Monday, February 27, 2006

Fos beo!

Táim ar ais. Bhí mé ar turas deich lá. Ar dtús chaitheas an deireadh seachtaine seo chaite in Esopus NY. Deireadh seachtaine na Gaeilge a bhí i gceist. Bhí deichniúr againn ag múineadh agus timpeall céad daoine ann ag foghlaim na teanga. Níos mó ar ball faoi sin. Bíonn sé i gcónaí go breá a bheith páirteach.

Ansin chaitheas seachtain i dtuaisceart an stáit ag sciáil. Seachtain bhreá a bhí againn ó thaobh an sneachta de, ach bhí timpistí ar an sliabh an tréimhse seo. Fuair aon fear amháin bás Dé Luain, trócaire Dé air. Chuaigh sé as smacht ar fána ghéar go luath ar maidin, bhí an taithí aige le sciáil ach fós féin ní raibh seans aige ar an bhfána sin, fuair sé bás ar an sliabh............ Le sin bhí ceathrar gortaithe go dona i dtimpistí éagsúla. Bhí ar duine amhain acu dul chuig an ospidéal i helicopter. Baineadh na timpistí sin geit asainn uile a bhí ann, is minic a bhíonn baol ann i ngan fhios duit, duine eile as smacht a bhuaileann fút.

Anois ar ais agus cairn mór oibre os mo chomhair inniu.

3 comments:

Séamas Poncán said...

An bhfuil aon suim agat dul faoi agallamh ar mo phodchraoladh, a Hillary? Ba bhreá liom caint leat faoin deireadh seachtaine sin, agus araile. Scríobh chugam ag JamusN@aol.com má tá.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Beidh mé ag labhairt leat. H

mark bodah said...

tá athás orm go bhfuil tú sabhailte, a Hilary. Ghortaigh mé mé féin ag sciáil nuair a bhí mé i mo bhuachaill óg. Thóg mo mhaithair suas an sliabh mé, ach ní raibh mé ag sciáil ach lá amháin! ouch. Chas mé mo ghlúin, sin a méid.