Thursday, November 17, 2022

Inisherin - an scannán.






Comhad Fuaime Thuas. 

Ní fheadar fíor nó bréagach ach is ráiteas mór le rá é go ndúirt Sigmund Freud uair éigin nach raibh leigheas ar bith ar na hÉireannaigh!! Ní amháin sin ach nach bhfiú triail a bhaint as iad a chabhrú trí mheán na síocanailíse. Cheapas faoi sin agus mé ag machnamh faoin scannán Inisherin a bhfaca mé tráthnóna Dé Domhnaigh. Is trua nach raibh an drámadóir, Martin McDonogh ar an bhfód céad bliain ó shin mar déarfainn go mbeadh sé in ann Freud agus a chairde a chur i dtreo na tuisceana!

Inisherin, The Island of Erin, bhuel, nach bhfuil sé soiléir ón teideal gur micreacosma den tír féin atá i gceist anseo. Ní dráma grinn í seo! Cé go bhfuil sé breac le himeachtaí greannmhara, go háirithe an chéad leath. Tá sé lonnaithe i 1924 ar oileán beag ar imeall na tíre, fé mar a bhfuil Éire ar imeall na hEorpa. Buaileann tú le hÉireannaigh de gach cineál ar Inisherin, a leithéid fós beo agus beatha in Éirinn an lá atá inniu ann!

Tá ceathrar carachtar ann, Colm agus Pádraic na priomh charactair, ansin Siobhán, deirfiúr Phádraic agus Dominic, mac an gharda. Tá daoine eile le páirteanna tánaisteachta ann, fear an bheair agus a custaiméirí, an garda agus an sagart.

An bhfuil siad sásta lena saolta beaga ar an oiléan álainn seo? Níl ach Pádraic sásta ar dtús ach athraíonn sin go tapaidh. Níl Colm nó Siobhán sásta lena saolta ar chor ar bith ach, ar a laghad tuigeann Siobhán a cás féin. Is truán brónach é Dominic bocht, an créatúr, gan cumhacht ar bith. Ba chuma leis an ngarda agus leis an sagart rud nó duine ar bith seachas iad féin - nó dá mbeadh tairbhe le baint dóibh féin …iadsan ionadaithe an stáit ar ndóigh agus nach bhfuil aithne againn ar a leithéid de dhuine.

Is gnáthphoiblíocht iad an dream sa bheár, gan mórán le rá, gan smaoineamh domhain riamh acu, dream dúnta go leor iad gan puinn fiosrachta acu srl. Dream "Sure this is it " mar a déarfá! Cinnte, bíonn na carachtair go léir seo le fáil i ngach cúinne den tír má fhéachtar!

Aonaracht, uaigneas, foréigean, mí-úsáid ghnéasach, fearg, frustrachas, dímhaointeas, gealtacht agus éadóchas….. oh yeah - iad uilig agus tuilleadh - agus thit mé i ngrá le Jenny, an tasal beag dubh!!….
Téigh chun é a fheiscint -  is fiú!
(Ach ní bheidh tú ag gáire)

No comments: