Friday, April 08, 2011

Maidin Amárach


Is féidir an teanga Ghaeilge a chloisteáil ar an raidió anseo i Nua Eabhrac. Craoltar Míle Fáilte ar a hocht a chlog go dtí a naoi a chlog gach maidin Sathairn ar WFUV, 90.7 - stáisiún poiblí lonnaithe in Ollscoil Fordham sa Bhronx. Is é Séamas de Bláca craoltóir an chláir seo a bhfuil ar siúl le blianta fada anuas. Ós rud é gur stáisiún poiblí é WFUV bíonn ar na bainisteoirí bailiúchán airgid a eagrú dhá uair in aghaidh na bliana. Bíonn aoi ag Séamas ar na cláir speisialta seo agus bím i gcónaí toilteanach cabhair a thabhairt más féidir. Is maith liom an clár ó sheachtain go seachtain agus má tharlaíonn go dteipim teacht air, fadhb ar bith! Bíonn sé sa chartlann ar suíomh WFUV agus is féidir liom éisteacht leis aon uair ar bith.

Beidh mé ar an gclár maidin amárach, bÍgí ag éisteacht linn a chairde agus ná déan dearmad glaoch a chur orainn díreach tar éis a hocht a chlog ar 1 (877) 938 8907 agus pingin nó dhó a chaith inár dtreo! Beidh bronntanais an deas againn daoibh!

1 comment:

Anonymous said...

Seo nasc díreach go dtí an cartlann Míle Fáilte: http://wfuv.streamguys.us/cgi-bin/colinker.cgi?colink=100818478740758