Wednesday, April 07, 2010

Ar Thóir na bhFocal

Ó a chairde, is fiú taisteal i gcomhluadar an tAthair Duinnín, laoch mór na bhfocal, ar bhóthar na teanga i gcarráiste a fhoclóra.
Má osclaíonn tú an leabhar beannaithe seo, Foclóir Gaeilge agus Béarla, ar aon leathanach ar bith ní fada go bhfuil leathuair imithe uait agus tú sáite go smior leis an tóir. (ní hamháin tóir na bhfocal ach tóir nathanna cainte chomh maith.)
Is mó spraoi a bhíodh ag dream áirithe, gan ainm a insint anseo, leis an leabhar seo roinnt bliana ó shin agus iad ag iarraidh teacht ar freagraí ceisteanna móra domhanda. Ní gá sa ghníomh dáiríre seo ach ceist fhánach dhomhain a rá os ard os comhair cách sa chomhluadar… ansin an leabhar a oscailt ar leathanach fánach,….do mhéar a chur gan féachaint ar áit fhánach ar an leathanach sin agus hurla! Beidh freagra agat! Más buan mo chuimhne do bhí gaol nach beag idir fíon agus feiliúnacht na freagraí…

Anois is féidir taisteal ar aghaidh leis an Athair Duinnín ar bhealach eile, trí shamhlaíocht Biddy Jenkinson. Seo linn óna peann uasal le déanaí “An t Athair Pádraig Ó Duinnín- Bleachtaire” (Coiscéim) agus is mór is fiú an turas céanna. Sraith ghearrscéalta ataí gceist sa leabhar seo ina réitíonn an laoch gach saghas mistéire agus mioscaise fad is a bhíonn sé ar thóir focail dá fhoclóir mór le rá.
Táim leath trí an leabhar anois agus ag baint an-taitneamh as… Feicim an tAthair D agus é ag spaisteoireacht timpill Baile Átha Cliath ar nós Leopold Bloom. Ní bheadh ionadh orm má bhuaileann siad le cheile i scéal éigin…. Déarfainn go réiteodh siad go breá le cheile agus, ó ba rud é gur rith na mná chomh mór sin leis an Duinníneach, ní bheadh aon alltacht ormsa é a fheisint ag ól tae uair éigin le Molly!!

Molaim go mór an leabhar seo. Tá saibhreas na Gaeilge ann, ní nach ionadh agus é le Biddy Jenkinson, tá nathanna cainte agus logainmneacha go leor le fáil ann agus comhrá spleodrach beoga chomh maith. Tá scil ag an údar an léitheoir a mhealladh isteach sna scéalta go gasta le mionrudaí a chuireann snas agus blas ar gach aon carachtair……bítear aithne orthu go tapaigh, ar a gcúlra, ar a meonta agus tuigtear gan mhoill tuairim an Duinnínigh fad is a bhíonn sé ag bailiú na fíricí.
Is maith liom an clúdach chomh maith agus sinn ag bogadh chuig laethanta leabhar leictreonaice!


Beidh seans tuilleadh eolais a fháil faoin leabhar seo ag teacht le cheile Club Leabhar Nua Eabhrac, Dé Sathairn 10ú Aibrean ag Lárionad Éireannach Nua Eabhrac, LIC ar a 2 i.n.

Bígí Linn, fáilte roimh gach duine le suim sa Ghaeilge.

An maidin chéanna sin, pléifidh an leabhar ar chlár raidío, “Míle Fáilte”, ar WFUV, 90.7 FM
le Séamas de Bláca.

Bígí ag éisteacht!

2 comments:

Dubhaltach said...

“An t Athair Pádraig Ó Duinnín- Bleachtaire”

Tagaim leat faoin leabhar, táim á léamh faoi láthair freisin.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Aon seans go mbeifeá i Nua Eabhrac an deireadh seachtaine seo??