Friday, February 12, 2010

Banríon a'Tí

Tá ar Chara bóna Eilíse a chaitheamh le déanaí. Nil sí tar éis éirí ina banríon, cé go minic a bhíonn ise an bhean is tábhachtaí sa tigh seo, dar liom, ach bhí uirthi dul faoi léasair leigheas ar a dá h-uillinn tosaigh.
Ní h-ea a deirimse libh, ní raibh sí ag fáil máinliacht chosmaideach!! Tá a fhios agam go bhfuil sí ag éirí níos sine ach níl sé chomh mór as a hailleacht féinig ....…(cé go bhfuil cuma níos fearr ar a h-uillinneacha anois, caithfidh mé a rá. ) Bhí saghas sceachaille ar gach ceann acu agus bhí an tréidlia in ann iad a gearradh uaithi leis an léasair. Ní sí ró-shásta leis an bhfaisean nua seo agus is dócha nach bhfuil an bóna seo ró-compordach ach tá sé bog go leor agus is féidir léi codladh leis gan stró. Cuireann se isteach uirthi ar staighre an cuid is mó.

4 comments:

Mise Áine said...

Tá ceann acu seo, ceann crua, ar 'Billy' s'againne na laethanta seo, freisin. Chuir m'iníon plúid timpeall air, agus bhí sé cosúil le ET!

Súil agam go mbeidh Cara agus a seanléim le chéile go luath!

John said...

Hilary, a chara,

Scríobh míse píosa beag faoi Rí an Tí cúpla lá ó shin. B'fhéidir go gcuirfidh tú suim ann!

http://santacruznagreine.wordpress.com/2010/02/11/an-cat-manannach-agus-an-droichead-oir/

Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhne said...

Billy bocht, bíonn na cinn crua deacair doibh i rith na hoiche dearfainn.

Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhne said...

Oh, taitníonn geáitsí Phip go mór liom, chomh fada agus nach bhfuilim ag fanacht leis!