Thursday, September 07, 2006

Breithlá 94 bliana d'aois

Tháinig an ghrian ar ais tráthnóna inniu tar éis turais coicíse. Bhí eagla ag teacht orm go raibh sí imithe don bhliain.
Thugas cuairt ar Br O Cúinn ar a bhreithlá, 94 bliana d'aois. Tá sé ag déanamh go diail, i lár ár gcomhrá luaigh sé focal nach raibh agam, dileagra. Chuireas ceist air faoi, ach ní raibh sé in ann teacht ar an focal ceart i mBéarla. “Sin a tharlaíonn le meath na seanaoise, aduirt sé liom, bíonn sé deacair teacht ar an bhfocal i mBéarla anois is arís, tá súil agam nach mbeidh an trioblóid chéanna agatsa nuair a bhíonn tú 94!“ Ar aon nós ní raibh trioblóid aige an focal a litriú agus tháinig mé ar an míniú: léacht / address.

Ma ba é an fhadhb amháin a bheidh agam i gcionn caoga bliana bheidh mé lán sásta! Faoi láthair is minic a bhíonn sé deacair go leor domsa teacht ar mo spéaclaí, ...bíonn siad i gcónaí ag dúl i bhfolach i ngan fhios dom agus ansin an- deacair teacht orthu nuair nach bhfuilim in ann aon rud a fheiscint i gceart. Rotha mór na Faidhbe!

3 comments:

Anonymous said...

Go maie sé an chéad is a chorradh

Anonymous said...

Ém? Go maire sé!

Séamas Poncán said...

Is fear iontach deas é. Bhuail mé leis, buíochas leatsa, ag Lá na Gaeilge. Guím gach beannacht is rath air.