sa teanga a mhéadú as lámha a cheile…... Ní neart go cur le cheile agus má bhíonn freagra dearfach le tabhairt ar uimhir a haon anseo, nach bhfuil dualgas orainn sa tír seo teacht aníos le freagra na ceiste a dó thuas? Le sonraí !………..Tá Glór na nGael agus a chomh bhádóirí ag fanacht linn, an bhfuilimid toilteanach an cheist a fhreagairt le cheile ?

Thursday, June 19, 2008

Pillow Talk

Dhúisíos ró luath ar maidin, roimh a cúig a chlog! Srannadh a bhí ag cur isteach orm. Srannadh Phúca! Nílim ag insint bréige, tá nós ag na cait teacht chugam uair éigin san oíche agus de gnáth ar maidin bíonn Púca ar mo chosa áit éigin. Inniu bhí sé thuas i m’aice, ina luí ar a dhroim, a cheann ar mo philiúr! a chosa uile san aer agus é ag srannadh i slí an-ghlórach. Bhí orm é a chur ar a sciatháin! Ach níor éirigh liom dul thar n-ais chuig tír na mbrionglóidí agus táim i mo shuí ó shin. ARRG..........

Saturday, June 14, 2008

Lisbon

Níl a fhios ag éinne go díreach an fáth gur theip an Lisbon Treaty. Dar le Stephen Collins (Irish Times) bhí an formhór in Éireann ró leisciúil staidéar a dhéanamh ar na sonraí uile agus gur chaith siad a vótaí in aghaidh na polaiteoirí uile, idir iad siúd in Éireann agus an dream i Brussels. Nach bhfuil sé soiléir gur ón Eoraip a tháinig an tíogar ceilteach ar dtús agus anois agus é imithe níl suim ag éinne é sin a admháil? An bhfuil an meon seo cúngaigeanta? Feicfimid amach anseo, ach ní dóigh liom gur rud maith é a bheith ag gearán gan fíor cúis? Tá súil agam nach mbeidh cinniúint na bó riabhaí os comhair na tíre.

Monday, June 09, 2008

Is Beannaithe é idir Mhná!

Seo triúr againn ón Freestaters (scéal anseo) le cheile i Portland le déanaí. Anois faraor ní bheidh an cúigear againn le cheile riamh arís ach beidh na scéalta againn go deo!

Wednesday, June 04, 2008

An t-Ainmnitheach is fearr.

Tá sé soiléir anois go mbeidh bua sa rás ag Barrack Obama. Is é an t-ainmnitheach is fearr dar liom. Bhíos lán sásta le Hilary Clinton ar feadh tamaill ach thar an tréimhse fada seo bhogas go Seanadóir Obama. Ní rabhas ró shásta léi agus a cur sios faoin turas go Bosnia. Chum sí an scéal faoi na sceimhlitheoirí ag lámhach ina treo agus ghoill sí go mór uirthi féinig le sin. Bhí díomá orm léi as sin amach agus nílim i m’aonar.

Ní maith liom an córas seo atá againn sa tír seo áfach, leanann sé ar aghaidh i bhfad ró fhada, agus is aisteach an tslí in roghnaítear na hiarrthóirí.