Saturday, January 23, 2021

An Croí Airdeallach


Tugadh aire ar leith don dán Everything is Going to be All Right de chuid Derek Mahon ag tús na paindéime. 

Is dán álainn liriceach é gan chastacht, cé go bhfuil baint aige le hábhar a bhfuil an-chasta ar fad. Labhraíonn an dán linn ní amháin ag an am dúshlánach seo ach, déarfainn, aon uair. Nach i gcónaí a mhothaítear dúshláin ar shlí amháin nó slí eile agus sinn ar bhóthar an tsaoil?
Is minic a bhíonn freagraí le fáil ach, anois is arís níl dul ar bith as - Ní féidir ach leanúint ar aghaidh agus glacadh le pé fadhb atá os ár gcomhair gan strus níos mó a chur orainn féin. Tá roinnt gaoise riachtanach an cinneadh seo a dhéanamh, agus foighne a dhéanamh leis go dtí go dtagann athrú.

Is léir go raibh ómós nach beag ag an údar do thábhacht stíle i bhfilíocht shiollach, mar aon le cuma na focail ar an leathanach féin, nach prós atá ann leagtha amach i stíl filíochta ar an leathanach.  Bhí mé ag iarraidh anam a dháin a bheith le mothú sa leagan Gaeilge seo. Ba mhinic a bhí argóintí agam liom féin faoina focail, an rithim, méid agus fuaimeanna na siollaí, srl. Bhíos ag iarraidh na cinn cearta a roghnú ar mhaithe le stíl simplíochta an dáin sa leagan Bhéarla. 

Ba dheacair dom teacht ar teideal oiriúnach chomh maith. Bheadh sé simplí go leor úsáid a bhaint as "Beidh Gach Rud CGL" ach ceapaim go mbíonn sé sin gan fuaimint nuair a úsáidtear i nGaeilge é. Sílim go bhfuil teachtaireacht níos doimhne i dteideal an dáin, ceann a thugann dóchas agus a chuireann síocháin ar an léitheoir (nó éisteoir) atá, mar shampla, gafa idir dhá thine Bhealtaine nó gan suíochán ar bith sa bhuaile aige/aici. Bíonn áilleacht le feiscint i gcónaí in anneoin na deachrachtaí.

Faraor d'imigh an tUasal Mahon ar shlí na fírinne ag deireadh an tsamhraidh tar éis tréimhse ghearr tinnis. Méala ana mhór a bháis. Níor léigh mé go raibh suim aige sa Ghaeilge fiú, ach ar a laghad níor luaigh sé focal ina coinne ach oiread, go bhfios domsa. Scríobh mé léiriú i nGaeilge den dán seo ina onóir. 

Bhain mé sásamh nach beag as an staidéar seo agus anois le teacht ar athrú mór i gcúrsaí polaitíochta na tíre is féidir liom a bheith foighneach go dtí go dtagann athruithe... 'sea...



Is Féidir Glacadh Leis

Tuige nach gliondar a bheadh orm le glanadh na spéire 

thall den fhuinneog dhormánta agus scáil snáth mara 

tharam ar an tsíleáil mar ábhair mhachnaimh agam?

Tiocfaidh an deireadh, tiocfaidh an deireadh,

ach ní gá é sin a bheartú.

Sruthaíonn na dánta ón lámh gan iarraidh,

an croí airdeallach ina bhfoinse cheilte acu.

Éiríonn an ghrian d'ainneoin gach uile ní

's bíonn na cathracha í gcéin geal agus gléineach.  

Táim sínte anseo i bpléascadh gréine

an láchan agus na scamaill reatha á bhfaire agam.

Is féidir glacadh leis.


Léiriú i nGaeilge le Hilary Mhic Suibhne

Everything is Going to be All Right le Derek Mahon








 

 

No comments: