Tuesday, September 05, 2006

Cara ag imeacht!

Tá cara agam ar tí bogadh go North Carolina. Bhuaileas léi beagnach dhá bhliain déag ó shin, tamall gearr tar éis teacht go Nua Eabhrach. Bá í duine de mo chomharsan béal dorais ag an am san, nuair a bhí teach ar chíos againn anseo. Cé go bhogamar trí bhliain ina dhiaidh sin chuig ár dtigh féinig níl an ceann nua ró fhada ón sean comharsanacht.

D’éirigh cairdeas eadrainn ní hamháin mar ba rud é go raibh macín uirthi, chomhaois le cheann agamsa ag an am, ach níos mó mar tá suim mhór aici i léitheoireacht agus bhaineamar taitneamh ó shin i leith as leabhar a mholadh, a mhalairt agus a phlé, rud eile a tá eadrainn ná an féith grinn céanna, nó, is fíor a rá go bhfuil tuiscint mhaith ar an ngreann againn sa slí céanna... mar sin bíonn an-chraic againn le cheile i gcónaí.

Nuair a bhuaileas léi bhí sí scaradh ach ar tí pósadh arís, ach faraor níor éirigh an tarna pósadh ach oiread. Trí na bliana chonaiceamar, mé féin agus na mná eile atá inár ngrúpa beag na gcarad, beirt fhear eile ina saol, ach amach leo siúd chomh maith tar éis timpeall dhá bhliain nó dhá bhliain go leith léi, fós féin bíonn sí cinnte go bhfuil duine “foirfe” áit éigin ag feitheamh uirthi! (Ní fheadar an bhfuil áfach, mar ní fheadar an bhfuil éinne “foirfe” ar chor ar bith?)
Tá uirthi bogadh mar tá sé ró chostasach dí fanacht sa timpeallacht seo. Bíonn an cháin talún ró ard, costas na hollscoile (an mac). Bíonn cúram a máthair ar a gualainn chomh maith, seanbhean breis agus ceithre scór bliana d’aois, a mair sa cheantar seo a saol iomlán.

Is mór an trua é go raibh uirthi an chinneadh seo a dhéanamh, nach féidir léi fanacht i NEabhrach de dheasca costas na maireachtála. Tá brón uirthi ach níl an tarna rogha aici, dar léi, agus í ag machnamh ar an dtodhchaí. Bíonn meon dearfach uirthi i gcónaí.

Feicim go ndéanann cuid mhaith daoine sa tír seo cinntí mar seo, nach féidir leo, nó nach maith leo, fanacht san áit inar chaith siad a saolta iomláin.

Beidh níos mó fágtha ag mo chara ina sparán aici ag deireadh na míosa thíos i N.Carolina agus tá post maith faighte aici ann. Tá áthas orm nach bhfuil sí ag dul go Florida….. an chéim dheireanach sa tír seo, roimh an uaigh!

3 comments:

Anonymous said...

Go n-éirí a bóthar le do chara agus ná raibh cian ortsa de dhroim cumha ina diaidh.

Ach cogar, cad is cáin talún ann?

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Tuigim go bhfuil sí ag déanamh an cinneadh cheart dí féin. Sin an rud is tábhachtaí.
Maidir leis an cháin talún (bhuel talún agus scoile le cheile) sa cheantar seo i NY, bíonn sé ard agus i gcás mo chara sílim timpeall $7000 in aghaidh na bliana, sin beagnach $600 breise, tar éis an mortgage gach mí agus níl teach mór aici, gan gairdín tosaigh agus le cúl gairdín ana bheag

Anonymous said...

Is mór an t-airgead é, ceart go leor.