Táim ar ais. Bhí mé ar turas deich lá. Ar dtús chaitheas an deireadh seachtaine seo chaite in
Anois ar ais agus cairn mór oibre os mo chomhair inniu.
Táim ar ais. Bhí mé ar turas deich lá. Ar dtús chaitheas an deireadh seachtaine seo chaite in
Anois ar ais agus cairn mór oibre os mo chomhair inniu.
Fuaireas an t-eolas go bhfuil an blog seo ar an liosta faoi: Best Use of Irish in a Blog. Mar sin a chairde, téigh chuig an suíomh agus caith bhúr vótaí…..inniu!!!
D’oscail mé tarraiceán na cistine ar maidin agus mise fós i mo chodlatán agus cé a bhí ann ach luch bheag ag rith timpill idir na sceana agus na foirc. Baineann lucha geit asam i gcónaí. Is fuath liom iad. Ligeas scread asam agus d’imigh sé go tapaigh áit éigin idir an tarraiceán agus an falla agus mise fágtha scriosta, mo chroí ag bualadh go trom. Lag….. Bíonn
Fuair buachaill beag eile, ceithre bliana d’aois, bás le déanaí in NYC ó drochíde. Ba iad a mháthair agus a fear a bhí ciontach, go mór mhór an fear seo, ocht mbliana déag d’aois agus brúidiúil..... níorbh é athair an paiste é…....agus níor dhein an máthair aon rud a mac a shábháil óna bhualtí uafásacha arís is arís eile. Ní raibh seans ag an mbuachaill seo ón dtús. Ní chreidfeá na gortuithe.
Bhí sochraid an pháiste inné, léigh mé trácht ar sa NYTimes. Bhí breis agus nócha daoine ann agus agallaimh le cuid acu ar an bpáipéar. Bhíodar go léir scriosta agus ag caint faoin buachaill beag seo agus an spiorad a bhí ann agus araile, ach cá rabhadar nuair a bhí sé ag fulaingt?
Oíche Aoine i nGlucksman’s House NYU. Bhí an ceolchoim ana mhaith ar fad agus lucht éisteachta mór, bhí an teach lán chun dorais! ní raibh suíochán fágtha nuair a shroicheamar. Cé go bhfuil cuma tromchúiseach agus stuama orthu sa phictiúr seo, mar a bhíonn ar ceoltóirí cheoil gaelach i gcónaí, bhí an ceol beoga agus iontach mar is gnách ón dream seo. Sa lár Gearóid Ó hAllmhuráin agus Patrick Orceau, ar chlaí Ivan Goff agus ar dheis
Bíonn cur síos stairiúil ag Gearóid roimh gach píosa cheoil, nó ar a laghad thugann sé píosa faoi cúlra an údair dá lucht éisteachta. Cuireann sé seo buntomhas ana thábhachtach ar an gceol agus ar ndóigh ar an gceolchoirm uile. Ba mhinic a bhí an sean cheol agus an stair fite fuaite le cheile, seans na ceoltóirí a bhuíochas, a bhrón agus araile a chur in iúl. Ba mhinic leis a bhí na mothúcháin ceangailte le cúrsaí staire nó cúrsaí sóisialta (iad féin bunaithe sa stair). Tá sé seo le feiceáil chomh maith i stair litríocht na hÉireann, tháinig cas ar an litríocht le cásanna polaitíochta. Níl se sin le rá nach raibh greann, dóchas agus craic ann, ‘s iad sin na comhábhair a gcuireann an snas Éireannaigh ar an gcultúr.
Bhí seisiún breá cheoil againn oíche Chéadaoin sa phub Dunne’s i
Scríobh mé go magúil lá ó shin faoin dúil nach beag a bhíonn orm le déanaí ar Caife Mocha, dúil soineanta go leor. Ansin inné bhí mé ag léamh sliocht gearr faoi Pete Doherty, sin an ceoltóir “mór le rá” sa bhána cheoil Babyshambles. Is cosúil go bhfuil sé níos cáiliúla faoi láthair óna gheáitsí de dheasca drugaí….ná óna chuid cheoil. Ach bíonn duine nó beirt mar sin i gcónaí sa domhan roc cheoil, ar an imeall mar a déarfá, ach fós féin le lucht leanúnaí a mhaitheann gach peaca agus a bhaineann an taitneamh as a shaothar in ainneoin a chóras iompair, nó b’fhéidir de bharr sin? Bhí mé ag tiomaint áit éigin agus tharla go raibh CD The Pogues sa charr liom, d’éist mé arís ar Rainy Night in