Thursday, February 18, 2010

Spraoi agus an Teanga.

Bhí spraoi ag muintir na teanga i Nua Eabhrach le déanaí. Ar dtús bhí breis agus céad daoine bailithe le chéile in Esopus, Nua Eabhrac ag deireadh seachtaine na Gaeilge curtha le chéile ag Daltaí na Gaeilge. D’fhan na múinteoirí lá amháin breise I gcomhair ceardlann na múinteoirí agus bhí Eithne Ní Ghallchobhair inár measc mar stiúrthóir na ceardlainne i mbliana. Bhuaileas léi don chéad uair in Oideas Gael roinnt bliana ó shin. Is múinteoir den scoth í Eithne agus bíonn sí ag teagasc ranga ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille. Tá sí mar eagarthóir ar an bhFoclóir na Nua-Ghaeilge le hAcadamh Ríoga na hÉireann, agus ina ball de Choimisiún na Logainmneacha chomh maith. Tá a lán eolais aici ar an mbéaloideas a bailíodh sna tríochaidí in Éirinn. Scríobh Eithne a teastas ar Scileanna Praiticiúla do Theagascóirí Oideachais Aosaigh.
Tá leabhar nua scríofa aici "Enjoy Irish!" ag teagasc Gaeilge le ról gníomhaíochtaí, srl. Tá an leabhar seo dírithe ar an fhoghlaimeoir fásta. Tá béim leagtha ar an Ghaeilge chomhráiteach agus ar mhínithe soiléire ar an ngramadach. Tá ceachtanna simplí ann, cartúin agus Dlúdhiosca le cainteoirí dúchais.
Ansin bhí teacht le chéile ag Club Leabhar Nua Eabhrac oíche Dé Máirt le seoladh leabhar Mháirtín Ó Muilleoir, faraoir ní rabhas féin in ann dul de dheasca coimhlint oibre …tá sé ráite gur bhain cách taitneamh as. Tagann Máirtín go Nua Eabhrac go rialta agus ní theipeann sé riamh tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí teangan chomh fada agus is féidir leis… mar a luaigh sé ina bhlog féin “Ábhair iontais an Ghaeilge atá á labhairt an lá atá inniu ann i Nua Eabharc, tá an athbheochan abhus ina dhíol ionspioráide ag duine ar bith ar mó leo an teanga Ghaeilge. Leoga, díreach mar spreag an athbeochan i mBéal Feirst glún TG4, tá éacht Ghaeilgeoirí Mheiriceá ag gríosadh lucht na Gaeilge in Éirinn chun tosaigh.“ Tuilleadh anseo

Ná déan dearúd go bhfuil cúpla rud suimiúil ar siúil an tseachtain seo chugainn:
1. Lá na Gaeilge in Iona College Dé Sathairn an 27ú.
2. Fáiltiú sa Chonsalacht Dé Céadaoin 5 30 – 7 30 i gcomhair cách le suim a chumas sa teanga a fheabhsú. Féach ar www.teg.ie agsu bí linn oiche Dé Chéadaoin.

Ba mhór ag an Leas Ard-Chonsal, Breandán Ó Caollaí, agus a bhean, Carmel Callan, tú a bheith linn ag an Ard-Chonsalacht d’oíche shiamsaíochta ag a sheolfar Teastas Eorpach na Gaeilge 2010 i gcomhpháirt le Glucksman Ireland House NYU.


Dé Céadaoin 24 Feabhra 2010/February 24th 5.30-7.30 pm

Deputy Consul General, Breandán Ó Caollaí, and his wife, Carmel Callan, invite you to a cultural evening at which the European Certificate Irish Language 2010 will be launched in association with Glucksman Ireland House.

RSVP
marie.reilly@dfa.ie

(212) 319-2554

4 comments:

John M O Donoghue said...

Caithfidh mé comhghairdeas a ghabháil leat arís a Hilliary as an bhrat ar son na Gaeilge a iompair i Nua Eabhrach, maith tú.

Mise Áine said...

Is duine iontach í Eithne, agus is cuimhim liom go han-mhaith an seal a chaitheamar triúr le chéile i nGleann Cholm Cille, a Hilary!

Bhí sí iontach mar mhúinteoir, agus tá sí go hálainn mar dhuine. Nach aoibhinn daoibh go raibh sí libh i Nua Eabhrach.

An-obair á dhéanamh agaibh uile thall, a chara. Maith sibh!

Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhne said...

Áine, nach raibh craic againn an tseachtain sin..... agus Claire agus Nuala linn chomh maith.... gan trácht ar na fir scafánta! An cuimhin leat ár ndinnéar deireanach sna Cealla Beaga....

Mise Áine said...

Is cuimhin liom é, go deimhin...:-)
Cuimhní cinn nach féidir a shárú, a chara!

Súil agam bualadh le deartháir Chlaire ag Éigse Dhoire i mbliana, agus tá Máirtín fós i dteagmháil liom, go rialta.