Tuesday, June 20, 2006

Jimmy McCarthy: Níos Teo de bharr an Spréach.

Tháinig mé ar sheanghrá ag an deireadh seachtaine agus rith sé liom díreach go raibh mé fós i ngrá leis. Cé go raibh sé as mo smaointe ar feadh ní ba mhó na dhá bhliain anuas. CD de shaothar Jimmy McCarthy atá i gceist.

Bhraithim anseo i NY go bhfuil ana mheas ag mo chairde Ghael-Mheiriceánaigh ar na seana amhráin agus na seana bhailéid gaelacha. Bíonn na focail go léir acu! Bíonn siad i gcónaí compordach á chanadh mar ba mhinic a bhíodh na hamhráin céanna le cloisint ina dtithe féine agus iad ag fás aníos le tuismitheoirí nó sean thuismitheoirí gaelacha, iad siúd ag iarraidh teagmháil a choimeád ar a gcultúr gaelach trí mheán an cheoil nó trí mheán na n-amhrán.

Níor bhraitheamar agus sinn óg aon brú ar ár gcultúr mar bhíomar sáite léis, cé go raibh athrú ag teacht ar an saol. (Nach dtagann athrú le gach glúin?) Bhíos lán sásta le ceol agus amhráin a thagadh ó gach uile áit. Bhraitheann na cinn is fearr, dar liom, ar saol an éisteora ag an am. Cé nach raibh mórán spéise agam sna seana chinn Éireannacha, an traidisiún seanós srl., bhíodar go léir ionam in ngan fhios dom féin, tar éis na mblianta ar scoil, ag éisteacht ar an raidió, clár Waltons, Mo Cheol Thú le Ciarán Mac Mathúna agus araile.

Nuair a bhios i mo dhéagóir óg chuala mé Clannad, The Horslips, Christy Moore, Mary Black agus a leithéid agus ar aghaidh liom le suim sa cheol agus sna hamhráin seo. Bhíodar chomhaimseartha, ach fós féin, le meas ar ár gcarachtar Éireannaigh. Bhíodh meas ar ár stair agus ar ár gcultúr ann chomh maith, i slite éagsúla. Tháinig mé ar shaothar Jimmy McCarthy, trí na hamhránaí mór le rá eile a bhíodh á chanadh. D’aithin gurb ealaíontóir le focail agus ceol é. Bhí féith na filíochta in a chuid shaothair.

Le fada anuas níor chan sé a chuid féin, nó ní raibh a fhios agam mar chan, go dtí gur tháinig mé ar an CD seo blianta ó shin. Cnuasach dá chuid le Mary Black, Christy Moore, Tommy Fleming, Maura O’Connell agus eisean féin ag canadh ina dteannta fiú. Warmer for the Spark. (Cnuasach a h-aon)

Nuair a tháinig mé ar an sean CD i mo chnuasach ag an deireadh seachtaine tháinig gliondar orm. Tá a shaothar chomh úr agus a bhí sé riamh agus thit mé i ngrá leis arís. Go mór mhór le Mystic Lipstick, amhrán faoi cultúr na nGael, saghas filíochta fáithchiallach (allegorical), agus My Singing Bird, faoi cailliúint agus buairt. Cé go bhfuil an dá ceann sin brónach go leor labhraíonn siad liom i slí áirithe. Leis an fhírinne a rá, tá gach amhráin ar an CD seo ar fheabhas. Is aoibhinn liom Love Devine chomh maith, le Maura O'Connell.
Sin an fáth is dócha gur raibh an CD ar cúl an chairn, ag feitheamh orm go dtí go raibh mé réidh.

Dheineas “Google” ar a ainm ag iarraidh a fhail amach an bhfuil “cnuasach a dó” le fáil aon áit. In ionad an eolais san fuaireas amach gur chum Jimmy McCarthy (éigin) ceann des na hamhráin don Comórtas Eurovision ar son na tíre i mbliana! An EUROVISION!!! An uair deireanach a bhfaca an comórtas sin, tá b’fhéidir trí bhliain ó shin, bhí sé mar shorcas. Daoine ar bheagán éadaí ag léim anseo is ansiúd agus iad ag screadaíl! Ba mhór an spóirt a bhí acu de réir dealraimh. Bhíos i dtigh mo thuismitheoirí ag an am agus bhaineadar beirt an-taitneamh as an spraoi agus an spectacle, ba chuma na hamhráin!
Faire Billy Smart!

Ach, arbh é an Jimmy McCarthy céanna é? Má ba é, is dócha go raibh caighdeán ní ba airde sa chomórtas i mbliana ná le blianta beaga anuas.

Agus, cá bhfuil cnuasach a dó dá shaothar?

2 comments:

Conn said...

Hi Hilary,

D'eisigh Jimmy albam den scoth i 1991 ar a dtug sé "The Song of the Singing Horseman". Bhí na mór-amhráin go léir air, chomh maith le seoda eile leis ná raibh an cháil chéanna orthu, agus gach uile ceann acu canta ag Jimmy é féin. An seod is gile ina measc, im thuairimse, ná an teideal raon féin "The Song of the Singing Horseman".

Nuair a léigh mé do phíosa, chuaigh mé i mbun gúglála don albam sin - agus chuir toradh mo chuardaigh iontas orm. Is cosúil nach bhfuil sé ar fáil!

Ní thuigim seo. Tá Jimmy ar duine des na cumadóirí amhrán is tabhachtaí in Éirinn im' thuarimse. Níl a shárú ann. An bhféadfadh go bhfuil sé dearmadta ag an bpobal?

Maidir leis an Eurofís, níl meas muice agam air mar chomórtas. Bhí an t-amhrán a roghnaíodh ar son na h-Éireann an-lag im' thuairimse - ach ba amhrán "deas, taitneamhach" é mar sin féin. Vóta an phobail a bhí i gceist, sílim (le teachtaireachtaí téacs) - agus cé nár chuala amhrán Jimmy - bhí an sórt fonn ag amhrán Bhrian Kennedy gur dhóigh leat go raibh sé deas taitneamhach mura gcloisfeá ach dhá uair é. An saghas ceoil atá ag Jimmy MacCarthy - dá mhó a chloiseann tú é 'sea is mó a théann sé i bhfeidhm ort - ach bhí an ceann a bhuaigh cosúil le spúnóg siúicre: deas, cinnte - ach gan substaint - "calories" folmha!

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

"An bhféadfadh go bhfuil sé dearmadta ag an bpobal?"
Níl a fhios agam, sin an cheist atá agam chomh maith, an bhfuil sé fós in Eirinn? fós ag scríobh?
Déanfaidh mé tuilleadh taighde.