Friday, December 23, 2005

Leabhair

Le tamall anuas anois bím ag ceapadh go mbeadh sé suimiúil giota a scríobh anseo faoi leabhair.
Nuair a bhíos óg thosnaigh mé ag léamh na leabhair a bhí ag mo dheirfiúracha, iad ar scoil agus mise fós sa bhaile. Nuair a bhíos féin ar scoil bhíodh na leabhair léitheoireachta nua agam léite roimh dul ar ais ar scoil i mean fómhair…ansin thosnaigh mé ag dul chuig an leabharlann poiblí i gcathair Luimnigh ach ní raibh mo mháthair ró shásta le sin. Bhíodh na leabhar ón leabharlann sin salach go leor, dar léi, agus bhí sí cinnte go mbeadh galar éigin ag teacht isteach chugainn uathu! Go bhfoire Dia orainn!! Rud eile ná ní raibh sí sásta liom a bheith sa cheantar sin den chathair liom féin.

Ansin lean mé ag freastal ar Leabharlann Chontae Luimnigh ar Sráid Uí Chonnaill, …. Bhí orm a rá dóibh go raibh mé i mo chónaí in iarthar Luimnigh in ionad sa chathair. Ní raibh cead ag daoine ón gcathair leabhair a fháil san áit seo. Chuireas isteach seoladh mo sheanmháthair ar an bhfoirm, agus shínigh mo mháthair í, (Plean mo mháthair é seo mar chonaic sí go raibh díomá orm nuair nach raibh cead agam dul ar ais chuig an leabharlann phoiblí.) …..bhí ionadh orm ag an am… Peaca! Ach bhíodh sé an éasca dom rith isteach sa leabharlann chontae agus mise ag teacht anuas sráid Uí Chonnaill ón scoil um thráthnóna. Leabharlann bheag a bhí inti agus na leabhair uile glan agus clúdaithe le plastic. Ach bhíodar ardnósach go leor agus ní raibh aon rud ó pheann Enid Blyton ann…an rud céanna ar scoil. Le mo chuid bím lán sásta nuair a fheicim go bhfuil siad ag léamh, pé sort leabhar a bhíonn acu…… fantasy nó science fiction an cuid is mó den am.

Faoi láthair bíonn dhá leabhar idir láimhe agam de gnáth. Ceann amháin sa Bhéarla agus ceann eile sa Ghaeilge. Tá "Aistriú le Siobhán Ní Shúilleabhánbeagnach críochnaithe agam, trácht ar aistriú líonta tí go Contae na Mí ó Corca Dhuibhne atá ann, trí súile seanmhná agus í ag féachaint siar ar an tréimhse sin nuair a bhí sí in a cailín óg agus ag aistriú lena clann. Is aoibhinn liom an leabhar ó thaobh na Gaeilge de, saibhreas na teanga le ana chomhrá agus nathanna cainte le fáil ann. Foilsithe ag Cló Iar Chonnachta, molaim go mór é.
(Ní maith liom an slí in a cuireadh le cheile an leabhar ag na clódóirí áfach, clódóirí Lurgan in Indreabhán. Cé go bhfuil mo leabhar nua tá na leathanaigh ag titim amach cheana féin?)

Sa bhéarla táim i lár The Magic Mountain le Thomas Mann, bhuel nílim i lár fós, is fíor Mighty Tome atá ann, (agus trom leis! Tá clúdach chrua ar mo chóip ón leabharlann áitiúil anseo agus deacair é a léamh sa leaba.) Aistriúchán ón Gearmáinis faoi fear óg, meánaicmeach agus saibhir go leor, compordach, gan taithí mhór an tsaoil aige. Tá sé in ospidéal /Sanatorium TB, áit a chaitheann sé seacht mbliana roimh WW2. Osclaítear a súile agus faigheann sé saghas oideachais ann nach raibh le fáil ina dhomhan mór cé go raibh sé níos saoire "thios ansin" bhí sé i bpríosún a aicme féin.

Tosnóidh mé ar “In Inmhe” le Tomás Mac Síomóin go luath. Luaigh mé é cúpla seachtain ó shin. Ní bhfuair mé aon eolas eile ó Chailín faoi a club leabhar ach leanfaimid ar aghaidh anseo! Cuirfidh mé nasc ar an taobh deis sa bhlag anseo faoi.

Rud eile, fuair mé roinnt mhaith emails ó léitheoirí le déanaí, go mór mhór tar éis an píosa sin faoi clann m’athair. Go raibh maith agaibh. I bhfad uaibh an anachain.
Mar sin chuir mé nasc “Email me” ar an taobh deis inniu. Níos éasca ná dul ar thóir mo sheoladh ríomhphoist trí Próifíl.

Beidh mé críochnaithe san oifig inniu ar feadh deich lá!
Inniu plean agam gach rud a chur in ord don Athbhliain, na chomhaid nua agus araile. Beidh tús maith agam i 2006!


1 comment:

Anonymous said...

here for a moment, good night.