Monday, January 12, 2009

An Obamarama

Tá an lá mór ag teacht!
Bhuel, chuir mé m’ainm sa hata an chrannchúir ar suíomh an fheachtais chun teacht ar ticéid chuig an ócáid mhór i
Washington - ach faraoir níor éirigh liom, (go fóill ach go háirithe.) Níl díomá ró-mhór orm caithfidh mé a rá, nach mbeidh an trácht go dona? Beidh an domhan agus a mháthair i láthair, ní dóigh liom go ndéanfaidh sé mórán difríochta dóibh agus mise as láthair!

4 comments:

mark bodah said...

cosúil le cluichí spóirt--níos fearr breathnú air i do chompórd ó do sheomra suí féin! dár liom, pé ar bith.

Anonymous said...

Ní bheidh mise i bhfoisceacht scread asail de dhiagú an chéad dé ghoirm Mheiriceánaigh ach an oiread, ach tá mé ag súil go mór lena chuid miorúiltí

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Ah, ná bí ag feitheamh ar míorúilt uaidh, is mór an míorúilt go bhfuil sé inár n-uachtarán!

Anonymous said...

Miorúilt é fhéin, an ea?

N'fheadar an síleann an "chéad bhean" é sin? Na soithigh a dhéanamh? An urlár a scuabadh? Bláth a ligean faoin a bráid, anois is arís agus cogar geana leis?

Níl fhios agam.