Sunday, May 30, 2010

Thar n-ais ó Phortland na Fearthainne!

Mise, Kate, Ger, Imelda, Bob agus Lucy tar éis lóin ollmhór san Otis Cafe, Otis Junction, Oregon.

Oh… Nua Eabhrac is maith liom d’aer te tirim.
Tá rud éigin cearr liom gan dabht mar nuair a théim go Éirinn bíonn éadaí de gach sórt liom, i ndáiríre, is minic a bhíonn níos mó ná ceithre shéasúr i seachtain amháin ansin……ní bhíonn a fhios agat riamh agus tuigim é sin. Ach aon uair a bhím i bPortland cuireann an aimsir ionadh orm. Bhí sé fuar agus fliuch an uair seo…ana fhuar agus bhí srón dhearg orm de dheasca an fhuachta! Ach is dream gealgháireach dearfach iad na Portlandaigh…ní chuireann an aimsir fhliuch isteach orthu ar chor ar bith mar níl dul as. Bíonn aoibh mhaith orthu i gcónaí agus bíonn siad bródúil as a gcathair ghlas, dúradh liom gurb í an chathair is glasa sa tír seo. Úsáideann cuid mhaith, idir óg is aosta, rothair, bíonn margaí na bhfeirmeoirí le feiscint anseo is ansiúd….. bíonn an tseirbhís iompair saor in aisce i lár na cathrach, agus níos mó ná aon rud eile tá suim acu sa teanga Ghaeilge! Bhí timpeall seasca daoine páirteach sa Lá na Gaeilge 2010 faoi stiúir Bob de Burca, Aislinn Adams, Ger Killeen agus a gcoiste agus bhaineadar go léir an taitneamh as an teacht le cheile, mise in a measc.

10 comments:

Anonymous said...

Mise i mo chónaí in Portland (de ghnáth ní chuirtear urú ná séimhiú ar ainmeacha coigríche) agus cha raibh fhios agam fá dtaobh de Lá na Gaeilge! An raibh clár cinn acu?

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Cad é do sheoladh riomhphoist a Sheáin? Bíonn ranganna ar siul i Marylhurst University agus cuireann na muinteoiri ansin an Lá na Gaeilge le chéile.

Dennis King said...

Feicim go scríobhann tú "an Lá na Gaeilge", "sa Lá na Gaeilge" arís is arís eile. Ní úsáidtear an t-alt faoi dhó in abairt mar sin de ghnáth. Nach mbeadh "cuireann na múinteoirí ansin Lá na Gaeilge le chéile" níos fearr?

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Tá sé níos fearr mar atá sé agam.

Is ainmfhocal cinnte agus teideal é An Lá na Gaeilge sa chás seo mar is ceann faoi leith atá i gceist.

Dennis King said...

An mbeifeá sásta le "an hata an fhir"? Céard faoi "an t-uachtarán SAM"? Cén fáth a bhfuil "an Lá na Gaeilge" ina eisceacht? Tuigim go mbeadh sé sách éasca "an Lá na Gaeilge is fearr dá raibh againn riamh" a rá, ach goilleann sé ar mo chluas mar sin féin. Bheinn níos sásta le "an Lá Gaeilge is fearr..."

Dennis King said...

Aguisín:

Tá mé díreach tar éis "an oifig an phoist" a ghoogláil, féachaint cé chomh minic a bhaintear úsáid as an abairt sin agus cé a bhaineann úsáid as. Conas a déarfá "the post office nearest you"? Tá mé idir dhá chomhairle...

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Cinnte: D’fhreastail Bill Clinton ar an Lá na Gaeilge i gColáiste Í i mbliana.
Éiginnte: D’fhreastail Bill Clinton ar Lá Gaeilge i Nua Eabhrac í mbliana.
Cinnte: Téigh go dtí an oifig an phoist is giorra duitse.
Éiginnte: Téigh go oifig phoist atá gar go leor duit.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

...agus rinne mé glandearúd teacht ar ais chuig an cheist eile atá thuas.

Seo an riail: Uraítear túschonsan ainmfhocail i ndiaidh an réamhfhocail “i”: i mbosca, i mbaile, i gCorcaigh, i mBrooklyn srl. (nó "in" roimh guta agus "dhá" )

Ní gá urú a chur le ainm áite nó logainm nach bhfuil leagan Gaeilge de ann, ach ní riail í sin.

Dennis King said...

Téigh go dtí an oifig an phoist is giorra duitse.

Ba cheart duit súil a thabhairt ar an mblagmhír seo agus ar na nótaí tráchta a leanann í, mar a bhfuiltear ag plé na ceiste seo. Is cosúil nach bhfuil éinne ansin ar aon intinn leat fós.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Bíonn plé suimiúil i gcónaí :).....ach ní dóigh liomsa go bhfuil aon mhaitheas i gcomórtais teangan, rud a bhraithim i do nóta........ Bíonn leaganacha difriúla ann an dtuigeann tú.
Déarfainn go mbainfeá tairbhe as McCionnaith, an foclóir Béarla Gaeilge. Tugann sé leaganacha ó chaint na ndaoine in áiteanna éagsúla.

An té is giorra don teampall ní hé is giorra don altóir.

Ádh mór.