Wednesday, July 05, 2006

An Fhírinne Mhí-Chaoithiúil

Chonaic mé “An Inconvenient Truth” oíche aréir. Scannán le Al Gore faoin cruinne agus í ag éirí níos teo, agus torthaí an drochfhorbairt seo. Tá Gore tógtha leis an ábhar le tamall anuas anois agus é ag dul timpeall an domhain ag tabhairt léachtaí faoi, ansin cuireadh le cheile scannán bunaithe ar a sraith leachtanna. Cé nach raibh mórán eolais nua ann bhí sé an suimiúil agus curtha le cheile go breá. Tá athruithe le feiceáil ar na haeráidí éagsúla agus torthaí na n-athruithe céanna inár gcórais aimsire. Is é an chomhairle ná go bhfuil orainn uile a bheith feasach agus toilteanach eachtra beaga a dhéanamh inár saolta féine. Athchúrsáil, gan fossil fuels a úsáid ár dtithe a choimeád te srl ach gan fíor tacaíocht ón rialtas ní fheadar an leor sin? Bíonn an chuid is mó ró leisciúil ar fad athrú a dhéanamh ar a saolta, nó ró aineolach….leis sin tá an scannán seo ana mhaith agus "Tús Maith…..", mar is eol dúinn….…(Tá súil agam ach go háirithe.)

Eolas faoin scannán

6 comments:

Séamas Poncán said...

Seo léamh eile ar an scéal:

http://www.nationalreview.com/goldberg/goldberg200604210711.asp

Anonymous said...

Is dóigh liom go bhfuil Jonah is Al ar aon fhocal i dtaobh an dochair.Ach deir Al: tá sé in am do mhachnamh a dhéanamh. Deir Jonah: Ní gá dul roimhe.

Dar liom, is fiú i gcónaí aire a thabhairt dár ngnóthaí

Séamas Poncán said...

Níor thuig mé Jonah mar sin ar chor ar bith. Deir sé gur cóir dúinn bheith réasúnta agus rudaí a dhéanamh mar gheall ar thuiscint cruinn, agus luach an bhirt a thomhas sula ndéanfar aon rud. Dar le hAl, tá an spéir at titim.

Anonymous said...

Sin é a shéamais. Tá siad ar aon fhocal go bhfuil na píobáin ag sceitheadh. Deir Ail go bhfuil sé tráthúil fios a chur ar an bpluiméir. Deir Ióna gur caitheamh amú airgid é sin.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Bhíos féin amhrasach faoi Al ar dtús mar bím amhrasach faoi polaiteoirí go ginearálta. Cheapas go raibh air fonn nua a sheinm agus é éirithe as cúrsaí polaitiúil, ach fiú más é sin foinse a fuinneamh is cuma…..Bíonn ar gach duine athrú a dhéanamh ó am go ham agus cosán nua a ghlacadh ina shaol agus is tábhachtach i an port seo. Níl sa cholún an Jonah seo ach é ag iarraidh a bheith gortach, (cad é an Ghaeilge ar begrudger?) . Is fíor go bhfuil athruithe ar siúil i gcónaí maidir leis an gcruinne, cúrsaí na héabhlóide, ach is í an fhadhb go bhfuil na hathruithe seo ag tarlú bhfad ró thapaigh, an féidir linn smacht a choimeád ar an damáiste atá déanta cheana agus cruinne shlán a thabhairt dár ngar pháistí?

Séamas Poncán said...

Fadó fadó, scríobh Gore leabhar faoin ndúlra - ní fonn nua dó seo. Earth in the Balance an teidil.