Wednesday, December 14, 2005

Sult i NY

Rinne mé dearmad cur síos a dhéanamh faoin oíche sa phubcheoil, Dunnes of White Plains, an tseachtain seo chaite. Oíche fhíor fhuar a bhí ann agus cheapas agus mise ag imeacht nach mbeadh ach an corr duine ann…….(Deir cara agam go bhfuil lucht na teanga i NY “ana chorr” ar fad!) Sa deireadh tháinig dream mhaith le cheile, tháinig mise agus mo chara Seán ón dtuaisceart, tháinig dream ón gcathair agus ón gceantar sin, White Plains, agus fiú duine amháin, Eibhlín, ó Long Island. Bhí craic againn, bia bhreá, cúpla deoch, ceol iontach ó Brian Conway agus a chairde, dáréag acu! Ní éiríonn na ceoltóirí seo tuirse ar chor ar bith de réir dealraimh! (“Bord na Gaeilge” a thugadh orainn agus iad ag tiomaint píosa cheoil dúinn.) Bhí sé go deas an teanga a chloisteáil go nádúrtha mar seo agus sinn uile ag baint taitnimh as an gcomhluadar, ceol agus caint. Tá aithne againn anois ar na custaiméirí seasta, agus iad siúd orainne, ní fada go mbeidh cúpla focal acu uilig.
Plean againn teacht le cheile arís sa phub seo ar an gCéad Céadaoin eile, an 4ú Lá de Mhí Eanáir agus faire, beidh mo ceamara agam.

7 comments:

mark bodah said...

Tá fuaim deas air sin! Is mían liom go raibh mé ann. Ba dúil mór agam a bheith ag caint le daoine mar sin as Gaeilge, agus bhainfinn ana-sult as an oíche cheoil. Leanaigí oraibh!

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Ba chóir duit a bheith linn an chéad uair eile a Mhairc! H

mark bodah said...
This comment has been removed by a blog administrator.
mark bodah said...

Déanfaidh mé iarracht; beidh mé ansin más féidir liom teacht...

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Go breá. Ansin b’fhéidir go mbeidh “Sult,MA” agaibh thuas ansin i bpub oíche éigin.... Nach mbeadh sé sin iontach? Beimid i dteagmháil...

Anonymous said...

Le haghaidh oícheanta mar seo foghlaimítear Gaeilge. Ba foirfe é.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Tá an cheart agat a Sheáin. Bíonn sé i bhfad níos éasca, dar liom, foclóir nua agus rithim an teanga a fháil trí mheán na cainte.