Wednesday, December 16, 2020

Taomanna agus Taom Eile - Gearrscéal

 Cartoon Zoom Images, Stock Photos & Vectors | Shutterstock

Léigh dream againn an gearrscéal Taomanna agus Taom Eile le Pádraig Breathnach (Cló Iar-Chonnachta 1991) le déanaí. Bhí tuairimí difriúla ag gach duine againn faoin scéal seo. Cad a bhí ar siúl ag an bpríomhcharachtar, an raibh sé ag dul as a mheabhair go hiomlán le saint agus frustrachas, nó arbh é an diabhal féin a bhí ann, agus smacht aige ar intinn mo dhuine? Nó arbh é an diabhal féin a bhí ina phríomhcharachtar? Cérbh iad carachtair sa scéal seo fiú? Ní raibh rud ar bith soiléir dúinn!
Leanamar ar aghaidh ag caint faoi ar feadh uair a chloig agus ní dóigh liom go raibh duine ar bith ar aon intinn le duine ar bith eile.

Gealt atá mar phríomhcharachtar an ghearrscéil seo, agus é gan coinsias ar bith. Is léir go bhfuil galar intinne air - tuirse intinne as a bheith tógtha chomh mór le hardú céime sa phost, agus coimhlintí mar bhrat an mhíshásaimh uime. Tosaíonn sé le droch cinntí beaga, mar an Prawn Cocktail a ghoid, ach ní fada go bhfuil sé ag caitheamh cloch trí gloine daite clochair. Clochar a bhíonn ina bhaile ag mná rialta fiala. 
Bóthar an ógchiontóra gan amhras.

B'fhéidir gurbh é sin cuspóir an scéil, léitheoirí a bheith ag cur is ag cúiteamh agus an údar ag magadh fúinn? D'éirigh leis.

No comments: