Saturday, June 14, 2008

Lisbon

Níl a fhios ag éinne go díreach an fáth gur theip an Lisbon Treaty. Dar le Stephen Collins (Irish Times) bhí an formhór in Éireann ró leisciúil staidéar a dhéanamh ar na sonraí uile agus gur chaith siad a vótaí in aghaidh na polaiteoirí uile, idir iad siúd in Éireann agus an dream i Brussels. Nach bhfuil sé soiléir gur ón Eoraip a tháinig an tíogar ceilteach ar dtús agus anois agus é imithe níl suim ag éinne é sin a admháil? An bhfuil an meon seo cúngaigeanta? Feicfimid amach anseo, ach ní dóigh liom gur rud maith é a bheith ag gearán gan fíor cúis? Tá súil agam nach mbeidh cinniúint na bó riabhaí os comhair na tíre.

3 comments:

Anonymous said...

Bhí clár oibre soiléir ag an Irish Times le linn an fheachtais seo. Agus is léir dom go ndeachaigh sé i bhfeidhm ort.

Tháinig an "Tíogar Ceilteach" ónár n-obair chrua, ár ráta cánach ísle agus an bealach isteach chun na hEorpa ón tír seo ag comhlachtaí Poncánacha.

Bhí a fhios ag na hÉireannaigh go maith cén fáth nár chaith siad vóta ar son an chonartha doléite dothuigthe sin, níor mhaith leis na hÉireannaigh níos mó dá gcumhacht a thabhairt suas, níor mhaith leis na hÉireannaigh a bheith páirteach in Arm Eorpach atá á cruthú ag an gconradh sin, agus go pearsanta ní fheicim aon rud mícheart le daoine ag vótáil i gcoinne conradh atá scríofa ionas go mbeadh sé doléite. Ní luíonn sé le ciall vóta ar son rud éigin nach dtuigeann éinne, ón mbreitheamh O'Neill, agus an Taoiseach go dtí Páidí na sráide

Ní raibh an vóta sin ina vóta in aghaidh an Rialtais bhí sé go hiomlán in aghaidh an treo feidearálach, á thógáil ag an Aontas frithdhaonlathach.
Scríobh an tUasal Collins bocht sin an t-alt áirid sin róluath i ndiaidh an reifrinn, ag an bpointe sin beidh a fhios aige go maith nach vóta agóide a bhí ann.

Anonymous said...

http://www.independent.ie/opinion/columnists/david-mcwilliams/look-what-we-have-done-for-ordinary-europeans-1413378.html

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Grma a Chú, Tá tuairim D. McW suimiúil, tá tuilleadh eolais faoin gconradh anseo chomh maith.
http://www.independent.ie/national-news/
lisbon-treaty/the-lisbon-treaty-for-dummies-1376340.html Tuige nach raibh ní ba mhó diospoireachtaí chun na sonraí uile a phlé? An rud atá soiléir domsa ná go bhfuil easpa muinín anois ag an bpobal maidir le cúrsaí polaitíochta go hiomlán. Nochtar scannail go rialta, saint i lámha na n-Údarás agus sclamhairí le cumhacht. Ach ní forbairt nua é sin.