Monday, May 22, 2006

Inniu..ugh.

Críochnaigh mé píosa oibre aréir, beidh sé ag dul go dtí an clódóir inniu, b le D. Bhí brú orm leis an bpíosa sin le coicís anuas agus bhíos ag éirí bréan de. Chomh luath agus a chroitheas an moncaí sin ó mo ghualainn aréir tháinig slaghdán orm ina h-ionad díreach. Bhí an slaghdán ag sleamhnú sa chúlra ar feadh trí nó ceithre lá gan seans ionsaí orm. Bhíos ró gnóthach! Ach bhraitheas na comhartha, scornach tirim go leor oíche Chéadaoin agus Déardaoin, corp trom dé Sathairn ach ní raibh tinneas orm.
Ach aréir, chomh luath agus a críochnaigh mé an jab agus é slán ar na CD’s, shuigh mé le G & T (a bhí tuillte go mór agam) os comhair an teilifís ag súil le Bleak House (Bhí an DVD agam cúpla lá gan seans féachaint air). Bhraitheas ar feadh aga an ardú brí le imeacht an moncaí, ach ansin, díreach orm an srón stoptha agus na súile troma, tús le scornach tinn chomh maith. Tháinig tinneas cinn i lár na hoíche.

Inniu..ugh. Ba mhaith liom mo cheann a bhain díom agus mo chorp a líonadh le drugaí.

7 comments:

Anonymous said...

Tá brón orm, a Hilary. Tá súil agam go mbeadh tú teacht chugat féin go luath.

aonghus said...

Tuigim dhuit. Is minic tinneas i ndiadh racht oibre ormsa freisin.
Biseach luath ort.

Anonymous said...

Bhí tuirse an domhain ormsa tar éis an deireadh seachtaine sin chomh maith, a Hilary. Thit mé i mo chodladh nuair a shroic mé m'árasán. Ag an am céanna, bhí sé ar fheabhas a bheith a ghlacadh páirt in imeacht chomh beomhar croíuil mar a bhí sé.

Lig do scith, agus tá súil agam go mbeidh biseach ort. Fuisce te deas, b'fhéidir??

Paul

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Go raibh maith agaibh! Táim i bhfad níos fearr inniu, beagnach ar ais ar mo shean léim! Tá an tinneas cinn imithe agus níl fágtha ach fuílleach an tslaghdáin, an chasacht anois is arís….. níos tábhachtaí ná tá an ghrian ag taitneamh agus sa deireadh teas san aer!

Anonymous said...

Shíl mé gur ubh a ndearna dochar duit. Ugh=ubh i nGaeilge na hAlban.
Coinnigh do shláinte, a ghirsigh

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Focal nua dom! An fhuaim céanna? Is aoibhinn liom ugh, i ngach slí ach amh.

Anonymous said...

Fuaim: níos cosúla le "uch" ná ubh.

Is breá liom ubh bheirithe gach dara maidin: uibheacha orgánacha gleoite agam anois. um! blasta!