Monday, June 27, 2005

Saor ón gClog

Níl mórán le rá agam faoin deireadh seachtaine seo, de dheasca an teas b’fhéidir. Tá sé an-te le déanaí, 96 (35Cel) inné agus é geallta inniu chomh maith. Cé go bhfuil AC agam san oifig níl aon fonn orm a bheith ag obair nó ag déanamh ceo ar bith. Tuigim go mór Siesta na laethanta seo. Bíonn sé ró the dul amach ag siúil le Cara fiú.

Tháinig mo mháthair ar chuairt míosa, bíonn cabhair uaithi os rud é go raibh stróc aici beagnach deich mbliana ó shin agus í lán de bhrí ag an am sin. Bhain cúrsaí an mí seo chaite, an timpiste, an feitheamh, agus ansin sochraid Mhaire, neart aisti chomh maith agus bhí sí ag caitheamh an iomarca ama léi féin aige baile i gcathair Luimní. (Tháinig mo dheirfiúr léi ar an eitilt ag tabhairt cabhrach ach d’imigh sise ar ais go Tiobraid Árann díreach.) Tá súil agam nach gcuireann an teas seo isteach uirthi, ach bíonn sí i gcónaí fuar i Luimneach!

Bhíomar ag féachaint ar an PGA Golf inné ó Westchester Country Club nach bhfuil ró fhada uainn anseo. Fuair Pádraig Harrington ó BAC an chéad duais agus bhí áthas orainn, bíonn dreach gealgháireach air i gcónaí, fiú má bhíonn sé ar tí an cluiche a chaill. Cé nach mbím ag féachaint ar Golf de gnáth anseo tá an-taithí agam ar an gcluiche. Nuair a bhíos i dteach mo thuismitheoirí bhíodh na cuirtíní dúnta i gcónaí tráthnóna Shathairn agus Gailf, Leadóg nó Rugby ar an teilifís acu agus iad ina laochra na gcathaoireacha uilleann.

Tá na buachaillí críochnaithe le scoil anois, táimid go léir saor ón gclog, buíochas le Dia.

1 comment:

Unknown said...

I used to play games on PC for hours. But today I don't have time to play it for a hour.

Download Free Games for PC | Full Version PC Games