Wednesday, February 04, 2015

Timpistí agus Luach Ama

Bhí timpiste uafásach ar mo líne thraenach aréir. Tá crosbhóthar ag an bpointe sin i Valhalla, NY, idir an t-iarnród agus gnáth-bhóthar, agus bhí gluaisteáin ar an líne ag iarraidh dul trasna an iarnróid. Ní fheadar cad a tharla go beacht go fóill, ach is cosúil go raibh na geataí thíos -  taobh thiar agus os comhair an ghluaisteáin sin, agus é gafa ar an líne. Tháinig an traein ar luas seasca míle an uair.

Tá an scéal amuigh anois go raibh an tiománaí ghluaisteáin ag iarraidh dul trasna an iarnróid go tapaigh nuair a bhí na soilse gealánacha ag obair - díreach roimh ísliú na geataí, ach níor éirigh léi.

Fuair sise agus seisear sa chéad charr bás. Bíonn breis agus 600 ar an traein sin.

Is minic a chuireann daoine brú orthu féin ag an am sin den lá sa bhuaic-uaireanta, bíonn gach éinne ag iarraidh nóiméad nó dhó a ghearradh ón turas abhaile i slite difriúla - nóiméad eile sa bhaile b'fhéidir atá uathu - nóiméad níos fearr ná nóiméad nó dhó eile ar an turas chuig a gceann scríbe?

Bhínn ar an traein ag an am sin go rialta agus bhínn sa chéad charr i gcónaí - go dtí le déanaí. Ach an seimeastar seo athraíodh m'uaireanta oibre - mar sin ní raibh mé ar an traein aréir. D'imigh mé liom ón oifig níos luaithe sa lá agus bhíos i dtraein eile ar an líne céanna - sa chéad charr mar is gnách dom.

Ritheann sé liom arís ar maidin nár cheart dúinn an saol a ghearradh mar sin; idir amanna tábhachtacha agus amanna gan mhaitheas, mar shampla turais sa bhuaic-uaireanta. Níl dul astu anois is arís, saol amháin atá ann.

3 comments:

John Raymond Shanahan said...

Is trua an scéal sin. Tá áthas orm go bhfuil tusa slán sábháilte. B'fhearr liom bheith sa chéad charr chomh maith. B'fhéidir ba cheart dúinn bheith inár suí sa dara carr as seo amach.

Eoinhurley969 said...

Nach bhfuil sé sin úafasach? Fagann timpistí cairde,gaolta agus an póbail scríosta, dolasach, agus cráite níos minice ná riamh.

a Hilary, bhain mé an-sult as do radharc.

Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhne said...

Droch scéal a bhí ann cinnte.
Déanfaidh mé iarracht scéalta dearfacha a scríobh! Ach táim díreach tar éis leabhair iontach a léamh agus tá sé ar intinn agam píosa a scríobh faoi - ach scéal brónach atá ann :(

Ach tá an ghrian ag taitneamh anseo i Nua Eabhrac inniu, ach na laethanta ag éirí níos faide ó lá go lá....