Is cosúil go bhfuil loghanna thar n-ais i saolta na gCaitliceach, loghanna iomlán agus loghanna páirteach! Ní raibh a fhios agamsa go dtí le déanaí cad a bhí i gceist ar chor ar bith maidir le loghanna ach do mhínigh cara liom na sonraí. Anois is féidir do thréimhse i bpurgadóir a gearra más féidir leat teacht ar logha, (chomh fada is atá tú fíor bhrónach as do chuid pheaca agus ar ndóigh tar éis iad uile a chur i bhfaoistin!) Tá sé sin tábhachtach. Rud amháin eile ná is féidir leat loghanna a fháil as do stuaim féin ar son anamacha atá gafa agus i bpurgadóir cheana féin! Nach deas é sin? An aithrí a ghearradh do dhuine eile. Tá ceist agam áfach, cad a tharlaíonn muna raibh seans ag an aithríoch sin a chuid pheaca uile a chur i bhfaoistin…an oibríonn an loghanna?
Níl ort íoc as le airgead an uair seo ach le obair deonach agus araile. Tuilleadh anseo.
8 comments:
Ní raibh siad riamh imithe.
Chosc Comhairle Trionta a cleachtas (a bhí i gcónaí mí cheart) iad a dhíol - baineadh mífheidhm as sin sna meanaoiseanna, agus ba cuid den chúis a spreag Luther iad.
Maidir le aithrí agus gan bheith in ann teacht ar faoistin roimh bás, más fíor aithrí atá ann, is leor é.
Breis anseo:
http://www.scborromeo.org/ccc/p2s2c2a4.htm#1471
A Hil,
nár chuireadh teagasc críostaí ort riamh nó an siúlann tú le seala eile?
A Hil,
nár chuireadh teagasc críostaí ort riamh nó an siúlann tú le seala eile?
Grma as an nasc sin a Aongus.
” Más fíor aithrí atá ann is leor é.”
Aontaím le seo.
Oh..do chuir, a Fheirn, ar scoil in Éireann agus ní raibh mórán trioblóid agam leis ach ní raibh mé ró shásta le faoistin ariamh agus d’éirigh mé as an nós sin nuair a bhíos óg go leor agus mé in ann/ag iarraidh/ smaoineamh domsa féin timpeall aon bhliain déag d’aois.
Ach oireann sí le daoine eile.
Maidir le faoistin - is maith an scathán súil carad. Agus is maith freisin an scathán súil dea shagart.
Ní bac ar smaoineamh ba cheart a bheith i bhfaoistin, ach (i measc rudaí eile) cabhair chun do smaointe a scagadh.
Ní mór gan amhras sagart ionraic, tuisceanach a aimsiú.
Léigh mé in áit éigin gur Éireannaigh a chuir tús le faoistin san Eaglais, timpeall 1000 bliain i ndiaidh Chríost. B'fhéidir nach bhfuil sé foirstineach do scata mór daoine 1000 bliain ina dhiadh sin arís.
Ó thaobh teagasc críostaí de, uaireanta is mór idir a chuireadh ós ár gcomhair dúinn agus sinne inár sotaigh agus na focla a dúirt Críost.
Is mór idir aon ní a chuireadh ós ár gcómhair agus muid inár stócaigh agus cruinneas aon scéil.
Ní mór leanacht den foghlaim i ngach gné den saol!
Maidir le gnás reatha na faoistine, tá cuid den fhírinne agat.
http://www.scborromeo.org/ccc/p2s2c2a4.htm#1447
Aithníonn an Chaiticiosma féin ról na manaigh gaelacha.
"Tá ceist agam áfach, cad a tharlaíonn muna raibh seans ag an aithríoch sin a chuid pheaca uile a chur i bhfaoistin…an oibríonn an loghanna?"
Más buan mo chuimhne, oibríonn, cionn is go bhfágann intinn an aithrígh ann.
Post a Comment