Is cuimhin liom ceann Oliver Plunkett, Beannaithe, a fheiceáil i Droichead Átha nuair a bhíos timpeall deich mbliana d’aois. Bhíos le mo dhruidfear ag fanacht lenár n-aintín i Co. na Mí, saoire faoin tuath ar fheirm i lár an tsamhraigh dúinne. Is cuimhin liom a rá go bródúil do mo mháthair ar an bhfón an oíche roimh ré ”Feicfimid ceann Oliver Plunkett amárach!”. Bhí tiomaint ag ár gcol ceathrar agus thug sise chun an bhaile an lá dar gcionn sinn an ceann a fheiceáil; seal turasóireachta dá col ceathracha beaga ón gcathair. Níor thuigeas ar chor ar bith cad a bhí i gceist. Bhí a fhios agam go mbeimid ag dul go séipéal éigin ach cheapas gur píosa ealaíne, dealbh a bheadh ansin. Nuair a shroiseamar an áit chuamar go taobh an tséipéil, altóir bheag, saghas scríne, a bhí ann, ach ní fhaca mé tada, cá raibh an dealbh? D’iarr mé ar mo chol ceathrar agus dúirt sise, “Féach ansin sa bhosca gloine, sin a cheann” Ní ceann é sin a cheapas ach liathróid beag salach? Ansin mínigh sí dom gur chaill Oliver Beannaithe a cheann de dheasca a chreidimh agus b’shin é anois, an ceann céanna. Bhain an scéal sin geit asam, ní gur chaill sé a cheann…. mar ní raibh scéalta mar sin as an ngnáth! Ach gur choimeádadh an ceann, a cheann? mar seo, ina haonar. Scéal lionraitheach. “Cá bhfuil a cholainn?” a d’iarr mé uirthi agus mé ag féachaint timpeall, ach an t-eolas sin ní raibh aici.
Tá a fhios agam anois go bhfuil seanbhaile a cholainne gan cheann, i Somerset. Sílim go bhfuil sé in am a cheann bocht a chur ann leis?
Léigh mé le déanaí go bhfuil croí Naoimh Camillus ar saoire in Éirinn faoi láthair, beidh sé ar turas ar son na cráifeacháin, seans dóibh ómós a thabhairt dó is dócha. Nach féidir ómós a thabhairt gan ball choirp áfach? Ach is cosúil nach mbaineann suaimhneas síoraí le corpáin.
Is aisteach na nósanna a bhíonn ag dreamanna cráifeacha difriúla timpeall an domhain.
Cuireann cuid acu drithlíní fuachta liom.
2 comments:
Cuireann siad iontas ormsa, a Hilary, agus chuir na nósanna cráifeacha uile iontas orm ó bhí mé sé bliana d'aois!
Ní bhacaim leo. Tá mo Ché féin sa nádúr, le hOllmháthair na Cruinne...;-)
Tuigim!
baineann idir maitheas agus seafóid leo ar uairibh
Post a Comment