Sunday, December 16, 2012

Slad na Soininne


Brionglóid.
Feicim iad, ag dreapadóireacht anuas na céimeanna arda óna mbus mór buí ar chosa beaga tanaí, málaí ollmhóra ildathach ar a ndromanna caola acu - Bándearg cuid acu, dearg agus dúghorm cuid eile, maisithe le capaillíní agus laochra an lae - gan mórán iontu ach cóip leabhar, leabhairín léitheoireachta, bosca lóin agus mála na bpeann ildathach.
Ansin iad ag rith isteach, nuair nach gceadaítear rith, gáirí agus cabaireacht le cloisteáil, Aghaidheanna beaga nite, fiacla diúil - duine no dhó mantach.
Gealfhiachlach, gealgháireach.
Réidh le Síog na Fiacaile.
Réidh le Daidí na Nollag.
Réidh le gnáth lá eile.

Friday, December 07, 2012

Tar Amach as an gCófra! Bíonn an Ghrian ag Taitneamh Lasmuigh!

-->
Tagann díograiseoirí idir mhúinteoirí agus fhoghlaimeoirí (agus gach aon chineál duine eile le suim sa Ghaeilge i Nua Eabhrac) le chéile i slite difriúla le linn na bliana. Bíonn sé i gcónaí iontach an teanga a chloisteáil go nádúrtha anseo mar theanga beo i gcathair na dteangacha. Ach is mó duine anseo le Gaeilge aige nó aici nach dtagann isteach sa ghluaiseacht nó comhluadar seo de dheasca easpa muiníne nó cúthail nó pé mothúcháin inmheánacha a thagann leo ó bhaile maidir leis an teanga. Bíonn sé an-deacair do chuid mhaith Éireannaigh teacht amach as an gcófra agus a admháil (dá gclann agus dá gcairde uilig) "Is breá liom an teanga! Ba mhaith liom í a bheith lárnach i mo shaol! Nach dtuigeann éinne mé?"  In ionad sin cloistear go minic "Yeah, Irish is great - I was no good at it though, I wish I were better - but my cousin is fluent!" nó a leithéid, ach ar ndóigh is cathair mhór í Nua Eabhrac agus spás anseo do gach mac máthar. Tuigimid an Gaeilgeoir bocht sa chófra. Tá fáilte romhat, a chroí. Bhí do leithéid cheana ann - agus beidh do leithéid arís ann.

Bíonn deirí seachtaine na Gaeilge (curtha le chéile ag Daltaí na Gaeilge) ar siúl go rialta sa bhliain ach is minic a bhíonn deireadh seachtaine iomarcach don Ghaeilgeoir drogallach bocht, ar eagla nach mbeadh éalú is dócha, gafa le Gaeilgeoirí, nó ar eagla go mbeadh gramadach á plé ansin ó dhubh go dubh, nó go mbeadh orthu léim trí fháinní órga nó, níos measa fós b’fhéidir, go mbeidh orthu labhairt as Gaeilge! Ach an tslí is fearr an mhéar coise chúthail a chur san uisce domhain seo (gan sciatháin snámha?) ná cúpla uair a chaitheamh le "páirtithe sa dólás" mar nach bhfuil a fhios againn An áit a mbíonn an dólás bíonn an sólás ina aice!  Bíonn ócáidí poiblí a leanann cúpla uair ar siúl i gceantar Nua Eabhac go rialta in Ollscoil Nua Eabhrac (NYU) Greenwich Village NYC, san The Irish Arts Center i lár na cathrach agus sna hionaid cultúrtha eile i Connecticut agus New Jersey.  Tugann tráthnóna na Gaeilge agus laethanta na Gaeilge seans don Gaeilgeoir tostach bualadh le rúnchairde nua le suim sa Ghaeilge; tagann daoine gan focal Ghaeilge, daoine le cúpla focal agus iad le breis agus milliún nó níos mó focal le chéile i gcomhluadar cuideachtúil. Caitear cúpla uair gan stró ag caint agus ag ceol agus ní fada go gcloistear gáire trí mheán an Ghaeilge, rud a chuireann gliondar ar na Gaeilgeoirí atá díreach amuigh.

Bhí tráthnóna na Gaeilge poiblí ar siúl i Glucksman Ireland House, (lár Ionad an léinn Gaelaigh in Ollscoil Nua Eabhrac) le déanaí. Bíonn an ócáid seo ar siúl uair amháin gach téarma le breis agus ceithre bliana anuas. Tá an tigh galánta seo suite in aice le Washington Square Park i Greenwich Village, thíos bhaile i Nua Eabhrac. Tháinig caoga cuairteoir chuig an ócáid ar an Sathairn seo tá cúpla seachtain ó shin. Bhí idir na usual suspects agus dream úr Gaeilgeoir bailithe le chéile an teanga a bhlaiseadh, bhí ranganna ar leibhéil dhifriúla ar siúl agus seans don dream dreas cainte a dhéanamh thar cupáin tae. Thug Eibhlín Walsh agus Ciara Nic Oscair léacht faoina dturas ar bhóthar teangan. Tá an bheirt bhan óg seo i Meiriceá buí le scoláireachtaí Fulbright i mbliana. Is as Muineachán í Ciara agus í lonnaithe in Elms College Massachussetts anois agus is as Béal Feirste í Eibhlín. Oibríonn Eibhlín in Ollscoil Nua Eabhrac, NYC agus Drew University, New Jersey. Labhair an bheirt acu le mór mheas faoin teanga agus go háirithe faoin tábhacht a a ról ina saolta - ní hamháin ó thaobh a chuid oibre mar mhúinteoirí de ach níos tábhachtaí fós, mar chomhartha a bhféiniúlachta féin. Bhí an lucht éisteachta faoi draíocht agus ina lámha ag an mbeirt deisbhéalach seo.
"Níor thuig mo thuismitheoirí go raibh mé i mo Ghaeilgeoir ar dtús," a luaigh Ciara," mar ní raibh a leithéid ariamh ann sa mhuintir s'againne " ach, a lean sí "Tuigeann siad anois mé agus feiceann siad go bhfuil saol iontach agam agus go bhfuilim an sásta ar fad"
  "Bíonn suim agamsa i ngach cultúr" a dúirt Eibhlín, "agus is léir dom go bhfuil teanga fite fuaite i gcultúir iasachta,  mar Ghael tá áthas orm go raibh an seans agam teacht ar an teanga agus mé i mo chailín óg agus ar ndóigh go bhfuil sí beo i mo shaol ó lá go lá ó shin i leith".

Spreag an bheirt bhan lán fuinnimh seo an dream go léir agus ag deireadh an tráthnóna d'imigh gach duine abhaile, nó go dtí an seisiún cheoil seachtainiúil i bpub Lillies, (Union Square, NYC), agus aoibh ana mhaith orthu le fios go mbíonn an ghrian ag taitneamh lasmuigh.