Friday, April 22, 2022

Ardfhlaith na Danmhairge - Hamlet

 Hamlet - as Gaeilge

 

Iarradh orm le déanaí leagan Ghaeilge a chur ar fhéinuiríoll Hamlet, an ceann mór le rá a thosaíonn le "To be or not to be...". Bhí ionadh orm ar dtús, seo ceann des na ráitis is cáiliúla sa teanga Bhéarla ó pheann Shakespeare. (timpeall 1600.) Cén fáth a gcuirfeá Gaeilge air? Ach, cén fáth nár gcuirfeá Gaeilge air? Is í sin an chéist!! Compátas aisteoirí darb ainm "Shakespeare in the Park" leis The Drilling Company i NYC atá taobh thiar den tionscadal seo. (Tuilleadh ag deireadh, uasdátú - an t-eolas is déanaí, Bealtaine 2022)

Is fear óg é Hamlet dar liom, ní fheadar cén aois a bhfuil air go beacht ach cheap mé i gcónaí go raibh sé ina dhéagóir, abair 19 nó mar sin. Níl sé soiléir sa dráma féin ach oiread.  Cén fáth go bhfuilimse cinnte go bhfuil Hamlet óg? Bhuel, tá cúpla leid ann, cuireann a uncail Claudius an dallamullóg air ag tús báire, bhí scéim dhiamhair aige a dheartháir, athair Hamlet, a mharú agus teacht ar chumhacht na tíre gan cíos, cás ná cathú. Phós Claudius a dheirfiúr chéile ansin, baintreach a dhearthár agus máthair an fhir óg, ach theip air mórán ama a chaitheamh ag smaoineamh faoi Hamlet. B'fhéidir gur cheap sé nach raibh ann ach ógfhear amaideach.

Is smaointeoir domhan é Hamlet, tá sé beagáinín as a mheabhair le buairt tar éis bháis a hathair agus tá díomá nach beag air lena mháthair. Ligeann sé go bhfuil sé ina ghealt! Níl a fhios aige cad ba cheart a dhéanamh ach bhraitheann sé go bhfuil air díoltas a imirt ar a uncail. Ba bhreá leis a bheith ina laoch! Ach tá sé idir dhá thine Bhealtaine, (dhá cheann ar a laghad!) agus é ag argóint lena choinsias óg féin agus ag iarraidh cinneadh a dhéanamh le coinsias glan. Bíonn sé ag dianmhachnamh faoin saol mar atá, agus seanacheist an bháis, cad é? Cad is ifreann ann? An bhfuil teacht ar na flaithis ar chor ar bith?  Ceisteanna a thosaíonn ag boilgearnach i mbeagnach gach déagóir uair éigin agus iad ag éirí ina aosaigh óga. Ceisteanna fealsúnacha an tsaoil nach bhfuil freagraí le fáil fiú ceithre céad bliana dár gcionn, nó riamh déarfainn.

Thosnaíos an jab ag déanamh staidéir ar dhá leagan den téacs agus phioc mé amach na mothúcháin is tábhachtaí. Thug mé faoi deara tábhacht na siollaí sa phíosa áfach mar is í an teanga labhartha atá i gceist, níor scríobh Shakespeare é do léitheoirí ach dá lucht éisteachta. Chaitheas am ag féachaint ar léirithe Benedict Cumberbatch agus Kenneth Branagh sa ról Hamlet ar Youtube ( Cé go raibh an bheirt acu níos aosta ná mo Hamlet!) Ansin scríobh mé leagan den féinuiríoll bunaithe ar na mothúcháin in ionad na focail féin, ní dóigh liom go ndéanann sé aon chiall aistriúcháin díreacha a dhéanamh abairt tar éis abairte, ní oibríonn sé sin domsa. Bhíos ag comhaireamh siollaí agus ag léamh gach líne os ard arís is arís eile fad is a bhíos ag scríobh, go dtí go raibh mé réasúnta sásta leis.

Samhlaigh mé go n-oibreoidh na focail sa lá atá inniu ann, déagóir i bpian, gan tuismitheoirí nó fiú cara buan ina thimpeall - (go bhfios de/di), - aonarán, uaigneach, feargach agus brónach, le díoltas ag brú ar a hintinne. Chuireas leid nó dhó sa leagan atá ábhartha inniu féin.
Seo thíos comhad fuaime, an téacs agus gluais.



Beo nó neamhbheo? Nach í an cheist,

An fearrde é leanúint faoi bhráca,

Leanúint le céasadh intinne, le céasadh an tsaoil

Gan a fhios cén t-uafás a thitfidh amach?

Nó, an fearr dul i dtreo cogaidh, éag-ghonta,

Agus suaimhneas síoraí a fháil - má fhaightear.

Chun báis: Chun suain: Ciúnas go deo!

Saor ó achrann na buartha agus ó ualach an bhróin

Ar ghualainn na mbeo, oh -  scaoil amach mé!

Guím: Ciúnas go deo: Chun báis: Chun suain

Ach fós, saor ó taibhreamh?


Ochón na taibhrimh: sin í an fhadhb;

Faoi dheireadh is faoi dhéanach

Ar shlí na fírinne, saor, mar sin? Nó,

Dromchromadh, ciaptha ag an imní.

Feallaire inár measc! Saoirse bhréagach.


Fulaingt faoi shála daonnachta,

Cad chuige aghaidh ar anró an tsaoil?

Roimh bhearta na mbaitíní agus na dronga santacha,  

Ar an anás os comhair na saibhre,

Airc agus ampla faoi smacht na dtíoránach,

Is na mílte anachana eile,

Cúraimí gan cúiteamh gan faoiseamh go deo!

Ó, fáilte roimh Lá an Luan, le cabhair

Ón lann scine nó ón steallaire caol.   

Rogha éasca.


Óchón - go bhfóire an bradán beatha orainn!

É a chur amach le hosna. Dea-críoch, droch chríoch.

Is ionann an cás an beo is an bás.

An bhfaightí cúnamh ón mbuille marfach.

An taistealaí anaithnid gan fuacht gan faitíos

Ag bualadh isteach i dtír choimhthíoch.

Faraoir, arís eile, ina staic le heagla,

Mar mheatachán cladhartha. 



Leagan Gaeilge

Irish Language Version

15 Aibreáin 2022.
Hilary Mhic Suibhne



Gluais:

faoi bhráca - distress

éag-ghonta - mortally wounded


ualach an bhróin - burden of sorrow


shála daonnachta - heels of humanity


bhearta na mbaitíní - shenanigans of bully-boys

dronga santacha - greedy hoards


Airc agus ampla - want and hunger


anachana - calamities or disasters


Cúraimí gan cúiteamh gan faoiseamh - relentless thankless tasks


Ón lann scinne nó ón steallaire caol. - from stiletto, a long slender dagger, or syringe

An bradán beatha - last gasp, death rattle

mbuille marfach - death blow

taistealaí anaithnid - strange traveller (on life's journey)

gan fuacht gan faitíos, - without hesitation

ina staic - paralysed

Mar mheatachán cladhartha - Like a craven coward.

 

Uasdátú Bealtaine : Agus féach anseo anois:  The Drilling Company - an píosa idir lámha Una Clancy.


 

Comments? Please DM me on Twitter or FB.
I'm no longer processing comments here due to trolls.

No comments: