Bhíos as baile ar feadh seachtaine ar turas sciáil le Eoghan. Bhíomar i dtuaisceart agus ansin in iarthar an stáit, ghlac sé páirt de bharr cáilíochta i gcomórtais mór le rá thuas ansin; The Empire Winter Games agus The NY State High School Championships agus d’éirigh go maith leis, dar liomsa. Ar ndóigh bhí díomá air nár éirigh níos fearr leis ach sin saol an lúithnire sa sport deacair seo. Bíonn comórtas idir na iomaitheoirí ach níl an comórtas sin chomh domhain agus an comórtas ionat féin agus an tslí ina réitítear na mílte fadhbanna a tharlaíonn fad is a bítear ag gluaiseacht ar nós na gaoithe (nó na geilte) síos fánaí géara! Chríochnaigh sé i spota píosa ana mhaith níos airde ná a thús, ag bogadh sa threo cheart mar a deirimse leis. Thánamar abhaile oíche Dé Chéadaoin mise traochta ón turas gan trácht air siúd agus cairn mór obair bhaile os a chomhair don scoil…….ach ar aghaidh leis aréir arís go comórtas ar sliabh eile thar n-ais in iarthar an stáit, cúig uair go leith eile sa charr, omg! (grá an dualgais ar a athair an uair seo,) sceitimíní ina a mheara aige agus ina mhearchois aige agus dúil a anama a bheith ar na fánaí fuara arís.
Saturday, February 28, 2009
Dúil a Anama
Bhíos as baile ar feadh seachtaine ar turas sciáil le Eoghan. Bhíomar i dtuaisceart agus ansin in iarthar an stáit, ghlac sé páirt de bharr cáilíochta i gcomórtais mór le rá thuas ansin; The Empire Winter Games agus The NY State High School Championships agus d’éirigh go maith leis, dar liomsa. Ar ndóigh bhí díomá air nár éirigh níos fearr leis ach sin saol an lúithnire sa sport deacair seo. Bíonn comórtas idir na iomaitheoirí ach níl an comórtas sin chomh domhain agus an comórtas ionat féin agus an tslí ina réitítear na mílte fadhbanna a tharlaíonn fad is a bítear ag gluaiseacht ar nós na gaoithe (nó na geilte) síos fánaí géara! Chríochnaigh sé i spota píosa ana mhaith níos airde ná a thús, ag bogadh sa threo cheart mar a deirimse leis. Thánamar abhaile oíche Dé Chéadaoin mise traochta ón turas gan trácht air siúd agus cairn mór obair bhaile os a chomhair don scoil…….ach ar aghaidh leis aréir arís go comórtas ar sliabh eile thar n-ais in iarthar an stáit, cúig uair go leith eile sa charr, omg! (grá an dualgais ar a athair an uair seo,) sceitimíní ina a mheara aige agus ina mhearchois aige agus dúil a anama a bheith ar na fánaí fuara arís.
Tuesday, February 17, 2009
Thar n-ais i dTir na Beatha
Is ar éigin atáim beo!
Bhuel, bhí deireadh seachtaine bhreá geallta agam ach mar is eol do chách níl mar a shiltear a bítear uaireanta. Bhuaileas le mo chairde ag deireadh seachtaine na Gaeilge thuas in Esopus NY maidin Dé Sathairn le plean fanacht leo go tráthnóna dé Luain. Ach faraoir nár eirios tinn tráthnóna Dé Sathairn, ní raibh a fhios agam cad a bhí cearr ach do bhí ganntanas fuinnimh agam, bhi me fuar, ní raibh fiú tart orm!! Rud an aisteach domsa nuair a bhímse i measc scata Gaeilgeoirí. D’imigh chun leapa luath agus bhí codladh ceart go leor agam ach le breacadh an lae bhraitheas aisteach. Cheapas go raibh rud éigin ag dul in olcas ach ag an am céanna bhí drogall orm imeacht abhaile, i lár na maidine áfach bhraitheas tinneas cinn ag bagairt orm taobh thiar mo súile. Bhailíos liom abhaile agus chaitheas an tráthnóna ar an tolg ag iarraidh an bhagairt a ruaigeadh uaim, faraoir theip orm.
Timpeall a seacht ní raibh sé ag bagairt níos mó ach ar lán sheol agus ní raibh an tarna suíochán sa bhuile agam ach é a thógaint chun na leapa liom. Ní raibh éalú ná imeacht agam air. Ghlacas gnáth leigheas, mar a ghlac níos luaithe sa lá, thiteas i mo chodladh tráth agus nuair a dhúisíos ghlacas arís é, cheap mé go n-oibreoidh sé arís ach bhíos mí cheart. Bhí a fhios agam go raibh piolla Codeine amháin agam sa tigh ach bhí sé ró luath é a ghlacadh tar éis an méad a bhí slogtha siar agam cheana! Bhí an pian go dona amach is amach. Bhí sé timpeall a h-aon a chlog sa mhaidin agus bhíos i gcruacás leis. D’imigh an t-am isteach go mall, chuala mé cailleach na hoíche ag scréachadh Who Cooks For You arís is arís eile, ba maith liomsa scread léanmhar a lingint asam, ach bhí an tigh folamh. Bhí fir an tí as baile agus ó cheapadar nach mbeinn anseo thugadar mo ghrá gheal Cara, (mo sheana mhadra) agus na cait, Púca agus Banba leo, bhíos i m’aonar, mar an pingin deireanach sa bhosca stáin. Smaoiníos ar Louis XVI agus an guillotine, dá mbeadh ceann agam sa tigh ní bheadh ceann agam. Bhíos ag súgradh le focail agus mé ar leaba mo bháis! Chuala mé Coyotes ag canadh tamaillín. D’éirigh an phian níos measa fós agus bhí orm teacht ar an Codeine agus ghlacas é, bhí sé beagnach a cúig a chlog ag an am seo agus cheapas go mbeinn ceart go leor ó thaobh ama de. Tar éis tamaillín bhraitheas an phian ag cúlú phíosa, quelle joie! ach go hobann bhíos ar traein, agus sinn ag dul síos fána cnoic agus lúba gearra ós ár gcomhair, bhíos sa tríú carráiste in aice na fuinneoige mar is gnách. Chonaic mé an inneall ag titim ón iarnród, ansin an chéad carráiste, an tárna carráiste ansin mo cheannsa féinig, bhíos ag titim i ndiaidh mo mhullaigh, gach rud bun os chionn, rith sé liom nach mbíonn criosanna againn i traenacha? Cén fáth? Bíonn siad againn i gcarranna agus in eitleáin!! Bhí a fhios agam go mbeadh orm greim a fháil ar rud éigin go tapaidh chun mé féin a shábháil, rug mé ar postanna mo leapa le greim an fhir báite agus mo cholann ag léimt timpill mar ghealt agus an diabhal inti! Do dhúisíos le preab, bhí a fhios agam díreach cad a bhí ar siúil…an diabhal codeine a bhí cúis leis an tromluí! Chuireas mó lámha bocht thar n-ais faoin duvet, iad tuirse ón greim teann, ní fheadar cén fhad a bhíodar thuas ansin. Dia duit, a Shuibhne Gealt, a dúirt mé liom féin agus thit mé i bhfanntais arís.
Ansin go hobann bhíos thíos san uaigh chúig déag scilling i Cré na Cille agus Caitríona Pháidín os mo chomhair ag gearán is ag banrán, ní fhaca sí mise, buíochas le Dia, ach arís ní raibh éalú ar bith le fáil agam agus mé gafa. Bhí a guth mar tairní i mo chluasa agus bhí sí á bualadh isteach iad gan stad gan staonadh. D’éirigh an phian taobh thiar mo shúile níos fíochmhaire. Cheapas go mbeinn gafa anseo go deo. Ansin tháinig Caitlín Maude ar an bhfód mar aingil. Thosnaigh sise ag tabhairt tuirne mháire do Chaitlín as an bpraiseach a dhein sí dá saol le droch smaointí. Níor stop Caitlín leis an íde béil seo go dtí go raibh brón ar Caitríona. Bhí Caitlín ag caitheamh poncho agus bhí sí in ann é a úsáid mar sciatháin agus bhí cuma álainn ar a aghaidh, chonaic sí mise ansin agus mé ar an dé deiridh sa chúinne faoin duvet agus thosnaigh sí ag canadh. Ní chuimhin liom i gceart cén amhrán a chan sí, b’fhéidir Róisín Dubh…. ach chuir a canadh ar mo shuaimhneas mé, ní nach ionadh, nach raibh guth fé leith aici?.. Is cuimhin liom a rá liom féinig má thagaim slán ón tréimhse seo tá orm a bheith cinnte gan am a chur amú ar aon rud nó ar aon mothúchán suarach, thiteas i mo chodladh le glór Caitlin Maude i mo chluasa.
Dhúisíos ar maidin, chuala mé an uisce te ag bogadh trí na píopa an tseomra, bhí an teas ar siúl…. d’oscailíos súil amháin, bhí sé sách geal, bhí an ghrian ina shuí cheana agus chuir an solas isteach go mór orm. Bhí an diabhal pian fós ann…agus bhí sí go dona arís.. ach bhí a fhios agam go raibh cupla uair codlata agam ar a laghad. Ní raibh mé in ann mo shúile a oscailt, bhí solas an lae ag teacht trí mó chaipíní súile. Cheapas go raibh saghas Cupid le droch-chroí ann agus é ag scaoileadh a chuid saighde díreach trí lár mo n-imreasc! Ach is cuma nó muc duine gan seift agus bhí a fhios agam go raibh aghaidh fhidil áit éigin agam, úsáidim ar eitiltí thar oíche í nuair a bhím ag dul go Éireann. Thosníos ag smaoineamh faoi agus d’éirigh liom teacht air gan mórán trioblóide, bhí sé sa mhála taistil ag deireadh mo leapa, fós lán ón deireadh seactaine . Ghlacas níos mó gnáth leigheas, (faraoir ní raibh aon codeine eile agam,) agus chuireas orm an aghaidh fhidil, mo chara cléibh nua, agus do chuir an aghaidh fhidil an ruaig ar fháinne an lae. Bhí an phian go dona an mhaidin iomlán, ansin san iarnóin agus mé sínte amach i lár na leapa, corp in ionad colainn, cuma an chéasadh orm.. mo lámha sínte amach uaim...go hobann bhraitheas m’fhuil ag bogadh i mo mheara agus i mo mhear chosa, ansin bhog sé suas mo lámha agus mo cosa. Bhí saghas drithlín i mo chuid fola! Lean na drithlíní ag bogadh agus bhraitheas m’anam ag filleadh thar n-ais chugam. D’ardaigh mé lámh amháin go cúramach go dtí m’aghaidh fhidil, d’ardaigh mé cúinne di go cáiréiseach, bhí sé fós geal sa seomra ach buíochas le Dia ní raibh mo dhuine lena chuid saighde ann. Bhain mé díom an aghaidh fhidil, an raibh mé fós beo? D’fhéach mé timpeall, bhí an leaba ina phraiseach, ní raibh ach piliúr amháin ann, na trí cinn eile trasna an tseomra (is dócha ón timpiste tranach). Bíonn carn leabhar agus clog ar bhord beag i m’aice de gnáth, bhíodar uile ar an urlár chomh maith. Chonaic go raibh sé beagnach a trí a chlog….beagnach fiche uair sa leaba! D’eiríos agus chuaigh mé isteach sa seomra folcadh agus mo chosa ag lúbadh fúm. Bhí cailleach os mo chomhair sa seomra folcadh: Seanabhean le ceann tuí, poill dhorcha marbha ina raibh súile uair amháin, cuma an bháis ar a craiceann tirim, beola tirim gorma agus muineál tanaí turcaí aici……Cá bhfuil an bhean gealgháireach a bhíonn ós mo chomhair de gnáth sa scátháin seo? An dtiocfaidh sí thar n-ais ariamh???????? . Lion mé an folcadán agus isteach liom, an uisce te mar clóca faoisimh umam, agus aon uair a d’éirigh an uisce píosa fionnuara líon mé isteach níos mó uisce te le mo mhéar chosa, sa deireadh bhí roic ar mo lámha agus ar bhoinn mo chos ach téann siad go maith le aghaidh na caillí.
Tuesday, February 10, 2009
Thar n-Ais go Dtí an Todhchaí
Níl ort íoc as le airgead an uair seo ach le obair deonach agus araile. Tuilleadh anseo.
An Plean
Friday, February 06, 2009
Sceal Bronach
" Cailleadh an t-amhránaí clúiteach sean-nóis, scoláire agus léachtóir le Gaeilge Ciarán Ó Con Cheanainn, go hobann ina theach cónaithe i mBaile Átha Cliath inné, 3 Feabhra 2009. Bhí sé 27. Bhí sé ar an duine ab óige riamh a bhuaigh Corn Uí Riada ar amhránaíocht ar an sean-nós nuair a thug sé an gradam leis ag Oireachtas 2008 i gCorcaigh.
Ba léachtóir le Nua-Ghaeilge faoi mhórmheas é Ciarán, i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta UCD. Bhí gradaim agus duaiseanna bainte amach aige i Léann na Gaeilge, agus ba ag cur barr feabhais ar thráchtas dochtúireachta ar amhránaíocht na Gaeilge a bhi sé nuair a cailleadh é. As Saile Thúna, An Spidéal, Co. na Gaillimhe dó; fuair sé oideachas ollscoile in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, sa Choláiste Ollscoile BÁC, agus in Ollscoil Dhún Éadainn na hAlban. Maireann a mháthair agus a dheirfiúr Máirín. Ar dheis Dé go raibh a anam."
Wednesday, February 04, 2009
Buachaillí Beaga agus a Máithreacha Bochta!!!
Bhí cara ag rá liom inniu gur chaith sí agus a fear céile tráthnóna san ER lena maicín. Bhí an buachaillín tinn le slaghdán agus thug sí spúnóg de Tylenol dó ach cad a tharla ná tháinig an mamailíneach ar an mbuidéal agus creid nó nár creid d’oscail sé é. Nuair a chonaic sise é bhí Tylenol gach aon áit agus ní raibh sí cinnte ar ól sé ana chuid de nó nár ól sé mórán Ní raibh an tarna suíochán sa bhuaile aici ach é a thabhairt go dtí an ospidéal ar eagla na heagla. Dúradar léi tar eis an scrúdaithe go raibh sé ceart go leor agus go raibh níos mó ar a gheansaí ná taobh istigh. Osna faoisimh! Bíonn buachaillí beaga lán de spraoi i gcónaí agus is minic a bhíonn sé deacair coimeád suas leo.
Is cuimhin liom uair amháin nuair a bhios torrach le
Cupla lá ina dhiaidh tháinig
Samhlaigh ar an cnoc mór sin ar mo bholgsa an oiche fhuar fhada sin!! agus ní bean ró mhór mise.
Níl deireadh leis na scéalta le buachaillí beaga ach mar a dúirt cé go mbíonn ana fhuinneamh acu agus iad óg, bíonn siad simplí go leor agus iad ina dhéagóirí, bia, níos mó bia, agus spóirt, sin é.
Monday, February 02, 2009
Ceiliúradh Lá Fhéile Bríd ach gan an t-Earrach.
Tá tús an earraigh buailte acu in Éireann cheanna ach táimid fós i lár an gheimhridh anso i Nua Eabhrac, ach fós féin feicim go bhfuil, i bhfocal Raifterí, na laethanta ag dul chun síneadh. Ardóidh mise mo sheolsa oíche Déardaoin seo atá ag teacht le turas ó thuaidh arís, nós atá agam beagnach gach deireadh seachtaine, ó chuir mé i mo cheann é roimh na Nollaig agus ní stopfaidh mé choíche go dtí go bhfuilim i lár na hAdirondacks (fásach i dtuaisceart an stáit seo.) gach aon seans a bheidh agam fad a mhairfidh séasúr an tsneachta
Friday, January 30, 2009
Oiche Anocht- Bailiúchán na nGaeilgeoirí
Oíche Shiamsaíochta le ceol, amhránaíocht agus filíocht na Gaeilge
Céiliúradh taca na Féile Bríde
Ard-Chonsalacht na hÉireann
345 Park Avenue Urlár 17ú
Cuirtear fáilte romhat bheith linn ag oíche lán de cheol, d’amhránaíocht agus filíocht na Gaeilge idir
6-8 pm ar an Aoine 30 Eanáir 2009
[We’re celebrating February 1st aka St. Brigid’s day in Irish language song, poetry and music. This should be a good occasion to start brushing up your Irish!]
RSVP: 2123192554 Marie
Wednesday, January 28, 2009
Deireadh an Leabhair Úd.
Chuir duine le fios orm go bhfuil an leabhar seo ar liosta OPRAH. An cúis í sin clúdach donn a choimeád air in aon áit poiblí mar leabhar pornagrafaíochta? Ní dóigh liom é ! Ní léitheoir ard srónach mise!
Friday, January 23, 2009
Leabhar
Nuair a chuireas tús leis an mblog seo plean amháin a bhí agam ná cur sios a dhéanamh go rialta ar na leabhair a bheadh idir lámha agam. Bíonn leabhar nó dhó idir lámha agam i gcónaí agus is annamh a luaim anseo iad. Cuirim naisc ar thaobh an bhlog seo anois is arís ach faraoir bím leisciúil…. Faoi láthair táim ag baint an taitneamh as The Story of Edgar Sawtelle. Cheapas ar dtús nach mbeadh sé ró mhaith ach mar a tharlaíonn go minic do tharraing an scéal isteach mé, (saghas mistéir atá ann anois nach raibh soiléir ón dtús) agus oireann an leabhar tráthnónta os comhair an tine nó tréimhsí ar an traein. Baineann an scéal le muintir a gcothaíonn madraí fé leith, agus mura bhfuil suim ag an léitheoir i madraí agus an tslí ina smaoiníonn siad ní dóigh liom go n-oirfeadh an leabhar leis! Tá rian finscéil (fantasy) ann chomh maith rud a chuireann isteach ar daoine áirithe ach bímse ceart go leor le sin.
Tá carachtair amháin ann atá ana cosúil le mo mhadra féin Cara, madra críonna eile atá inti, Almondine is ainm dí. Feictear gaois an seana mhadra go minic sa scéal. Is le buachaill balbh í agus tuigeann sí gach rud a labhraíonn sé lena lámha dí gan trácht ar a theanga choirp, rudaí nach bhfuil deacair domsa a thuiscint ar chor ar bith.
Wednesday, January 21, 2009
Lá Grianmhar sna SAM
Níor mhaith liom a bheith diúltach ar chor ar bith ach mar a dúirt cheana, ní Superman é agus tá súil agam go mbeidh an pobal foighneach leis. ‘Sea lá grianmhar a bhí ann inné ach bhí sé fuar leis agus beidh droch aimsir fós le teacht.
Ná bí ag feitheamh ar míorúiltí!
Tuesday, January 13, 2009
Fógra : Oíche na Gaeilge i NYNY
Tá oíche bhreá geallta dar liom, seans bualadh le daoine eile le suim acu sa teanga, seans agat a bheith ag canadh más maith leat? scéal a insint? píosa filíochta a léamh? nó do scíth a ligint agus tú sa lucht féachana / éisteachta.
Má bhíonn suim agat a bheith páirteach, ní gá ach glaoch ar an oifig (212) 319-2555 agus abair leo d’ainm a chur ar an liosta chun cheada istigh a fháil, ansin bí cinnte go bhfuil ID agat an oíche úd.
Monday, January 12, 2009
An Obamarama
Bhuel, chuir mé m’ainm sa hata an chrannchúir ar suíomh an fheachtais chun teacht ar ticéid chuig an ócáid mhór i
Friday, January 09, 2009
Duaiseanna Blogadóireachta 2009!
Tony Gregory, i gcónaí 45
Rud amháin a tharlaíonn nuair a bhíonn duine ina eisimirceach nó ina deoraí ná go stopann an t-am i slí áirithe maidir le íomhánna... Bhí ionadh orm a fháil amach (in ainneoin na mílte turais thar n-ais go Éireann agus teagmháil le clann, cairde agus cúrsaí ansin gach aon seachtain) go raibh Tony Gregory 61 bliana d’aois nuair a d’imigh sé ar slí na firinne seachtain ó shin, grásta Dé air.
Beidh sé i gcónaí timpeall 45 domsa.
Is cuimhin liom go raibh sé ina chara don teanga chomh maith a shaol iomlán agus ní raib h drogall ar labhairt sa Ghaeilge in aggalaimh aon uair.
Léigh mé cur síos faoi i gcolún na marbh agus chuir sé i gcuimhne dom íomhá soiléir dó ag argóint le polaiteoirí eile ar an teilifís go minic, chomh maith le sin é páirteach le sluachorraitheoirí eile sna 80’s ag iarraidh cabhrach dá toghdóirí ó lár na cathrach i mBAC.
Bhí sé dílis dá ghnó agus dá lucht leanúna agus má tá sé ráite ag féachaint siar nár éirigh ró mhaith leis sa chluiche pholaitíochta ní dóigh liom gur chuir sé sin isteach ná amach riamh air.
Wednesday, January 07, 2009
An Bhliain Ur
Cairn mór oibre os mo chomhair ach smaointí iontacha agam faoin tréimhse sa tuaisceart.
Ach ag an am céanna táim croíbhriste faoi cursaí i Gaza, tá sé go dona amach is amach, tá pictiúir anseo ón Boston Globe.
Is cuma cursaí eachnamaíochta na tíre nuair a bhíonn fulaingt mar seo ar siúil…In ainm Dé nach féidir leo stopadh? Beagnach 700 caillte anois i