Bheul, níl aon dabht ann ach go bhfuil Nollaig ag teacht. Gheall mé dom féin go mbéinn réidh go luath i mbliana agus beidh. Amach liom inné Crann Nollag a fháil. Baineadh geit asam ag tús an tseilg mar do bhí an gnáth foinse dúnta de dheasca tine ach chonaic mé go raibh saghas margaidh ar siúl i bpáirc thuas an bóthar ón bhfothrach. Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil orthu na crainn a gearradh go dtí go bhfuil siad “foirfe,” cuma fior triantán a bhíonn ar na crainn nollag i gcónaí faoi láthair. Sa deireadh tháinig mé ar ceann nach raibh gan cháim ar bith, bhí sé ar leaththaobh de dheasca, is docha, dha géag ar an mbarr in ionadh ceann amhain. Ochón ! Níl raibh sé ró mhór ach oiread agus mar sin ba sholéir go raibh sé déanta domsa. Bhí mo phuiscíní, Púca agus Banba, an sásta crann a bheith acu agus bhiodar ag dul suas agus ag teacht anuas an bréagan nua seo gan stad agus mise ag iarraidh é a mhaisiú. Ní bhíonn taithi acu le crainn fós; tá siad ró óg dul amach de dheasca na coyotes taobh amuigh. B’fhior snackfood iad dóibh. Anois tá cuma compórdach, glioscarnach ar mo chrann nollag sa seomra suite againn agus é le feiscint ó bun an cnoc agus sinn ag teacht abhaile sa dorchadas.
No comments:
Post a Comment