Is léir nach bhfuil cosán glan ós comhair rialtas na tíre seo le
ceannaireacht an lae. Is iomaí dris chosáin atá déanta acu féin in
aghaidh dul chun cinn an daonra uile. Cheap mé ar dtús gurb í a
bpríomhaidhm ná stop a chur ar gach éacht oibre a ndearna an tUachtarán
Obama; ag cur ceal ar chomhaontuithe difriúla a mbaineann le
truailliú
tionsclaíoch, cosaint tomhaltóirí, rialú inimirce, agus ag deireadh na
míosa seo beidh ionsaí eile ar a Acht Chúram Sláinte. Tá cuma níos measa
ar a bpróiseas cinnteoireachta anois, 'sé sin ar ndóigh an gaol idir Tuaisceart na Cóiré agus
Stáit
Aontaithe Mheiriceá (SAM). Cheapfá go bhfuil ár rialtas ar bior le
trioblóid a chothú idir na tíortha le geáitsí ár n-uachtaráin an
tseachtain seo chaite ag cruinniú na Náisiún Aontaithe anseo i Nua
Eabhrac. Tagann stair san áireamh agus níl SAM gan locht i stair na
Cóiré...ní fheadar an bhfuil eolas na staire ag ár n-uachtarán ar chor
ar bith is oth liom a rá. Téann na trioblóidí i bhfad siar ach ní mór
féachaint thar n-ais píosa ar réim Harry S. Truman (ba é a lig na buamaí adamhacha anuas ar an Seapan.) Bhí SAM i mbarr a réim ag deireadh an dara cogadh domhanda,
slánaitheoir an domhain mar a déarfá, agus thosaigh fríth-chumannachas
ag fás go tapa beagnach ar an bpointe. Ba léir go raibh suim ag an tSín i
dTuaisceart na Cóiré ag an am sin agus faoi stiúir Truman rinne SAM
iarracht stop a chur le spré an chumannachais ón tSín sa Chóiré, agus toradh an scéil? - Loitigh SAM na Cóiré i seach-chogadh... cogadh i gcoinne na Síne ach lonnaithe sa Chóiré. Ní nuacht í seo, is stair í, stair atá taobh thiar ceist na Cóiré inniu. Fágadh
an Chóiré i bhfíor praiseach, agus deich mbliana dár gcionn bhí gorta
mór ansin, bhí gorta mór eile ansin sna 90í. Fuaireadar cabhair ón tSín ó
am go ham ó thréimhse an chogaidh - ach ó 1950 i leith is é SAM an
namhad is mó i mbéal na ndaoine trí fhabhalscéalta na Cóiré, ní nach
ionadh, fíric a chabhraígh Cathaoirleach Kim Jong-un le bailiú gléas
troda le fada anuas, agus faoi láthair fad is a bhíonn sé agus Uachtarán Trump ag
tabhairt masla dá chéile. An ngasúir scoile an bheirt seo agus an domhan
féin mar chlós súgartha acu agus cé hiad a íocfaidh as a gcuid geáitsí?