Monday, November 14, 2011

An Troika

An Troika agus Sabina

Comhghairdeas chuig Michael D. Higgins.
Anois tá Gaeilge líofa ag an Uachtarán, Michael D. Higgins, ag an Taoiseach Enda Kenny, agus ag an Tánaiste, Éamon Gilmore -  aon seans go gcloisfear níos mó Gaeilge amach anseo in áiteanna arda?

Cheap mé go raibh an clár oirnithe ar RTE go maith, cé nár chuala mé cláirseach nó fidil? nó amhrán i nGaeilge.... agus cuireann fir airm chomh maisithe le boinn míleata laethanta Brezhnev i gcuimhne dom...agus b'fhéidir go bhfuil sé in am anois carr níos lú ná Mercedas-Benz - (a mbíonn stiúgtha le tart peitril go minic )- a bheith in úsáid acu?
Bhí go leor paidreacha agus beannachtaí le chloisteáil chomh maith  - agus dea-aoibh ar chách, beagnach cách.

4 comments:

aonghus said...

Ní chloisfear an méid a deir siad as Gaeilge go dtí go dtagann na meáin Bhéarla ar malairt aigne. Mar sin, seachnóidh siad rudaí tábhachtacha a rá as Gaeilge.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Cinnte, ach conas an fhadhb seo a réiteach?

aonghus said...

Sin í an cheist! Níl freagra agam.

Réaltán Ní Leannáin said...

is cuimhin liom Mary Robinson cuairt a thabhairt ar an áit a mbínn ag obair ag an am in Alfa Romeo beag.