Tuesday, March 30, 2010

Nuala ar Cuairt.

Bhí oíche bhreá againn le déanaí i Nua Eabhrac. Tháinig Nuala Ní Dhomhnaill anseo ar cuairt, thug sí léacht faoi a saol agus a saothar agus léigh sí roinnt filíochta as a bailiúchán is déanaí. Bhí sí ina h-aoi chainteoir ag ócáid i ndil chuimhne ar Barra Ó Donnabháin, a bhí ina mhúinteoir na Gaeilge agus cara na teanga anseo i Nua Eabhrac ó lár na 1970dí go dtí a bhás ar aois óg (61) cúpla bliain ó shin.

Bhain Barra céim amach i nGaeilge agus Laidin i gColáiste na hollscoile, cathair chorcaí, áit a raibh Seán Ó Tuama mar ollamh aige. Bhog sé go Meiriceá agus é ina fhear óg i 1963, go Texas ar dtús, agus lean sé ag staidéar ansin ar stair na tíre seo, ansin chas sé a aghaidh ar Nua Eabhrac agus d’éirigh suim ann i gcúrsaí teileachumarsáide agus ríomheolaíocht. Fad is a bhí a shaol ag dul ar aghaidh coimeád Barra teagmháil teann ar an teanga. Dúirt sé” Ar feadh an ama mhair suim sa teanga dhúchais ionam agus thosníos ag scríobh chun a thaisbeáint don domhan mór go bhfuil teanga ársa dár gcuid féin againn”
Thosnaigh sé ag scríobh an t-alt seachtainiúil sa nuachtáin The Echo agus scríobh se in irisleabhar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Treoir, chomh maith. Scríobh sé i Saol agus i bhFoinse chomh maith .
Thosnaigh sé ag múineadh na Gaeilge ina dtigh féinig agus ag freastal ar deireadh seachtainí na Gaeilge leis an ngluaiseacht Daltaí na Gaeilge. Bhí sé cairdiúil le Séamas de Bláca agus ní fada go raibh sé ag léamh píosa Gaeilge gach seachtain ar chlár raidió Shéamais Míle Fáilte ar WFUV.
Nuair a d’éirigh sé as an bpost i 2001 bhí plean aige díriú níos mó ar an teanga agus ar an gceol, agus ar na héanlaith…. Ach mar a tharla ní raibh mórán ama fágtha aige sult a bhaint as an saol leis an am saor breise a bhí aige.

Ba dhuine gealgháireach é Barra, bhí féith grinn go smior ann….agus bhí an cleas aige go raibh se in ann sult a bhaint as gach aon rud, mar sin bhain daoine taitneamh as a chomhluadar. …agus chonacthas an sult nach beag a bhain sé as an teanga, Bhíodh sé ag iarraidh daoine a chur chun cainte í gcónaí, agus ag an am céanna bhí ana shuim aige sa ghramadach; bhíodh an nós aige teacht ar sean slite rud a rá agus ansin úsáid a bhaint astu agus béarlachas a sheachaint. Nuair a d’imigh Barra ar slí na fírinne i mí Iúil 2003 (mar a tharla ar an 12ú lá) thug a bhean cheile Delia thar n-ais go Leap uí Dhonnabháin in iarthar chorcaí é agus is ansin atá an bheirt acu curtha anois. Thug Delia ana thacaíocht do Bharra as a chuid geáitsí maidir leis an teanga, níor chuir sé isteach uirthi nuair a bheadh slua ina teach agus iad uile ag labhairt na Gaeilge cé nach raibh mórán Gaeilge aicise. Bhí sí bródúil as saothar a grá geal. Fágadh a bhás ana uaigneach í ach do bhí sí dearfach agus bhain sí taitneamh as féachaint siar agus a bheith ag caint faoi. D’éirigh sise tinn le ailse san earrach 2008, agus fuair sí bás roimh na Nollag seo chaite, ní raibh sise ach trí scór is dhá bliana d’aois.
Níor bhuail Nuala Ní Dhomhnaill le Barra riamh ach do chuala sí faoi ó chairde agus gaol aici a raibh aithne acu air. Bhí meas nach beag aige ar a cuid saothar. Bhí seans agam labhairt léi ag deireadh an lae agus bhaineas taitneamh as sin, is léir go bean í a bhaineann súp as an saol, mar a bhíodh Barra féin. Thugamar fé deara go rabhamar ar an ard scoil céanna, Cnoc na Labhras í gcathair Luimnígh, ní ag an am céanna áfach. Tá cur síos an deas ag Breandán Keane anseo faoin oíche bhreá sin le Nuala le spiorad Bharra ag snámh inár measc.

No comments: