Tuesday, February 17, 2009

Thar n-ais i dTir na Beatha

Is ar éigin atáim beo!
Bhuel, bhí deireadh seachtaine bhreá geallta agam ach mar is eol do chách níl mar a shiltear a bítear uaireanta. Bhuaileas le mo chairde ag deireadh seachtaine na Gaeilge thuas in Esopus NY maidin Dé Sathairn le plean fanacht leo go tráthnóna dé Luain. Ach faraoir nár eirios tinn tráthnóna Dé Sathairn, ní raibh a fhios agam cad a bhí cearr ach do bhí ganntanas fuinnimh agam, bhi me fuar, ní raibh fiú tart orm!! Rud an aisteach domsa nuair a bhímse i measc scata Gaeilgeoirí. D’imigh chun leapa luath agus bhí codladh ceart go leor agam ach le breacadh an lae bhraitheas aisteach. Cheapas go raibh rud éigin ag dul in olcas ach ag an am céanna bhí drogall orm imeacht abhaile, i lár na maidine áfach bhraitheas tinneas cinn ag bagairt orm taobh thiar mo súile. Bhailíos liom abhaile agus chaitheas an tráthnóna ar an tolg ag iarraidh an bhagairt a ruaigeadh uaim, faraoir theip orm.

Timpeall a seacht ní raibh sé ag bagairt níos mó ach ar lán sheol agus ní raibh an tarna suíochán sa bhuile agam ach é a thógaint chun na leapa liom. Ní raibh éalú ná imeacht agam air. Ghlacas gnáth leigheas, mar a ghlac níos luaithe sa lá, thiteas i mo chodladh tráth agus nuair a dhúisíos ghlacas arís é, cheap mé go n-oibreoidh sé arís ach bhíos mí cheart. Bhí a fhios agam go raibh piolla Codeine amháin agam sa tigh ach bhí sé ró luath é a ghlacadh tar éis an méad a bhí slogtha siar agam cheana! Bhí an pian go dona amach is amach. Bhí sé timpeall a h-aon a chlog sa mhaidin agus bhíos i gcruacás leis. D’imigh an t-am isteach go mall, chuala mé cailleach na hoíche ag scréachadh Who Cooks For You arís is arís eile, ba maith liomsa scread léanmhar a lingint asam, ach bhí an tigh folamh. Bhí fir an tí as baile agus ó cheapadar nach mbeinn anseo thugadar mo ghrá gheal Cara, (mo sheana mhadra) agus na cait, Púca agus Banba leo, bhíos i m’aonar, mar an pingin deireanach sa bhosca stáin. Smaoiníos ar Louis XVI agus an guillotine, dá mbeadh ceann agam sa tigh ní bheadh ceann agam. Bhíos ag súgradh le focail agus mé ar leaba mo bháis! Chuala mé Coyotes ag canadh tamaillín. D’éirigh an phian níos measa fós agus bhí orm teacht ar an Codeine agus ghlacas é, bhí sé beagnach a cúig a chlog ag an am seo agus cheapas go mbeinn ceart go leor ó thaobh ama de. Tar éis tamaillín bhraitheas an phian ag cúlú phíosa, quelle joie! ach go hobann bhíos ar traein, agus sinn ag dul síos fána cnoic agus lúba gearra ós ár gcomhair, bhíos sa tríú carráiste in aice na fuinneoige mar is gnách. Chonaic mé an inneall ag titim ón iarnród, ansin an chéad carráiste, an tárna carráiste ansin mo cheannsa féinig, bhíos ag titim i ndiaidh mo mhullaigh, gach rud bun os chionn, rith sé liom nach mbíonn criosanna againn i traenacha? Cén fáth? Bíonn siad againn i gcarranna agus in eitleáin!! Bhí a fhios agam go mbeadh orm greim a fháil ar rud éigin go tapaidh chun mé féin a shábháil, rug mé ar postanna mo leapa le greim an fhir báite agus mo cholann ag léimt timpill mar ghealt agus an diabhal inti! Do dhúisíos le preab, bhí a fhios agam díreach cad a bhí ar siúil…an diabhal codeine a bhí cúis leis an tromluí! Chuireas mó lámha bocht thar n-ais faoin duvet, iad tuirse ón greim teann, ní fheadar cén fhad a bhíodar thuas ansin. Dia duit, a Shuibhne Gealt, a dúirt mé liom féin agus thit mé i bhfanntais arís.

Ansin go hobann bhíos thíos san uaigh chúig déag scilling i Cré na Cille agus Caitríona Pháidín os mo chomhair ag gearán is ag banrán, ní fhaca sí mise, buíochas le Dia, ach arís ní raibh éalú ar bith le fáil agam agus mé gafa. Bhí a guth mar tairní i mo chluasa agus bhí sí á bualadh isteach iad gan stad gan staonadh. D’éirigh an phian taobh thiar mo shúile níos fíochmhaire. Cheapas go mbeinn gafa anseo go deo. Ansin tháinig Caitlín Maude ar an bhfód mar aingil. Thosnaigh sise ag tabhairt tuirne mháire do Chaitlín as an bpraiseach a dhein sí dá saol le droch smaointí. Níor stop Caitlín leis an íde béil seo go dtí go raibh brón ar Caitríona. Bhí Caitlín ag caitheamh poncho agus bhí sí in ann é a úsáid mar sciatháin agus bhí cuma álainn ar a aghaidh, chonaic sí mise ansin agus mé ar an dé deiridh sa chúinne faoin duvet agus thosnaigh sí ag canadh. Ní chuimhin liom i gceart cén amhrán a chan sí, b’fhéidir Róisín Dubh…. ach chuir a canadh ar mo shuaimhneas mé, ní nach ionadh, nach raibh guth fé leith aici?.. Is cuimhin liom a rá liom féinig má thagaim slán ón tréimhse seo tá orm a bheith cinnte gan am a chur amú ar aon rud nó ar aon mothúchán suarach, thiteas i mo chodladh le glór Caitlin Maude i mo chluasa.

Dhúisíos ar maidin, chuala mé an uisce te ag bogadh trí na píopa an tseomra, bhí an teas ar siúl…. d’oscailíos súil amháin, bhí sé sách geal, bhí an ghrian ina shuí cheana agus chuir an solas isteach go mór orm. Bhí an diabhal pian fós ann…agus bhí sí go dona arís.. ach bhí a fhios agam go raibh cupla uair codlata agam ar a laghad. Ní raibh mé in ann mo shúile a oscailt, bhí solas an lae ag teacht trí mó chaipíní súile. Cheapas go raibh saghas Cupid le droch-chroí ann agus é ag scaoileadh a chuid saighde díreach trí lár mo n-imreasc! Ach is cuma nó muc duine gan seift agus bhí a fhios agam go raibh aghaidh fhidil áit éigin agam, úsáidim ar eitiltí thar oíche í nuair a bhím ag dul go Éireann. Thosníos ag smaoineamh faoi agus d’éirigh liom teacht air gan mórán trioblóide, bhí sé sa mhála taistil ag deireadh mo leapa, fós lán ón deireadh seactaine . Ghlacas níos mó gnáth leigheas, (faraoir ní raibh aon codeine eile agam,) agus chuireas orm an aghaidh fhidil, mo chara cléibh nua, agus do chuir an aghaidh fhidil an ruaig ar fháinne an lae. Bhí an phian go dona an mhaidin iomlán, ansin san iarnóin agus mé sínte amach i lár na leapa, corp in ionad colainn, cuma an chéasadh orm.. mo lámha sínte amach uaim...go hobann bhraitheas m’fhuil ag bogadh i mo mheara agus i mo mhear chosa, ansin bhog sé suas mo lámha agus mo cosa. Bhí saghas drithlín i mo chuid fola! Lean na drithlíní ag bogadh agus bhraitheas m’anam ag filleadh thar n-ais chugam. D’ardaigh mé lámh amháin go cúramach go dtí m’aghaidh fhidil, d’ardaigh mé cúinne di go cáiréiseach, bhí sé fós geal sa seomra ach buíochas le Dia ní raibh mo dhuine lena chuid saighde ann. Bhain mé díom an aghaidh fhidil, an raibh mé fós beo? D’fhéach mé timpeall, bhí an leaba ina phraiseach, ní raibh ach piliúr amháin ann, na trí cinn eile trasna an tseomra (is dócha ón timpiste tranach). Bíonn carn leabhar agus clog ar bhord beag i m’aice de gnáth, bhíodar uile ar an urlár chomh maith. Chonaic go raibh sé beagnach a trí a chlog….beagnach fiche uair sa leaba! D’eiríos agus chuaigh mé isteach sa seomra folcadh agus mo chosa ag lúbadh fúm. Bhí cailleach os mo chomhair sa seomra folcadh: Seanabhean le ceann tuí, poill dhorcha marbha ina raibh súile uair amháin, cuma an bháis ar a craiceann tirim, beola tirim gorma agus muineál tanaí turcaí aici……Cá bhfuil an bhean gealgháireach a bhíonn ós mo chomhair de gnáth sa scátháin seo? An dtiocfaidh sí thar n-ais ariamh???????? . Lion mé an folcadán agus isteach liom, an uisce te mar clóca faoisimh umam, agus aon uair a d’éirigh an uisce píosa fionnuara líon mé isteach níos mó uisce te le mo mhéar chosa, sa deireadh bhí roic ar mo lámha agus ar bhoinn mo chos ach téann siad go maith le aghaidh na caillí.

4 comments:

Séamas Poncán said...

Muise, bhí speabhraiídí ort mar a bheifeá sa trian deireanach de 2001 a Space Odyssey! Tá áthas orm gur tháinig tú slán ón aothú sin. Méigrim a bhí ort, is dócha.

Hilary said...

Grm agat a Shéamais, agus grm agaibh uile a chur emails chugam…(ach amháin ón duine a bhí ag lorg an LSD céanna)…………..táim thar n-ais ar mo shean-léim! Ach tá eagla orm amharc sa scáthán ar eagla na heagla…..
Saghas sruth mothúchán a bhí ansin, mo mhéar ag damhsa ar an méarchlár leis an scéal……..

Fearn said...

Dréacht mhaith scéil é sin agat, a Hil.

Nárbh fhada uait so sheanléim!

Fearn said...

Dréacht mhaith scéil é sin agat, a Hil.

Nárbh fhada uait do sheanléim!