Wednesday, December 31, 2008

An Bhliain Ur.

Amarach la cinn bliana! 2009 beagnach buailte linn anois.

Ta an t-am fos againn cinnti a dheanamh ar runda na hAthbliana, ach an gcoimeadann einne a chuid ruin faoi lathair? An bhfuil siad sean fhaiseanta!Beidh cupla ceann agamsa ceart go leor agus taim reasunta sasta liom fein maidir le na cinn a bhi agam i mbliana.
Is trua go bhfuil cursai pholaitiochta ag dul in olcas i Palestine aris, ni doigh liom go mbeidh cothrom na feinne ansin ariamh chomh fada agus ata siad ag troid mar seo agus is iad an dream is laige ata ag fulaingt is mo, paisti na palestinigh. Nuair nach feidir le na seana namhaid seo fiu labhairt le cheile nil seans ar bith acu teacht ar siochan. Cuireann se isteach orm gach uair a bhim ag eisteacht leis an raidio le deanai.


Bhuel, taim fein i dtuaisceart stait Nua Eabhrac, An Tir o Thuaidh mar a tugtar uirthi anseo, The North Country, ana chuid sneachta agus ana fhuar leis, deirtear go mbeadh se 10 ceim faoi zero anocht, farenheit, nios fuara amarach agus gaoth leis.
Beidh me ag caitheamh trathnona inniu i bhfianaise an tine, ag leamh leabhar suimiuil,
A Pickpocket's Tale: The Underworld of Nineteenth-Century New York agus babhla anraith te i m'aice.

Athbhliain faoi shean is faoi mhaise.

1 comment:

Anonymous said...

Níl aon áit mar na Sleibhte Adirondacks nuair a bhíonn geimreadh ann. Bíonn siad go hálainn le sneachta agus cuireann an fhuacht fuinneamh ort agus éiríonn tú beo beathach.

Seán