Tuesday, June 06, 2006

Imeachtaí an tSamhraigh

Cé go bhfuil an samhradh buailte linn níl an aimsir ró mhaith inniu ná inné, níor stad an fhearthainn thar an deireadh seachtaine ar chor ar bith, tá na Peonies sa ghairdín scriosta! Chuala mé go bhfuil an aimsir ar fheabhas in Eirinn! Aimsir Mediterranean!

Beidh mé ag imeacht ar mo laethanta saoire féin amárach sa throe sin, go dtí Barcelona. Ní saoire ró fhada í, deireadh seachtaine fhada atá i gceist. Ní raibh mé sa Spáinn ach uair amháin cheana, tá breis agus fiche bliain ó shin nuair a bhíos fós ar an ollscoil. Is oth liom a admháil nach bhfuil Spáinnis agam ar chor ar bith, agus is cúis náire í sin agus mé i mo chónaí sna SAM. Táim ag súil go mór leis an tréimhse seo, agus os rud é go bhfuil sí gearr go leor ní bheidh gach rud faoi bhrú sa ghairdín anseo má thagann an ghrian ar chuairt agus an garraíodóir as láthair.

Cad a bhíonn ar siúil againn maidir leis an teanga amach anseo? Beidh téarma gearr ag an Scoil Chois Claí, lonnaithe in IONA college, coláiste Í, New Rochelle, i Westchester NY. Tiocfaimid le cheile ocht uair, sé cinn sa seomra ranga agus dhá uair sa phub i gcomhair gnáth oíche shóisialta trí mheán na Gaeilge. Plean againn tús a chur ar an téarma seo ar an 21ú Meitheamh.
Tá lucht na teanga i Mass. an ghnóthach ar son na gaeilge faoi láthair: Beidh Lá na Gaeilge, faoi stiúir Tom Moriarty, ar an 17ú Meitheamh in Elms College, Chicopee. Beidh dream againn ó NY, (ón Scoil Chois Clái ach go háirithe,) ag dul ann cabhair a thabhairt in aon slí atá uaidh, meitheal! Agus beimid go léir ar ais i Mass. ar an 8ú Iúil nuair a bheidh Lá na Gaeilge i bPetersham…

5 comments:

Anonymous said...

Bhíos ag caint le mo chlann 's mo cháirde in Éirinn dé Luain, agus iad an-áthasach ar fad leis an aimsir deas. D'fhan mé i mo thost...bíonn an aimsir go h-iontach anseo i bPerth gach lá, cé go bhfuilimid i lár an geimhridh :-)

Anonymous said...

Tá súil agam go bain tú taitneamh as do thuras. Ach bí an-cúramach...ní hé an Spáinnis an príomh-theanga anseo ach an Catalóinis! Is dóigh liom go bhfuil sé níos cosúla leis an Fraincís ná an Spáinnis.

Anonymous said...

Beidh mise ag dul go dtí baile in aice le Barcelona i gcupla ceann seachtain ar son Linux (www.guadec.org). Ar an drochuair nil Spainnis na Cataloinis agam ar chor ar bith. Ach ta fraincis maith agam.

Sean

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

A Chairde,
Táim ar ais tar eis an turas gearr. Is cathair álainn í Barcelona. Ach faraor, tá sí plódaithe le gadaithe. Níl nóiméad slán ag éinne ann, áit ar bith! Níos mó sa bhlog faoi seo le déanaí.
Ní raibh fadhb agam gan an teanga áitiula áfach....

B’fhéidir go rachaidh me go Perth an chéad uair eile! Níor chuala mé droch scéal fuithi.......?

Anonymous said...

Is aoibhinn an cathair í Perth "gan mhairg, gan mhoill ar shoilse an lae."